Skip to main content

Your Vote is Your Voice

Constituency Review Submission from Pádraig Ó Cuinneagáin

Pádraig Ó Cuinneagáin

Submission ID: S422

Date

10/05/2023

Constituency

National Issues

Search submissions

Moltar go go gcuirfidh An Coimisiún Toghcháin Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 & 2021 i bhfeidhm go hiomlán maidir le cearta teanga Shaoránaigh na hÉireann i dtaca leis an Ghaeilge agus seirbhísí an stáit ar bheith ar fáil i nGaeilge.

Moltar go mbeadh ainmneacha na dtoghcheantar agus na bhfocheantar togchánaíochta uilig de chuid an stáit (logainmneacha, seoltaí,bailte fearainn, bailte, sráideanna srl) in úsáid i nGaeilge. Ná fágtar logainmneacha Gaeilge ar lár agus bíodh logainmneacha Gaeilge ar fáil do lucht úsáide na Gaeilge sa stát seo.

Mioltar go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i ngach ábhar poiblíochta de chuid an stáit maidir le toghcháin, reifrinn srl – foilseacháin, ar líne, comharthaíocht, stáiseanóireacht srl.

Moltar go mbeadh an Ghaeilge  in úsáid ar chomharthaíocht agus abhár eolais uilig de chuid thoghcháin agus reifrinn an stáit – ionaid vótála agus ionaid chomhairmh san áireamh – cló mór in úsáid don Ghaeilge agus ní cló beag.

Is mise

Pádraig Ó Cuinneagáin

Search submissions