Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Comhairliúchán

Dréacht-Tosaíochtaí Straitéiseacha 2027–2029 de chuid an Choimisiúin Toghcháin

Tá an Coimisiún Toghcháin ag lorg ionchur ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal maidir lena dhréacht-Tosaíochtaí Straitéiseacha le haghaidh 2027–2029, a chuirfidh eolas agus treoir ar fáil d’obair an Choimisiúin sna blianta amach romhainn.

Níor athraigh uaillmhian ár n-oifige:

Tá Éire ina ceannaire domhanda i sláine, rannpháirteachas agus iontaoibh toghcháin

Tá na leibhéil rannpháirteachais in imeachtaí toghcháin is airde ag muintir na hÉireann, agus aithníonn siad iad mar imeachtaí córa, saora agus neamhchlaonta agus tá meas acu orthu dá réir.

Mar sin féin, táimid ag moladh an chaoi a gcomhlíonaimid ár dTosaíochtaí Straitéiseacha a choigeartú chun ár seirbhís a neartú, rud a chuirfidh ar ár gcumas ár n-uaillmhian a bhaint amach.

Tóg ár suirbhé gairid ceithre cheist thíos chun do thuairimí a roinnt faoi na 5 phríomhthosaíocht straitéiseacha atá molta againn mar atá liostaithe thíos.

Ár Dréacht-Tosaíochtaí Straitéiseacha

Tosaíocht Straitéiseach 1

Sláine agus éifeachtacht an chórais toghcháin agus riaracháin toghchán a fheabhsú.

Tosaíocht Straitéiseach 2

Taighde neamhspleách toghcháin a dhéanamh agus tacú leis chun bonn eolais a chur faoi athchóiriú toghchán atá bunaithe ar fhianaise.

Tosaíocht Straitéiseach 3

Feabhas a chur ar fheasacht agus eolas an phobail ar an bpróiseas daonlathach agus a rannpháirteachas leis

Tosaíocht Straitéiseach 4

Leas an phobail a chosaint trí chomhlíonadh ceanglas rialála a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú trí rialáil chóir, chomhréireach agus éifeachtach.

Tosaíocht Straitéiseach 5

Cumas agus sármhaitheas eagraíochtúil a spreagadh trí scileanna, ceannaireacht agus tiomantas ár ndaoine.