Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Conas Vóta a Chaitheamh

Nuair a chaithfidh tú vóta ar an 7 Meitheamh, d’fhéadfá cúpla páipéar ballóide difriúil a fháil – ag brath ar d’incháilitheacht. Tá sé riachtanach gach ceann díobh a líonadh i gceart má tá do vóta le comhaireamh.

Mar vótálaí, caithfidh tú a chinntiú go gcuirtear do rogha oird tosaíochta ar gach páipéar ballóide ar leith, ag tosú le 1 agus ag leanúint ar aghaidh le 2, 3, 4, srl., le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is maith leat. Tosaigh le 1 ar gach páipéar ballóide mar sin, nó ní chomhairfear do vóta.

Ullmhú chun vóta a chaitheamh

Beidh ort seiceáil ar dtús an bhfuil tú i dteideal vóta a chaitheamh i ngach toghchán. Tá sonraí faoi sin ar ár leathanach faoi incháilitheacht vótálaithe.

Once you meet the eligibility criteria, you can register to vote, or update your details, at www.checktheregister.ie.

Is é an spriocdháta chun clárú nó chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh na postvótála 11 Bealtaine 2024. Bí cinnte go gcláraíonn tú nó go ndéanann tú do shonraí a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is féidir roimh an spriocdháta.

Is é an spriocdháta chun clárú nó chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta an 20 Bealtaine 2024. Bí cinnte go gcláraíonn tú nó go ndéanann tú do shonraí a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is féidir roimh an spriocdháta.

Áirítear ar an gcárta vótála sin:

Vóta a chaitheamh i dtoghchán

Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála ar lá na vótála (Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024), iarrfar ort d’ainm agus do sheoladh a rá. D’fhéadfaí cruthúnas aitheantais a iarraidh ort freisin, mar sin bíodh sé réidh lena thaispeáint más gá.

Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le d’aitheantas, agus má tá d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh an tOifigeach Ceannais stampa ar an bpáipéar ballóide nó na páipéir bhallóide a bhaineann leat sula dtugtar duit é/iad. Déan cinnte go bhfuil stampa ar do pháipéir bhallóide. Mura bhfuil stampa orthu, ní bheidh siad bailí. Tabhair do pháipéir bhallóide anonn chuig an mbothán vótála príobháideach.

Tabharfaidh tú leat do pháipéir bhallóide agus ansin rachaidh tú isteach in urrann phríobháideach vótála.

Páipéar ballóide a líonadh isteach

Baineann Éire leas as ionadaíocht chionmhar (PR) chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin, mar a mbíonn aonvóta inaistrithe (STV) ag gach vótálaí.

Baintear leas as Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (PR-STV) chun vóta a chaitheamh in:

  • Olltoghcháin
  • Toghcháin áitiúla
  • Toghcháin Eorpacha
  • Toghcháin an Uachtaráin
  • Toghcháin mhéarachta

Is é an t-aon chineál vóta in Éirinn nach mbaintear leas as an gcóras sin dó an reifreann.

Nuair a úsáidtear an córas PR-STV bíonn an lucht vótála in ann vóta a chaitheamh dá mhéad nó dá laghad iarrthóirí in ord a dtosaíochta agus is mian leo.

Bíonn treoracha gearra faoin gcaoi le vóta a chaitheamh ar gach páipéar ballóide. Léigh agus lean na treoracha ar do pháipéar ballóide go cúramach. Cuirfear pinn luaidhe ar fáil, ach is féidir leat do pheann nó do pheann luaidhe féin a thabhairt leat más mian leat.

Beidh liosta ainmneacha, in ord aibítre, ar an bpáipéar ballóide, chomh maith le suaitheantas na bpáirtithe agus íomhá de gach iarrthóir. Beidh bosca in aice le hainm gach iarrthóra, ar thaobh na láimhe deise. Marcálfaidh tú do rogha vóta do gach iarrthóir sa bhosca sin.

Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de.

  • Nuair a scríobhann tú ‘1’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Is mian liom vóta a chaitheamh don iarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘2’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir is rogha liom mar gur toghadh iad nó go ndearnadh iad a eisiamh ón gcomhaireamh, is mian liom mo vóta a thabhairt don dara hiarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘3’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir ná ón dara hiarrthóir is rogha liom, is mian liom mo vóta a thabhairt don tríú hiarrthóir seo.’

Tugann an córas vótála seo raon leathan roghanna duit. Féadfaidh tú go leor iarrthóirí difriúla a roghnú, agus iad a mharcáil in ord tosaíochta. Féadfaidh tú do rogha a léiriú le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Is fútsa atá sé.

Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.

Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir.

Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, caithfear an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh.

Ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide. Má chuireann, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil do vóta neamhbhailí/millte agus nach gcomhairfí é.

Má tá lagú radhairc ort, beidh Teimpléad Páipéir Ballóide ar fáil i ngach stáisiún vótála agus is féidir leat é sin a úsáid chun do vóta a chaitheamh. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vótáil inrochtana.

Má tá lagú radhairc ort, beidh Teimpléad Páipéir Ballóide ar fáil i ngach stáisiún vótála agus is féidir leat é sin a úsáid chun do vóta a chaitheamh.

Bíonn an Ceann Comhairimh i ngach údarás áitiúil freagrach as a dtoghchán áitiúil féin a bhainistiú. Íocann gach údarás áitiúil as costas a dtoghchán féin a reáchtáil. Tá tuilleadh eolais ar an gcaoi a dtoghtar comhairleoirí ar ár leathanach Comhaireamh mo vóta

Páipéir bhallóide shamplacha