Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Eolas ginearálta
Cad a dhéanann An Coimisiún Toghcháin?
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. – tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
– na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn;
– tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa;
– freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú; agus
– tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:
– cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
– feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
– maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
– fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Cé hiad comhaltaí an Choimisiúin Toghcháin?
Tá seachtar comhaltaí ar Choimisiún Toghcháin neamhspleách na hÉireann. Is í Marie Baker, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an cathaoirleach, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh.
Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
Alex Atwood
John Curran
An tOllamh Caroline Fennell
Maura Quinn
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
Ger Deering, Ombudsman.
Peter Finnegan, Cléireach na Dála.
Faigheann siad tacaíocht ina gcuid oibre ó Fheidhmeannach atá faoi stiúir an Príomhfheidhmeannaigh Art O’Leary.
Cé a mhaoiníonn an Coimisiún Toghcháin?
Comhlacht poiblí neamhspleách is ea an Coimisiún Toghcháin, agus mar sin nílimid faoi choimirce aon Roinn nó Aire Rialtais. Faighimid maoiniú poiblí trínár Vóta neamhspleách féin (Vóta 23) agus táimid freagrach go díreach don Oireachtas agus is é ár Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ár nOifigeach Cuntasaíochta.
Céard iad na rialacha faoi phóstaeir?
Tá rialacha i bhfeidhm faoi phóstaeir, bileoga agus cineálacha eile fógraíochta i rith feachtas toghcháin. Tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla póstaeir a bhaint anuas más é leas an phobail déanamh amhlaidh.
Níl an Coimisiún Toghcháin freagrach as beartas ná reachtaíocht toghcháin i leith na bhfodhlíthe ná rialacha eile a bhaineann le póstaeir a chur in airde ná nuair a chaithfear iad a bhaint anuas. Is leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go príomha a bhaineann an fhreagracht beartais agus reachtach sin.
Is é an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009 an reachtaíocht a rialaíonn na háiteanna a chrochtar póstaeir aimsir toghcháin. Foráiltear sa reachtaíocht nach bhfuil cead póstaeir a chur in airde ach ón dáta a ndéanann an tAire an t-ordú lena gceaptar lá na vótála nó 30 lá roimh dháta an toghcháin, cibé tréimhse acu sin is giorra. Caithfear na póstaeir a bhaint anuas laistigh de sheacht lá de lá na vótála.
Cén chaoi a n-oibreoidh mé ag stáisiún vótála?
Bíonn an Ceann Comhairimh le haghaidh gach toghlimistéir freagrach as foireann a fhostú le haghaidh imeachtaí toghcháin.
Má tá spéis agat in oibriú ag stáisiún vótála, téigh i dteagmháil leis an gCeann Comhairimh Áitiúil i do thoghlimistéar le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá liosta de na Cinn Chomhairimh ar fáil ar líne anseo.
Cén chaoi a roghnaítear na stáisiúin vótála?
Roghnaíonn na cinn chomhairimh áitiúla na stáisiúin vótála.
Má tá aon cheist agat faoi do stáisiún vótála, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat.
Faigh tuilleadh eolais faoi vótáil poist ar ár leathanach Vótáil Inrochtana.
Cén fáth a gcuirtear pinn luaidhe ar fáil sna stáisiúin vótála?
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála, ach is féidir leat do pheann nó do pheann luaidhe féin a thabhairt leat más maith leat.
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála mar:
– maireann siad níos faide, agus níl dúch iontu a thriomaíonn idir na himeachtaí toghcháin;
– ní féidir le luaidhe marc a fhágáil ar pháipéir bhallóide eile;
– ní smearfaidh an luaidhe ó pheann luaidhe ná ní sileadh sí má éiríonn an páipéar ballóide fliuch;
– má smearann dúch ó pheann páipéar ballóide eile, nó má shileann sé air, d’fhéadfadh an páipéar eile sin a bheith neamhbhailí.
Is caighdeán idirnáisiúnta é pinn luaidhe a úsáid le vóta a chaitheamh, ní nós in Éirinn amháin. Baineann an Ríocht Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus go leor tíortha eile úsáid as pinn luaidhe chun vóta a chaitheamh. . Mar sin féin, féadfaidh tú do pheann féin a thabhairt leat agus vóta a chaitheamh leis sin
Cé atá ceadaithe a bheith i láthair ag stáisiún vótála?
I measc na ndaoine atá ceadaithe a bheith i láthair ag stáisiún vótála ar lá na vótála tá:
– an Ceann Comhairimh áitiúil, a n-ionadaithe nó teachtairí arna gcur chucu nó thar a gceann;
– an tOifigeach Ceannais agus Cléireach Vótaíochta;
– an tOifigeach Ceannais Maoirseachta (má cheaptar ceann);
– aon chomhalta den Dáil don dáilcheantar agus aon chomhalta den Seanad;
– aon Ghníomhaire Pearsanaíochta a ceapadh le haghaidh do stáisiúin;
– duine atá ag feidhmiú mar “chompánach” do thoghthóir atá faoi mhíchumas fisiciúil, ar a bhfuil lagú radhairc nó ag a bhfuil deacracht litearthachta;
– Gardaí ar dualgas;
– aon duine ag a bhfuil údarás ón gCeann Comhairimh áitiúil a bheith i láthair ag do stáisiún.
Cén chaoi a mbeidh mé i m’iarrthóir le seasamh i dtoghchán?
Níl an Coimisiún Toghcháin freagrach as an mbeartas maidir leis an gcaoi a n-ainmnítear iarrthóirí toghcháin le haghaidh toghcháin dhifriúla, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as an mbeartas sin.
Déanann gach Ceann Comhairimh do gach toghchán ar leith an gnáthphróiseas ainmniúcháin le haghaidh iarrthóirí an toghcháin sin a bhainistiú, ina measc glacadh le foirmeacha ainmniúcháin.
Tá sonraí Chinn Chomhairimh na dToghchán Eorpach ar fáil anseo.
Tá liosta de na Cinn Chomhairimh ar fáil ar líne anseo.
Eolas faoi na toghcháin áitiúla
Céard iad na toghcháin áitiúla?
Bíonn toghcháin áitiúla in Éirinn gach cúig bliana. Is é cuspóir na dtoghchán Comhairleoirí a thoghadh ar ár nÚdaráis Áitiúla.
Tá 31 Údarás Áitiúil ann:
– 26 Comhairle Contae – a bhfuil trí cinn díobh i mBaile Átha Cliath (Fine Gall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Áth Cliath Theas)
– 3 Chomhairle Cathrach – Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh
– 2 Chomhairle Cathrach agus Contae – Luimneach agus Port Láirge
Comhlíonann na hÚdaráis Áitiúla raon leathan feidhmeanna, ina measc tithíocht, pleanáil, trácht, páirceanna agus áiseanna spóirt, seirbhísí leabharlainne, cur chun cinn na n-ealaíon agus an chultúir, feabhsuithe ar bhóithre, maoiniú do thionscnaimh pobail, seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, caitheamh bruscair a chosc agus a rialú, agus neart eile.
Tá tuilleadh eolais faoi róil agus feidhmeanna na n-údarás áitiúil ar fáil ar na naisc seo a leanas:
– Rialtas: Rialtas Áitiúil – Struchtúir agus Feidhmeanna (www.gov.ie)
– Rialtais Áitiúil – LGMA
Bíonn ról ceaptha beartas agus maoirseachta ag Comhairleoirí i dtaobh an chaoi a n-oibríonn a n-údarás áitiúil. Déanann siad ionadaíocht freisin ar dhearcthaí an phobail áitiúil nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh ag feidhmeannas an údaráis áitiúil.
Cé mhéad comhairleoirí áitiúla atá in Éirinn?
Tá 949 Comhairleoir Áitiúil i 31 Údarás Áitiúil na hÉireann faoi láthair.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla?
Beidh gach duine a chomhlíonann na critéir seo a leanas incháilithe chun vóta a chaitheamh sna Toghcháin Áitiúla:
– 18 mbliana d’aois nó os a chionn;
– Gnáthchónaí ort in Éirinn;
– Ar chlár na dtoghthóirí www.checktheregister.ie
NÍ GÁ duit a bheith i do Shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla.
Cén chaoi a mbainistítear na toghcháin áitiúla?
Bainistíonn Ceann Comhairimh an Údaráis Áitiúil an toghchán le haghaidh an údaráis áitiúil féin.
Íocann gach údarás áitiúil as costas a dtoghchán féin a reáchtáil.
Tá sonraí Chinn Chomhairimh na nÚdarás Áitiúil anseo.
Eolas faoi na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
Céard iad na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa?
Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna an 448 milliún saoránach san Aontas Eorpach. Tá cumhachtaí reachtacha, buiséadacha agus maoirseachta aici, chomh maith le ról tábhachtach i múnlú reachtaíocht an Aontais, bhuiséad bliantúil an Aontais, agus i maoirsiú obair institiúidí an Aontais, an Coimisiún Eorpach ina measc.
Déanann saoránaigh an Aontais Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh go díreach gach cúig bliana.
Sanntar suíocháin ar bhonn daonra gach Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh níos lú ná seisear Feisirí ná níos mó ná 96 Feisire ag aon tír amháin, agus ní sháróidh an t-iomlán 750 (móide an tUachtarán).
Sna toghcháin Eorpacha is deireanaí a bhí ar siúl Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024, toghadh 14 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa?
Tá tú incháilithe vótáil sna toghcháin Eorpacha in Éirinn má tá tú:
– 18 mbliana d’aois nó níos sine
– cláraithe le vóta a chaitheamh
– i do shaoránach Éireannach nó AE a bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn
Féadfaidh saoránaigh Éireannacha a chónaíonn i mBallstáit AE eile vóta a chaitheamh sa tír ina bhfuil cónaí orthu.
Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích. Seolfar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile lena chinntiú nach bhfuil dhá vóta á gcaitheamh ag daoine.
Céard iad toghlaigh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn?
Tá trí thoghlach in Éirinn do Pharlaimint na hEorpa:
–1. Baile Átha Cliath / Ceathrar (4) Feisirí: ina bhfuil contaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Átha Cliath Theas; agus cathair Bhaile Átha Cliath;
– 2. An Lár Tíre – an tIarthuaisceart / Cúigear (5) Feisirí: ina bhfuil contaetha an Chabháin, Chill Dara, Dhún na nGall, na Gaillimhe, na hIarmhí, Laoise, Liatroma, an Longfoirt, Lú, Mhaigh Eo, na Mí, Mhuineacháin, Ros Comáin, Shligigh agus Uíbh Fhailí, agus cathair na Gaillimhe
– An Deisceart / Cúigear (5) Feisirí: ina bhfuil contaetha Cheatharlach, Chiarraí, Chill Chainnigh, Chill Mhantáin, an Chláir, Chorcaí, Loch Garman agus Thiobraid Árann; agus cathair Chorcaí, agus cathair agus contae Luimnigh, agus cathair agus contae Phort Láirge
Caitheann gach toghthóir vóta sa toghlach ina bhfuil siad cláraithe. Is féidir leat clárú le vótáil nó seiceáil an bhfuil do shonraí ar chlár na dtoghthóirí ceart anseo: www.checktheregister.ie
Eolas faoi thoghchán Mhéara Luimnigh
Cén fáth a raibh toghchán in 2024 do Mhéara Luimnigh?
I mí na Bealtaine 2019, vótáil muintir chathair agus chontae Luimnigh ar son togra le haghaidh Méara dírthofa ag a mbeadh feidhmeanna feidhmiúcháin. Shínigh an tUachtarán an reachtaíocht chun an ról nua sin a chruthú go luath i mí an Mhárta 2024. Beidh an Méara in oifig ar feadh cúig bliana. Féadfaidh an Méara dhá théarma oifige ar a mhéad a dhéanamh, a fhéadfaidh a bheith i ndiaidh a chéile nó gan a bheith.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara dírthofa Luimnigh?
Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:
– A bheith 18 mbliana d’aois
– Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
– A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh
Ullmhú chun vóta a chaitheamh sna toghcháin atá ar na bacáin
An bhfuil mé cláraithe le vótáil?
Caithfidh tú a bheith ar Chlár na dToghthóirí chun vóta a chaitheamh ar lá na vótála.
Is féidir leat seiceáil an bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí ag checktheregister.ie nó trí teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla thíos.
Fiú má cheapann tú go bhfuil tú cláraithe le vótáil, ba chóir duit breathnú ar Check the Register lena chinntiú go bhfuil do chuid sonraí, lena n-áirítear do sheoladh, ceart agus suas chun dáta. Seolfar do chárta vótála chuig an seoladh atá taifeadta ar Chlár na dToghthóirí, mar sin ba chóir duit é a sheiceáil más rud é gur athraigh tú do sheoladh le déanaí.
Má fhaightear d’iarratas ar chlárúchán i ndiaidh na ndátaí sin, próiseálfaidh d’údarás áitiúil é i ndiaidh na toghcháin a reáchtáil. Ní bheidh tú incháilithe le vóta a chaitheamh sna reifrinn má bhíonn d’iarratas mall.
An bhfuil mo chuid sonraí suas chun dáta ar chlár na dtoghthóirí?
Is féidir leat do chuid sonraí (m.sh. seoladh, Éirchód, UPSP, dáta breithe) a sheiceáil ar Chlár na dToghthóirí ag Seiceáil an Clár nó trí teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla thíos.
Cén áit ar féidir liom vótáil?
Beidh do stáisiún vótála ainmnithe liostaithe ar do chárta vótála. Ba cheart go mbeadh do chárta vótála seolta chugat sa phost roimh lá na vótála. Seolfar é chuig an seoladh atá cláraithe agat ar Chlár na dToghthóirí.
Mura bhfaigheann tú cárta vótála, is féidir leat do stáisiún vótála ainmnithe a sheiceáil ag Seiceáil an Clár nó tríd an suíomh gréasáin Ceann Comhairimh ábhartha do do chontae a sheiceáil. Ní féidir vóta a chaitheamh ach amháin i do stáisiún vótála ainmnithe.
An féidir liom vóta poist a fháil?
Ceadaítear vótáil tríd an bpost i dtaobh catagóirí áirithe daoine, mar a leagtar síos i ndlí toghcháin.
San áireamh tá:
– Baill An Garda Síochána
– Baill Óglaigh na hÉireann
– Taidhleoirí Éireannacha atá ag déanamh seirbhíse thar lear, agus a gcéilithe/bpáirtithe.
– Daoine nach féidir leo vóta a chaitheamh ag a stáisiún vótála áitiúil de dheasca tinnis nó míchumais
– Vótálaithe le slí bheatha, seirbhís nó fostaíocht a chiallaíonn gur dócha nach mbeidh said in ann vóta a chaitheamh i bpearsan ar lá na vótála.
– Mic léinn lánaimseartha atá cláraithe ag a mbaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát
– Vótálaithe Anaithnid nó baill teaghlaigh an té a bheadh i gcontúirt dá bhfoilseofaí a n-ainm nó a seoladh ar Chlár na dToghthóirí.
– Príosúnaithe
Is féidir na foirmeacha cuí le clárú le haghaidh vóta poist a fháil ó Check the Register nó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.
Faigh tuilleadh eolais faoi vótáil poist ar ár leathanach Vótáil Inrochtana.
Conas a vótálaim tríd an bpost?
Chomh luath agus atá an fhoirm agus an cháipéisíocht ábhartha curtha isteach agat ,gheobhaidh tú sraith cáipéisíochta vótála a bheidh comhdhéanta de:
páipéir bhallóide;
– admháil ar na páipéir bhallóide;
– cumhdach litreach ina gcuirfear na páipéir bhallóide mharcáilte; agus
– cumhdach litreach níos mó chun na cáipéisí vótála a sheoladh ar ais chuig an gceann comhairimh.
Chun vóta a chaitheamh::
– Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de. Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.
– Cuir do pháipéar ballóide marcáilte sa chlúdach litreach leis an lipéad “Clúdach Litreach don Pháipéar Ballóide” agus cuir séala air;
– Cuir an clúdach litreach seo in éineacht leis an admháil chomhlánaithe don pháipéar ballóide isteach sa chlúdach litreach mór le seoladh an cheann chomhairimh air, cuir séala air agus cuir sa phost é láithreach bonn;
– Ní mór don pháipéar ballóide a bheith curtha sa phost agus ní féidir é a chur díreach i lámha an cheann comhairimh.
An féidir liom iarratas a dhéanamh chun a bheith i mo Vótálaí Speisialta?
Is féidir le duine a bhfuil cónaí air in ospidéal, teach altranais, saoráid meabhair-shláinte nó institiúid dá samhail, agus a bhfuil míchumas nó breoiteacht air a chuireann cosc orthu dul go dtí an stáisiún vótála, vótáil san ospidéal, sa teach altranais nó in áis chomhchosúil má dhéanann siad iarratas ar a bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe ar leith arna ullmhú agus arna chothabháil ag údaráis chlárúcháin (comhairle contae, cathrach agus cathrach agus contae) mar chuid de chlár na dtoghthóirí.
I gcás céad iarratais, agus aon uair a éilíonn na húdaráis chlárúcháin i gcás iarratais ina dhiaidh sin, ní mór deimhniú ó lia-chleachtóir cláraithe (amhail dochtúir teaghlaigh) a bheith ag gabháil leis).
Más mian leat clárú mar vótálaí ar leith, ba cheart duit amhlaidh a dhéanamh trí fhoirm SV1 a líonadh amach, atá ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.
Conas a chaithim mo vóta má tá mé chláraithe mar Vótálaí Speisialta?
Ag toghchán nó reifreann, cuirfear ar an eolas tú maidir leis an lá agus an neas-am (am/pm) a mbeidh oifigeach ceannais speisialta ag stopadh ag an ospidéal, ag an teach altranais, ag an tsaoráid mheabhairshláinte nó ag institiúid den sórt sin.
Beidh fianaise chéannachta agus barántas coinne ar iompar ag an oifigeach ceannais speisialta a thabharfaidh siad chugat lena iniúchadh nuair a bhainfidh tú an áit amach. Beidh Garda i dteannta an oifigigh cheannais speisialta agus beidh sé mar ról acu na páipéir bhallóide a chosaint (ar an gcaoi chéanna agus a dhéantar i stáisiún vótála) agus gníomhú mar fhinné neamhspleách chun a chinntiú go gcuirfear an nós imeachta vótála i gcrích i gceart.
Ní fhéadfaidh ach an t-oifigeach ceannais agus an Garda a bheith i láthair nuair a chaitear an vóta. Tabharfaidh an t-oifigeach ceannais dearbhú céannachta duit agus beidh siad mar fhinné don dearbhú sin.
Ansin, déanfaidh tú an páipéar ballóide a mharcáil faoi rún, cuirfidh tú sa chlúdach speisialta a chuirtear ar fáil é, dúnfaidh tú an clúdach agus tabharfaidh tú don oifigeach ceannais é.
Más gá cúnamh le vótáil, soláthróidh an t-oifigeach ceannais speisialta é ar an mbealach céanna agus a sholáthrófar ag stáisiún vótála é.
I gcás eisceachtúil nach bhfuil an t-ospidéal, an teach altranais, an tsaoráid meabhair-shláinte nó foras dá samhail de chuid an vótálaí speisialta inrochtana don oifigeach ceannais ar leith, féadfaidh an ceann comhairimh nósanna imeachta vótála speisialta a chur i bhfeidhm, amhail vóta poist a eisiúint chuig na vótálaithe ar leith lena mbaineann.
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh le m’Údarás Áitiúil?
Cén uair a gheobhaidh mé mo chárta faisnéise vótaíochta? An féidir liom vóta a chaitheamh fiú mura dtagann sé roimh lá an toghcháin?
Tosaíonn an obair ar na cártaí faisnéise vótaíochta a eisiúint a luaithe is féidir i ndiaidh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta a dhéanamh. Seolfar na cártaí i mbaisceanna trí An Post de réir a chéile.
Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat nuair a théann tú chuig an stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh.
Má theastaíonn uait suíomh do stáisiúin vótála a sheiceáil, is féidir sin a dhéanamh ar www.checktheregister.ie nó www.voter.ie (Baile Átha Cliath amháin).
Beidh mé imithe as an tír lá na vótála. An féidir liom vótáil?
Ní mór duit do vóta a chaitheamh i do stáisiún vótála ainmnithe ar lá na vótála, mura bhfuil iarratas déanta agat ar vóta poist nó ar vóta speisialta.
Cén chaoi ar féidir liom duine muinteartha liom a bhaint de Clár na dToghthóirí?
Chun duine muinteartha leat a bhaint de chlár na dtoghthóirí caithfidh tú Foirm TPC1 – Iarratas ó thríú páirtí chun an clár a leasú a chomhlánú agus a chur sa phost chuig d’údarás áitiúil.
Bain úsáid as an bhfoirm sin má tá cúis réasúnta agat a chreidiúint go bhfuil iontráil ar an gclár faoi dhuine eile míchruinn (bás duine mhuinteartha leat, mar shampla).
Is féidir d’fhoirm líonta a sheoladh chuig d’Údarás Áitiúil ag am ar bith.
Tá liosta de sheoltaí poist gach údaráis áitiúil ar fáil anseo: https://www.checktheregister.ie/ga-IE/contact
Gluais de théarmaí toghcháin
An Coimisiún Toghcháin
Comhlacht reachtúil neamhspleách na hÉireann a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Toghthóirí anaithnide
Vótálaithe a mbeadh a sábháilteacht i mbaol dá bhfoilseofaí a n-ainm agus a seoladh ar chlár na dtoghthóirí.
Caithfidh tú foirm PV7 a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar bheith i do thoghthóir anaithnid.
Áras an Uachtaráin
Stát-áras (áit chónaithe oifigiúil) Uachtarán na hÉireann.
Comhlachtaí ceadaithe
I reifrinn, is féidir le heagraíocht ar bith, idir phoiblí agus phríobháideach, agus le páirtí polaitíochta cláraithe ar bith iarratas a dhéanamh ar bheith ina Comhlacht Ceadaithe fad a bhíonn an feachtas reifrinn ar siúl.
Is féidir le comhlachtaí ceadaithe gníomhairí a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Bheith i láthair nuair a dhéantar páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, nuair a osclaítear páipéir bhallóide postvótálaithe, agus nuair a dhéantar vótaí a chomhaireamh.
Freastal ar gach stáisiún vótála (duine amháin in aghaidh an stáisiúin vótála) chun cuidiú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.
Bosca ballóide
An bosca ina gcuireann na vótálaithe a bpáipéir bhallóide chomhlánaithe.
Páipéar ballóide
An píosa páipéir a úsáidtear chun vóta a chaitheamh i dtoghchán.
Bíonn treoracha air faoin gcaoi le vóta a chaitheamh, ainm agus seoladh na n-iarrthóirí, agus ainm agus suaitheantas an pháirtí a ndéanann siad ionadaíocht air más ábhartha.
Teimpléad páipéir ballóide
Is gléas plaisteach trédhearcach é seo a leagtar ar bharr an pháipéir ballóide.Bíonn cló ardaithe agus braille ar an teimpléad, ionas gur féidir le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu vótáil go neamhspleách.
Moratóir ar chraoladh
Is tréimhse ama é an moratóir ar chraoladh – óna 2.00 i.n. an lá roimh lá na vótála go hiondúil – nuair nach gceadaítear do chraoltóirí raidió agus teilifíse aon eolas a thabhairt a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an lucht vótála.Coimisiún na Meán a chuireann an moratóir i bhfeidhm.
Bunreacht na hÉireann
Féach ar an leathanach faoi Bhunreacht na hÉireann.
Fothoghchán
Toghchán a tharlaíonn nuair a éiríonn suíochán sa Dáil nó sa Seanad folamh i rith shaolré na Dála, go hiondúil mar go n-éiríonn an Teachta Dála nó an Seanadóir reatha as, go n-éiríonn siad neamhbhailí don suíochán ar chúis éigin, nó go bhfaigheann siad bás.
Iarrthóir
Duine atá ag seasamh i dtoghchán.
Canbhasáil
Iarracht a dhéanamh vótaí a bhuachan trí dhul i dteagmháil le vótálaithe go díreach, trí dhul ó dhoras go doras mar shampla.
Daonáireamh
Comhaireamh oifigiúil ar dhaonra tíre.In Éirinn, déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an daonáireamh gach cúig bliana.Déantar athbhreithniú ar na toghcháin Dála agus Eorpacha i ndiaidh thorthaí gach daonáirimh.
Checktheregister.ie
Is é Check the Registeran suíomh gréasáin chun clárú le vótáil nó do shonraí a thabhairt cothrom le dáta.
Saoránacht
Stádas dlíthiúil a bhronnann an Stát orthu siúd atá ina theideal, trína mbreith, a sinsir nó ‘éadaoirsiú’.Níl cead ach ag saoránaigh na hÉireann vóta a chaitheamh i reifrinn agus i dtoghcháin Uachtaránachta.
Comhairlí cathrach agus contae
Údaráis Áitiúla/Rialtas Áitiúil atá freagrach as seirbhísí ar nós tithíochta, pleanála, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa i gcathair agus i gcontae araon.
Rannpháirtíocht phoiblí
Gníomh a úsáideann daoine chun leas a bhaint as saoirsí an daonlathais.Áirítear leis, i measc rudaí eile, ainm a chur le hachainí, dul i dteagmháil le comhairleoir áitiúil, vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghchán, agus foghlaim faoi cheisteanna.
Vótáil compánaigh
Má tá lagú radhairc ort, má tá tú faoi mhíchumas nó má tá deacracht litearthachta agat nach ligeann duit vóta a chaitheamh gan chúnamh, is féidir leat compánach a thabhairt leat chun an páipéar ballóide a mharcáil duit.Ní mór don chompánach a bheith 16 bliana d’aois ar a laghad, agus ní fhéadfaidh gníomhaire toghcháin ná gníomhaire iarrthóra feidhmiú mar chompánach.Níl cead ag an duine sin cabhrú le níos mó ná beirt in aghaidh an toghcháin nó an reifrinn.
Toghcheantar
Ceantar sonrach ina dtoghann na vótálaithe a chónaíonn ansin na hionadaithe polaitiúla. Tugtar Dáilcheantar ar an toghcheantar do Dháil Éireann. Tugtar Toghlach ar an toghcheantar do Pharlaimint na hEorpa.
Teorainn toghcheantair
An teorainn idir toghcheantar amháin agus ceann eile.
Athbhreithniú toghcheantair
Déantar athbhreithniú ar na teorainneacha Dála agus Eorpacha i ndiaidh gach daonáirimh.Tarlaíonn an t-athbhreithniú ar thoghlimistéir áitiúla tar éis gach re daonáireamh go hiondúil.Tá tuilleadh eolais le fáil ar:
Athbhreithnithe ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa – An Coimisiún Toghcháin.
https://www.electoralcommission.ie/constituency-reviews/
Bunreacht
Is cáipéis é an Bunreacht ina leagtar amach bundlíthe na hÉireann.Tuairiscítear ann an chaoi ar cheart an tír a rialú, príomhinstitiúidí an Stáit agus cearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach.Tá tuilleadh eolais ar an leathanach faoi Bhunreacht na hÉireann – An Coimisiún Toghcháin.
Comhairleoir
Duine a thoghtar ar údarás áitiúil ar nós comhairle contae nó cathrach, chun ionadaíocht a dhéanamh ar na daoine a chónaíonn sa cheantar sin.
Comhaireamh
Comhaireamh na vótaí i dtoghchán, a dhéantar ag ionad comhairimh faoi stiúir an Chinn Comhairimh.
Ionad comhairimh
An láthair ina gcomhairtear an vótaí i ndiaidh na boscaí ballóide ar fad a iompar ó na stáisiúin vótála ar fad sa toghlimistéar.
Comhairle contae
Cineál údaráis áitiúil a chlúdaíonn contae atá freagrach as seirbhísí éagsúla, ina measc tithíocht, pleanáil, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa.
Dáil Éireann
Seomra íochtarach an Oireachtais, ar dtugtar ‘an Dáil’ freisin.Bíonn feidhmeanna éagsúla ag ionadaithe tofa, ina measc díospóireacht agus vótáil ar shaincheisteanna agus billí a rith.
Daonlathas
Sochaí ina dtugtar tús áite do chearta comhionanna, trialacha córa agus saoirse cainte agus ina rialaíonn na daoine iad féin.Is daonlathas ionadaíoch í Éire, is é sin toghaimid ionadaithe chun rialú ar ár son.
Díscaoileadh
Gníomh a dhéanamh Uachtarán na hÉireann (le tacaíocht an Taoisigh) chun deireadh a chur le téarma reatha na Dála ionas gur féidir olltoghchán a rith.
Méara Dírthofa
Toghadh Méara trí vóta díreach an phobail. Chaith muintir Luimnigh vóta don chéad mhéara dírthofa riamh in Éirinn ar an 7 Meitheamh 2024.
Toghchán
Próiseas foirmiúil na vótála chun ionadaithe a thoghadh ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, Eorpach nó Uachtaránachta.
Gníomhaire Toghcháin
Ionadaí iarrthóra a ainmnítear go hoifigiúil.
Lá an toghcháin
An lá a gcaitheann daoine vóta i dtoghchán.Féach ar Lá na Vótála freisin.
Ionadaí tofa
Duine a dhéanann ionadaíocht ar cheantar ar leibhéal áitiúil (Comhairleoir), náisiúnta (Teachta Dála/TD) nó Eorpach (Feisire de Pharlaimint na hEorpa/MEP).
Toghthóir
Duine ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghchán agus atá cláraithe le vóta a chaitheamh.
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Toghlacht
Na toghthóirí; gach duine ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghchán agus atá cláraithe le vóta a chaitheamh.
Clár na dtoghthóirí
Liosta díobh siúd ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i reifrinn agus toghcháin in Éirinn.Eagraítear an clár de réir toghlimistéir agus cuireann na húdaráis áitiúla i dtoll a chéile é.
Iarrthóir a cuireadh as an áireamh
Iarrthóir nach n-éiríonn leo i dtoghchán a ndéantar a vótaí a dháileadh/a aistriú (féach ar aistrithe) chuig na hiarrthóirí atá fágtha.
Toghchán Eorpach
Toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh; bíonn na toghcháin sin ar siúl gach cúig bliana.
Vóta príomhrogha
An chéad rogha a dhéanann vótálaí ar an bpáipéar ballóide; tugtar an vóta céad-rogha air freisin.
An tAonad um an gCeart Vótála
An rannóg sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as beartas agus dlí toghcháin.
Olltoghchán
Toghchán ina gcaitheann saoránaigh ar chlár na dtoghthóirí a vótaí chun Teachtaí Dála (TDanna) a thoghadh chun na Dála.
Tithe an Oireachtais
Parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.Féach freisin ar ‘An tOireachtas’.
Institiúidí an Stáit
Is iad trí phríomhinstitiúidí an Stáit an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna.Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ar:
Bunreacht na hÉireann – An Coimisiún Toghcháin.
Cruthúnas aitheantais
Comhartha aitheantais.D’fhéadfaí a iarraidh ort cruthúnas aitheantais bailí a thaispeáint nuair a chaitheann tú vóta sa stáisiún vótála, agus má iarrtar ort é, caithfidh tú é a thaispeáint.Tá liosta iomlán de na cruthúnais aitheantais a nglactar leo ar an leathanach
Do láthair vótála – An Coimisiún Toghcháin.
Sealbhóir
Duine (m.sh. TD, Seanadóir, Comhairleoir) ag a bhfuil post nó atá i seilbh oifige faoi láthair.
Neamhspleách
TD, Seanadóir, Comhairleoir nó iarrthóir nach mbaineann le páirtí polaitíochta.
Vóta neamhbhailí
Féach ar Vóta millte freisin.D’fhéadfaí a mheas go bhfuil vótaí millte mar gheall ar scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide; murar marcáladh aon chéad rogha d’iarrthóir go soiléir; nó murar stampáil an tOifigeach Ceannais nó Cléireach Vótaíochta an páipéar ballóide.
Leabhar Reachtanna na hÉireann
Na Breithiúna
Tá sé de chumhacht ag na Cúirteanna na dlíthe a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcás díospóidí agus coimhlintí a tharlaíonn idir an Stát agus saoránaigh ar leith, chomh maith le díospóidí a tharlaíonn idir saoránaigh.
Reachtaíocht
Dlí, nó sraith dlíthe nó gníomh chun dlíthe a dhéanamh.
Reachtas
An tOireachtas, parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Údarás áitiúil
Údaráis áitiúla/rialtas áitiúil atá freagrach as seirbhísí ar nós tithíochta, pleanála, bóithre, soláthar uisce agus saoráidí áineasa i gcathair agus i gcontae araon.
Toghcháin áitiúla
Bíonn toghcháin ar siúl gach cúig bliana chun comhairleoirí a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh orthu sna húdaráis áitiúla.Toghtar 949 Comhairleoir ar 166 Toghlimistéar Áitiúil i 31 Údarás Áitiúil.
Toghlimistéar Áitiúil
Is toghlimistéar (nó toghcheantar) é an toghlimistéar áitiúil chun 949 Comhairleoir a thoghadh ar 31 údarás áitiúil.Tá 166 toghlimistéar áitiúil sa tír.
Méara
Ceann tofa cathrach nó baile. Toghann Comhairleoirí Údaráis Áitiúil formhór na méaraí. Is é Luimneach an chéad áit a bhfuil méara dírthofa ann, is é sin gur roghnaíodh an méara trí vóta mhuintir Luimnigh an 7 Meitheamh 2024.
Feisire de Pharlaimint na hEorpa (MEP)
Polaiteoir tofa a dhéanann ionadaíocht ar a dtoghlach i bParlaimint na hEorpa. Faoi láthair, 14 Fheisire i dtrí thoghlach in Éirinn: an Lár Tíre-an tIarthuaisceart, an Deisceart agus Baile Átha Cliath.
Toghcheantair ilsuíochán
Toghcheantair inar féidir níos mó ná iarrthóir amháin a thoghadh.Samplaí iad Dáilcheantair na Dála agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa a thoghann 3–5 iarrthóir, agus toghlimistéir áitiúla ina dtoghtar 3-7 n-iarrthóir.
Éadaoirsiú
Is éard is éadaoirsiú ann nuair a bhronntar saoránacht Éireannach ar dhuine ó lasmuigh d’Éirinn nuair a chomhlíonann siad coinníollacha cónaithe áirithe.
Iarrthóir neamh-pháirtí
Iarrthóir nach mbaineann le páirtí polaitíochta.
Páipéir bhallóide neamh-inaistrithe
Ballot papers that have no further available Páipéir bhallóide nach bhfuil aon rogha fágtha orthu lena haistriú.
An tOireachtas
Parlaimint náisiúnta na hÉireann, a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann.
Ord tosaíochta
Córas vótála ina gcaitheann daoine vóta le haghaidh iarrthóirí in ord tosaíochta, ag cur 1 ar an bpáipéar ballóide in aice leis an iarrthóir is fearr leo, 2 don dara hiarrthóir is fearr leo, 3 don tríú hiarrthóir is fearr leo, agus mar sin de.
Pearsanaíocht
Calaois vótálaí, nuair a ligeann duine orthu féin gur duine eile iad, ionas gur féidir leo vóta a chaitheamh níos mó ná uair amháin, nó vóta a chaitheamh i níos mó ná toghcheantar amháin nuair nach bhfuil siad cláraithe chun sin a dhéanamh.
Gníomhaire Pearsanaíochta
Duine a fhreastalaíonn ar stáisiún vótála chun cabhrú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.
Pobalbhreith
Vóta ag na vótálaithe ar fad ar thopaic nó ceist – i reifreann, mar shampla; nó vóta comhaltaí páirtí chun iarrthóir a roghnú.
Cléireach Vótála
Cabhraíonn leis an Oifigeach Ceannais a ndualgas a chomhlíonadh.
Lá na Vótála
An lá a gcaitheann daoine vóta in imeacht toghcháin; tugtar an Lá Vótaíochta air freisin.
Ordú maidir leis an Lá Vótaíochta
Ordú a dhéanann an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ina leagtar amach an t-am agus an dáta le haghaidh imeacht toghcháin.
Cárta Faisnéise Vótaíochta
Cárta ar a bhfuil d’fhaisnéis vótála, .i. suíomh an stáisiúin vótála agus na huaireanta vótála.
Stáisiún vótála
An suíomh i bhfoirgneamh ina ndéantar vótáil i rith toghcháin; tugtar an stáisiún vótaíochta air freisin.
Postvótáil
Vóta a chaitheamh sa phost roimh imeacht toghcháin.Chun a bheith incháilithe don phostvótáil, caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh agus bíonn spriocdhátaí ar leith i bhfeidhm chun clárú roimh imeacht toghcháin.
Vótáil tosaíochta
Córas vótála ina gcaitheann daoine vóta le haghaidh iarrthóirí in ord tosaíochta, ag cur 1 ar an bpáipéar ballóide in aice leis an iarrthóir is fearr leo, 2 don dara hiarrthóir is fearr leo, 3 don tríú hiarrthóir is fearr leo, agus mar sin de.
Oifigeach Ceannais
Bíonn Oifigigh Ceannais freagrach as oscailt, dúnadh agus reáchtáil a stáisiúin vótála i gcaitheamh an lae.
An tUachtarán
Ceann Stát na hÉireann, a shíníonn reachtaíocht ina dlí.
Réamhchlárú
Rogha do dhaoine atá 16 agus 17 mbliana d’aois chun ‘réamhchlárú’ le go gcuirfear ar chlár na dtoghthóirí iad nuair a bheidh 18 mbliana d’aois slánaithe acu.Toghthóirí a bheidh 18 mbliana d’aois ar nó roimh lá na vótála agus atá ar Chlár na dToghthóirí, féadfaidh siad vóta a chaitheamh má bhíonn siad incháilithe.
Ionadaíocht Chionmhar
Córas toghcháin ina mbíonn líon na suíochán a bhuann páirtí i gcomhréir a bheag nó a mhór leis an gcion den vóta a fuair iarrthóirí an pháirtí sin.
PR-STV
Is córas vótála é PR-STV (Ionadaíocht Chionmhar trí aonvóta inaistrithe) ina mbíonn níos mó ná suíochán amháin ar fáil i dtoghcheantar.Caitheann duine vóta le haghaidh na n-iarrthóirí is fearr leo in ord tosaíochta, agus aistrítear aon vótaí nach n-úsáidtear don iarrthóir sin (mar shampla, má fuair siad dóthain vótaí le go dtoghfaí iad) chuig iarrthóirí eile sa toghcheantar go dtí go líontar gach suíochán.
Cuóta
An líon vótaí a theastaíonn ó iarrthóir go hiondúil chun suíochán a bhuachan faoin gcóras PR-STV.Ríomhtar an cuóta tríd an vótáil iomlán bhailí a roinnt ar a 1 níos mó ná líon na suíochán atá ar fáil, agus ansin a 1 a chur leis.
Reifreann
Vóta na dtoghthóirí, ar cheist amháin go hiondúil ar nós athrú ar an mBunreacht nó conradh Eorpach.
Athchomhaireamh
Athchomhaireamh na vótaí i rith comhairimh, a ordaíonn an Ceann Comhairimh.
Clár na dToghthóirí
Liosta díobh siúd ag a bhfuil an ceart chun vóta a chaitheamh i reifrinn agus toghcháin in Éirinn.Eagraítear an clár de réir toghlimistéir agus cuireann na húdaráis áitiúla i dtoll a chéile é.
Clár na bPáirtithe Polaitíochta
Liosta de na páirtithe polaitíochta atá cláraithe go dleathach, a bhíonn in ann iarrthóirí a rith i dtoghcháin na hÉireann.
Ceann Comhairimh
Is iad an Ceann Comhairimh an t-oifigeach a bhíonn i gceannas ar reáchtáil an toghcháin (agus an chomhairimh) ina dtoghcheantar.
Comhiarrthóir
Duine a sheasann i dtoghchán sa toghcheantar céanna le hiarrthóir eile ón bpáirtí céanna.
Seanad Éireann
Seomra uachtarach an Oireachtais, ar dtugtar ‘an Seanad’ freisin.
Dara rogha
An dara rogha a dhéanann vótálaí ar an bpáipéar ballóide, a mharcáiltear leis an uimhir ‘2’.
Seanadóir
Comhalta de Sheanad Éireann.
Scaradh na gcumhachtaí
Córas ina mbíonn feidhmeanna agus cumhachtaí ar leith ag trí bhrainse an rialtais – an feidhmeannas, an reachtas agus na breithiúna – chomh maith leis an gceart gníomhaíochtaí na mbrainsí eile a sheiceáil chun a chinntiú nach n-éiríonn aon bhrainse róchumhachtach.
Toghcheantar aon suíochán amháin
Toghcheantar ina dtoghtar duine amháin.Samplaí de sin iad toghcháin an Uachtaráin agus toghcháin le haghaidh Méaraí dírthofa.
SIPO
Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) maoirseacht a dhéanamh ar eitic ina measc siúd ag a bhfuil oifig phoiblí
Oifigeach Ceannais Maoirseachta
Tugann an tOifigeach Ceannais Maoirseachta cúnamh do thoghthóirí trína dtreorú go dtí a stáisiún vótála ábhartha.Féadfaidh siad comhairle a thabhairt ar aon cheist a bhaineann le próiseas na vótála agus tugann siad faoi dhualgais ghinearálta mhaoirseachta ag stáisiún vótála ar lá na vótála.
Farasbarr
Vótaí breise iarrthóra i ndiaidh dóibh an cuóta a chomhlíonadh.
Dáileadh farasbairr
Dáileadh na vótaí i ndiaidh d’iarrthóir an cuóta a shárú agus a chomhlíonann na critéir le haghaidh dáileadh.
Vótálaí speisialta
Is duine a chónaíonn in ospidéal nó i dteach altranais an vótálaí speisialta atá in ann vóta a chaitheamh sa suíomh sin má chláraigh siad mar vótálaí speisialta.
Vóta millte
Vóta a mheastar atá neamhbhailí agus nach gcomhairfear.D’fhéadfaí a mheas go bhfuil vótaí millte mar gheall ar scríbhneoireacht ar an bpáipéar ballóide; murar marcáladh aon chéad rogha d’iarrthóir go soiléir; nó murar stampáil an tOifigeach Ceannais nó Cléireach Vótaíochta an páipéar ballóide.
Figiúirí an teailí
Torthaí neamhoifigiúla a ríomhann na hoibrithe teailí a bhreathnaíonn ar shórtáil na bpáipéar ballóide ag comhaireamh.
Oibrí teailí
Duine a fhreastalaíonn ar chomhaireamh na vótaí agus, trí bhreathnú ar an bpróiseas, a thugann faoi chomhaireamh neamhoifigiúil ar na páipéir bhallóide i rith an chomhairimh oifigiúil.
An Taoiseach
Ceann Rialtas na hÉireann.
TD
Teachta Dála; Comhalta Parlaiminte (den Seomra Íochtarach, is é sin an Dáil).
Aistrithe
Dáileadh vótaí iarrthóra a cuireadh as an áireamh (nó vótaí iarrthóra a bhfuil a bhfarasbarr á dháileadh) ar na hiarrthóirí atá fágtha, bunaithe ar an dara rogha nó ar roghanna eile a cuireadh in iúl.
Vóta a Chaitheamh / Vótáil
An gníomh a bhaineann le rogha a chur in iúl faoi thoradh nó iarrthóir(í) i reifreann nó toghchán.
Vótálaí
Duine atá i dteideal vóta a chaitheamh agus a dhéanann amhlaidh.Caithfidh vótálaí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois agus caithfidh a n-ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí.
Voter.ie
An suíomh gréasáin do dhaoine ó na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath chun a sonraí clárúcháin a chlárú agus a thabhairt cothrom le dáta.
An líon daoine a vótáil
Líon nó céatadán na vótálaithe ar fad a chaith vóta i dtoghchán ar leith.