Skip to main content
Decorative image of votes being counted

Is é do vóta do ghuth

Cad a dhéanann Reifrinn?

In Éirinn, tá gá le toiliú na saoránach Éireannach chun aon athruithe a dhéanamh ar ár mBunreacht. Ciallaíonn sé sin nach féidir leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht ach amháin trí Reifreann Bunreachta a thionól.

You can read about the previous referendums that have taken place in Ireland to date.

Chun reifreann bunreachta a thionól, ní mór Bille a thabhairt isteach sa Dáilar dtús, ina leagtar amach foclaíocht an leasaithe atá beartaithe. Má ritheann an Dáil agus an Seanad pass the Bill, an Bille, déanfaidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ordú ina sonrófar lá na vótála don reifreann.

Is féidir le gach saoránach Éireannach atá ar an gClár Toghthóirí, ar Liosta na bPostvótálaithe nó ar an Liosta Vótálaithe Speisialta vóta a chaitheamh i reifreann.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar ár leathanach Incháilitheacht Vótálaithe.

Déantar vótáil in Éirinn trí bhallóid phríobháideach. Déanfar teideal an bhille atá beartaithe a phriontáil ar an mballóid agus marcálfaidh an vótálaí “Tá” nó “Níl”.

Féach ar na páipéir bhallóide shamplacha do na reifrinn a thionólfar Dé hAoine an 8 Márta.

Do dhaoine atá dall nó do dhaoine lagamhairc, tá teimpléad páipéir bhallóide thadhlach ar fáil i ngach stáisiún vótála.

Má bhíonn tromlach na vótaí i bhfabhar an togra maidir leis an mBunreacht a leasú, agus mura gcuirtear achainí ina choinne faoi bhráid na hArd-Chúirte laistigh de sheacht lá i ndiaidh fhoilsithe achainí, síneoidh Uachtarán na hÉireann an Bille agus leasófar an Bunreacht.

Má chaitear tromlach na vótaí in éadan an togra maidir leis an mBunreacht a leasú, ní dhéanfar aon athrú agus fanann an Bunreacht mar a bhí roimh an reifreann.