Seoltar Feachtas na Reifreann le Tiomantas d’Eolas Neamhspleách, Soiléir agus Inrochtana

25 Eanáir 2024 – Seoladh an feachtas eolais neamhspleách inniu le haghaidh an dá Reifreann a bheidh ar siúl an 8 Márta, le tiomantas ó Chathaoirleach choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, an Coimisiún Toghcháin, gur féidir le daoine brath ar an gCoimisiún le haghaidh eolas atá neamhspleách, soiléir agus inrochtana.

Tá an Coimisiún Toghcháin i mbun an ról a bhíodh ag an gCoimisiún Reifrinn chun feachtas eolais a chur ar shúile an phobail le haghaidh an dá Reifreann Bhunreachtúla a dhíríonn ar Chúram agus an Teaghlach.

Nocht an Coimisiún a leabhrán eolais inniu, agus seolfar cóipeanna priontáilte de go 2.3 milliún áit chónaithe ar fud an Stáit roimh an vóta ar an 8 Márta. Ní thaobhaítear le taobh amháin ná leis an taobh eile sa leabhrán; leagtar amach an méid atá á mholadh sa dá vóta agus éifeacht dhlíthiúil na vótaí sin.

Sheol an Coimisiún a shuíomh gréasáin reifreann freisin (www.electoralcommission.ie/referendums) ar a bhfuil eolas faoi vótaí an 8 Márta agus faoin gcaoi le vóta a chaitheamh.

I ndiaidh imeacht seolta an lae inniu, tá an Cathaoirleach páirteach i sraith tosaigh de chuairteanna an fheachtais eolais i dTulach Mhór, sa Droichead Nua, i Sligeach agus i nGaillimh, chun bualadh le hoibrithe monarchan, grúpaí spóirt pobail, grúpaí ealaíon agus daoine ón Lucht Siúil.

Ag labhairt di inniu le mic léinn ag an seoladh, a reáchtáladh ar champas Ghráinseach Ghormáin de chuid OT Bhaile Átha Cliath, dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, an Breitheamh Marie Baker den Chúirt Uachtarach:

“Tugann an dá Reifreann seo rogha do dhaoine ar an gcéad dul síos an chaoi a n-aithnítear aonad an teaghlaigh inár mBunreacht a choinneáil nó a athrú, agus ansin an chaoi a n-aithnítear an ról a bhíonn ag daoine a thugann cúram dá mbaill teaghlaigh a aithnítear ar an dara dul síos. Is dhá vóta thábhachtacha iad seo a chabhróidh lenár ndlíthe amach anseo agus cinntí cúirte a mhúnlú.

“Is é ár ról, mar choimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann a chinntiú go bhfuil fáil ag daoine ar eolas atá neamhspleách, soiléir agus inrochtana faoi na reifrinn seo chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh faoina vóta.

“Táimid ag cur ár bhfeachtas eolais neamhspleách ar shúile an phobail cheana féin ar an teilifís, an raidió, ar líne, i nuachtáin agus seolfar leabhráin eolais chuig gach áit chónaithe sa tír roimh an lá vótála, an 8 Márta.

“Is é do vóta do ghuth – mar sin úsáid é chun do thuairim a chur in iúl ar an 8 Márta, nó beidh daoine eile ag déanadh cinneadh ar do shon.”

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá Leabhrán Eolais na Reifreann ar fáil lena íoslódáil ón nasc seo a leanas:

https://cdn.electoralcommission.ie/app/uploads/2024/01/24155834/100934_EC_Family-And-Care-Booklet_English_Digital_23012452-002.pdf

Beidh leaganacha den leabhrán seo ar fáil freisin i mBéarla, i mBraille, i leaganacha Éasca le Léamh, Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, mar chlosleabhar agus i leaganacha cló mhóir.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus

  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagrach as clárú páirtithe polaitíochta.
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghthóirí nua-aimseartha, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.