Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Eolas ginearálta
Cad a dhéanann An Coimisiún Toghcháin?
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. – tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
– na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn;
– tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa;
– freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú; agus
– tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:
– cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
– feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
– maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
– fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Cé hiad na daoine sa Choimisiún Toghcháin?
Tá seachtar comhaltaí ar Choimisiún Toghcháin neamhspleách na hÉireann. Is í Marie Baker, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an cathaoirleach, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh.
Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
Alex Atwood
John Curran
An tOllamh Caroline Fennell
Maura Quinn
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
Ger Deering, Ombudsman.
Peter Finnegan, Cléireach na Dála.
Faigheann siad tacaíocht ina gcuid oibre ó Fheidhmeannach atá faoi stiúir an Príomhfheidhmeannaigh Art O’Leary.
Cé a mhaoiníonn an Coimisiún Toghcháin?
Comhlacht poiblí neamhspleách is ea an Coimisiún Toghcháin, agus mar sin nílimid faoi choimirce aon Roinn nó Aire Rialtais. Faighimid maoiniú poiblí trínár Vóta neamhspleách féin (Vóta 23) agus táimid freagrach go díreach don Oireachtas agus is é ár Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ár nOifigeach Cuntasaíochta.
Céard iad na rialacha faoi phóstaeir?
Tá rialacha i bhfeidhm faoi phóstaeir, bileoga agus cineálacha eile fógraíochta i rith feachtas toghcháin. Tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla póstaeir a bhaint anuas más é leas an phobail déanamh amhlaidh.
Níl an Coimisiún Toghcháin freagrach as beartas ná reachtaíocht toghcháin i leith na bhfodhlíthe ná rialacha eile a bhaineann le póstaeir a chur in airde ná nuair a chaithfear iad a bhaint anuas. Is leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go príomha a bhaineann an fhreagracht beartais agus reachtach sin.
Is é an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009 an reachtaíocht a rialaíonn na háiteanna a chrochtar póstaeir aimsir toghcháin. Foráiltear sa reachtaíocht nach bhfuil cead póstaeir a chur in airde ach ón dáta a ndéanann an tAire an t-ordú lena gceaptar lá na vótála nó 30 lá roimh dháta an toghcháin, cibé tréimhse acu sin is giorra. Caithfear na póstaeir a bhaint anuas laistigh de sheacht lá de lá na vótála.
Mar sin, le haghaidh na dtoghchán áitiúil, Eorpach agus thoghchán Mhéara Luimnigh in 2024 is féidir póstaer a chrochadh ó Dé Céadaoin, 8 Bealtaine 2024 agus caithfear iad a bhaint faoi mheán oíche Dé hAoine, 14 Meitheamh 2024.
Cén chaoi a n-oibreoidh mé ag stáisiún vótála?
Bíonn an Ceann Comhairimh le haghaidh gach toghlimistéir freagrach as foireann a fhostú le haghaidh imeachtaí toghcháin.
Má tá spéis agat in oibriú ag stáisiún vótála, téigh i dteagmháil leis an gCeann Comhairimh Áitiúil i do thoghlimistéar le haghaidh tuilleadh eolais.
Tá liosta de na Cinn Chomhairimh ar fáil ar líne anseo.
Cén chaoi a roghnaítear na stáisiúin vótála?
Roghnaíonn na cinn chomhairimh áitiúla na stáisiúin vótála.
Má tá aon cheist agat faoi do stáisiún vótála, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat.
Faigh tuilleadh eolais faoi vótáil poist ar ár leathanach Vótáil Inrochtana.
Cén fáth a gcuirtear pinn luaidhe ar fáil sna stáisiúin vótála?
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála, ach is féidir leat do pheann nó do pheann luaidhe féin a thabhairt leat más maith leat.
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála mar:
– maireann siad níos faide, agus níl dúch iontu a thriomaíonn idir na himeachtaí toghcháin;
– ní féidir le luaidhe marc a fhágáil ar pháipéir bhallóide eile;
– ní smearfaidh an luaidhe ó pheann luaidhe ná ní sileadh sí má éiríonn an páipéar ballóide fliuch;
– má smearann dúch ó pheann páipéar ballóide eile, nó má shileann sé air, d’fhéadfadh an páipéar eile sin a bheith neamhbhailí.
Is caighdeán idirnáisiúnta é pinn luaidhe a úsáid le vóta a chaitheamh, ní nós in Éirinn amháin. Baineann an Ríocht Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus go leor tíortha eile úsáid as pinn luaidhe chun vóta a chaitheamh. . Mar sin féin, féadfaidh tú do pheann féin a thabhairt leat agus vóta a chaitheamh leis sin
Cé atá ceadaithe a bheith i láthair ag stáisiún vótála?
I measc na ndaoine atá ceadaithe a bheith i láthair ag stáisiún vótála ar lá na vótála tá:
– an Ceann Comhairimh áitiúil, a n-ionadaithe nó teachtairí arna gcur chucu nó thar a gceann;
– an tOifigeach Ceannais agus Cléireach Vótaíochta;
– an tOifigeach Ceannais Maoirseachta (má cheaptar ceann);
– aon chomhalta den Dáil don dáilcheantar agus aon chomhalta den Seanad;
– aon Ghníomhaire Pearsanaíochta a ceapadh le haghaidh do stáisiúin;
– duine atá ag feidhmiú mar “chompánach” do thoghthóir atá faoi mhíchumas fisiciúil, ar a bhfuil lagú radhairc nó ag a bhfuil deacracht litearthachta;
– Gardaí ar dualgas;
– aon duine ag a bhfuil údarás ón gCeann Comhairimh áitiúil a bheith i láthair ag do stáisiún.
Cén chaoi a mbeidh mé i m’iarrthóir le bheith sna toghcháin Eorpacha, na toghcháin áitiúla nó i dtoghchán mhéara Luimnigh?
Tá sonraí faoi na páirtithe polaitíochta atá in ann iarrthóirí a ainmniú do na toghcháin Eorpacha, na toghcháin áitiúla agus do thoghchán mhéara Luimnigh ar fáil ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta.
Faoi Alt 51(5) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, is é Clár na bPáirtithe Polaitíochta atá i bhfeidhm le haghaidh thoghcháin an 7 Meitheamh an leagan den Chlár a bhí ann ar an dáta a ndearna an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na hOrduithe maidir leis an Lá Vótaíochta (5 Aibreán 2024).
Tá 29 páirtí polaitíochta ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta faoi láthair.
Mura bhfuil aon cheangal ag an iarrthóir le páirtí polaitíochta faoi leith, féadfaidh siad “Gan Pháirtí” a chur ar a bhfoirm ainmniúcháin, nó an spás a fhágáil bán.
I gcás na n-ainmniúchán le haghaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh iarrthóirí gan pháirtí atá ina mball de ghrúpa polaitíochta i bParlaimint na hEorpa ainm an ghrúpa sin a chur ar na páipéir bhallóide agus fógraí ar fad.
Cén chaoi a mbeidh mé i m’iarrthóir le bheith sna toghcháin Eorpacha, na toghcháin áitiúla nó i dtoghchán mhéara Luimnigh?
Níl an Coimisiún Toghcháin freagrach as an mbeartas maidir leis an gcaoi a n-ainmnítear iarrthóirí toghcháin le haghaidh toghcháin dhifriúla, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as an mbeartas sin.
Déanann gach Ceann Comhairimh do gach toghchán ar leith an gnáthphróiseas ainmniúcháin le haghaidh iarrthóirí an toghcháin sin a bhainistiú, ina measc glacadh le foirmeacha ainmniúcháin.
Tá sonraí Chinn Chomhairimh na dToghchán Eorpach ar fáil anseo:
Eolas faoi na toghcháin áitiúla
Céard iad na toghcháin áitiúla?
Bíonn toghcháin áitiúla in Éirinn gach cúig bliana. Is é cuspóir na dtoghchán Comhairleoirí a thoghadh ar ár nÚdaráis Áitiúla.
Tá 31 Údarás Áitiúil ann:
– 26 Comhairle Contae – a bhfuil trí cinn díobh i mBaile Átha Cliath (Fine Gall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Áth Cliath Theas)
– 3 Chomhairle Cathrach – Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh
– 2 Chomhairle Cathrach agus Contae – Luimneach agus Port Láirge
Comhlíonann na hÚdaráis Áitiúla raon leathan feidhmeanna, ina measc tithíocht, pleanáil, trácht, páirceanna agus áiseanna spóirt, seirbhísí leabharlainne, cur chun cinn na n-ealaíon agus an chultúir, feabhsuithe ar bhóithre, maoiniú do thionscnaimh pobail, seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, caitheamh bruscair a chosc agus a rialú, agus neart eile.
Tá tuilleadh eolais faoi róil agus feidhmeanna na n-údarás áitiúil ar fáil ar na naisc seo a leanas:
– Rialtas: Rialtas Áitiúil – Struchtúir agus Feidhmeanna (www.gov.ie)
– Rialtais Áitiúil – LGMA
Bíonn ról ceaptha beartas agus maoirseachta ag Comhairleoirí i dtaobh an chaoi a n-oibríonn a n-údarás áitiúil. Déanann siad ionadaíocht freisin ar dhearcthaí an phobail áitiúil nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh ag feidhmeannas an údaráis áitiúil.
Beidh na toghcháin le haghaidh Comhairleoirí ar fud na hÉireann ar siúl Dé hAoine, 7 Meitheamh, idir a 7.00 r.n. agus a 10.00 i.n.
Cé mhéad comhairleoirí áitiúla a thoghfar sna Toghcháin Áitiúla a bheidh ar siúl ar an 7 Meitheamh?
Tá 949 Comhairleoir Áitiúil i 31 Údarás Áitiúil na hÉireann faoi láthair.
Beidh na toghcháin le haghaidh na gComhairleoirí Áitiúla i ngach Údarás Áitiúil ar siúl ar an lá céanna – Dé hAoine, 7 Meitheamh, idir a 7.00 r.n. agus a 10.00 i.n.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sna Toghcháin Áitiúla a bheidh ar siúl ar an 7 Meitheamh?
Beidh gach duine a chomhlíonann na critéir seo a leanas incháilithe chun vóta a chaitheamh sna Toghcháin Áitiúla:
– 18 mbliana d’aois nó os a chionn;
– Gnáthchónaí ort in Éirinn;
– Ar chlár na dtoghthóirí www.checktheregister.ie
NÍ GÁ duit a bheith i do Shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla.
Is é an spriocdháta chun clárú le vótáil an 20 Bealtaine. Is é an spriocdháta chun clárú le haghaidh postvótála nó vóta speisialta an 11 Bealtaine.
Cén chaoi a mbainistítear na toghcháin áitiúla?
Bainistíonn Ceann Comhairimh an Údaráis Áitiúil an toghchán le haghaidh an údaráis áitiúil féin.
Íocann gach údarás áitiúil as costas a dtoghchán féin a reáchtáil.
Tá sonraí Chinn Chomhairimh na nÚdarás Áitiúil anseo.
Eolas faoi na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa
Céard iad na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa?
Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna an 448 milliún saoránach san Aontas Eorpach. Tá cumhachtaí reachtacha, buiséadacha agus maoirseachta aici, chomh maith le ról tábhachtach i múnlú reachtaíocht an Aontais, bhuiséad bliantúil an Aontais, agus i maoirsiú obair institiúidí an Aontais, an Coimisiún Eorpach ina measc.
Déanann saoránaigh an Aontais Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh go díreach gach cúig bliana.
Sanntar suíocháin ar bhonn daonra gach Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh níos lú ná seisear Feisirí ná níos mó ná 96 Feisire ag aon tír amháin, agus ní sháróidh an t-iomlán 750 (móide an tUachtarán).
Dé hAoine, 7 Meitheamh, toghfaidh Éire 14 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa?
Tá tú incháilithe vótáil sna toghcháin Eorpacha in Éirinn má tá tú:
– 18 mbliana d’aois nó níos sine
– cláraithe le vóta a chaitheamh
– i do shaoránach Éireannach nó AE a bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn
Féadfaidh saoránaigh Éireannacha a chónaíonn i mBallstáit AE eile vóta a chaitheamh sa tír ina bhfuil cónaí orthu.
Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích. Seolfar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile lena chinntiú nach bhfuil dhá vóta á gcaitheamh ag daoine.
Céard iad toghlaigh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn?
Tá trí thoghlach in Éirinn do Pharlaimint na hEorpa:
–1. Baile Átha Cliath / Ceathrar (4) Feisirí: ina bhfuil contaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Átha Cliath Theas; agus cathair Bhaile Átha Cliath;
– 2. An Lár Tíre – an tIarthuaisceart / Cúigear (5) Feisirí: ina bhfuil contaetha an Chabháin, Chill Dara, Dhún na nGall, na Gaillimhe, na hIarmhí, Laoise, Liatroma, an Longfoirt, Lú, Mhaigh Eo, na Mí, Mhuineacháin, Ros Comáin, Shligigh agus Uíbh Fhailí, agus cathair na Gaillimhe
– An Deisceart / Cúigear (5) Feisirí: ina bhfuil contaetha Cheatharlach, Chiarraí, Chill Chainnigh, Chill Mhantáin, an Chláir, Chorcaí, Loch Garman agus Thiobraid Árann; agus cathair Chorcaí, agus cathair agus contae Luimnigh, agus cathair agus contae Phort Láirge
Caitheann gach toghthóir vóta sa toghlach ina bhfuil siad cláraithe. Is féidir leat clárú le vótáil nó seiceáil an bhfuil do shonraí ar chlár na dtoghthóirí ceart anseo: www.checktheregister.ie
An mbeidh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl i dtíortha AE eile?
Beidh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl ar fud na dtíortha AE ar fad idir an 6 agus an 9 Meitheamh. Is é lá na vótála in Éirinn Dé hAoine, 7 Meitheamh. Beidh cead vótála idir a 7.00 r.n. agus a 10.00 i.n.
Is é an spriocdháta chun clárú le vótáil an 20 Bealtaine. Is é an spriocdháta chun clárú le haghaidh postvótála nó vóta speisialta an 11 Bealtaine.
Eolas faoi thoghchán Mhéara Luimnigh
Cén fáth a mbeidh toghchán ann do Mhéara Luimnigh?
I mí na Bealtaine 2019, vótáil muintir chathair agus chontae Luimnigh ar son togra le haghaidh Méara dírthofa ag a mbeadh feidhmeanna feidhmiúcháin. Shínigh an tUachtarán an reachtaíocht chun an ról nua sin a chruthú go luath i mí an Mhárta 2024. Beidh an Méara in oifig ar feadh cúig bliana. Féadfaidh an Méara dhá théarma oifige ar a mhéad a dhéanamh, a fhéadfaidh a bheith i ndiaidh a chéile nó gan a bheith.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara dírthofa Luimnigh?
Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:
– A bheith 18 mbliana d’aois
– Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
– A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh
Is féidir leat a sheiceáil an bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh nó clárú le vótáil trí dhul go www.checktheregister.ie nó trí dhul i dteagmháil le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Is é an spriocdháta chun clárú le vótáil an 20 Bealtaine. Is é an spriocdháta chun clárú le haghaidh postvótála nó vóta speisialta an 11 Bealtaine.
Cén chaoi a mbeidh mé i m’iarrthóir le bheith sna toghchán mhéara Luimnigh?
Níl an Coimisiún Toghcháin freagrach as an mbeartas maidir leis an gcaoi a n-ainmnítear iarrthóirí toghcháin le haghaidh toghcháin dhifriúla, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as an mbeartas sin.
Déanann gach Ceann Comhairimh do gach toghchán ar leith an gnáthphróiseas ainmniúcháin le haghaidh iarrthóirí an toghcháin sin a bhainistiú, ina measc glacadh le foirmeacha ainmniúcháin.
Tá sonraí Chinn Chomhairimh na dToghchán Eorpach ar fáil anseo:
Ullmhú chun vóta a chaitheamh sna toghcháin atá ar na bacáin
An bhfuil mé cláraithe le vótáil?
Caithfidh tú a bheith ar Chlár na dToghthóirí chun vóta a chaitheamh ar lá na vótála.
Is féidir leat seiceáil an bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí ag checktheregister.ie nó trí teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla thíos.
Fiú má cheapann tú go bhfuil tú cláraithe le vótáil, ba chóir duit breathnú ar Check the Register lena chinntiú go bhfuil do chuid sonraí, lena n-áirítear do sheoladh, ceart agus suas chun dáta. Seolfar do chárta vótála chuig an seoladh atá taifeadta ar Chlár na dToghthóirí, mar sin ba chóir duit é a sheiceáil más rud é gur athraigh tú do sheoladh le déanaí.
Is é an 20 Bealtaine 2024 an spriocdháta le haghaidh clárú ar líne chun vótáil sna reifrinn.
Is é an 11 Bealtaine 2024 an spriocdháta le haghaidh iarratais a fháil le haghaidh vóta poist do na toghcháin.
Má fhaightear d’iarratas ar chlárúchán i ndiaidh na ndátaí sin, próiseálfaidh d’údarás áitiúil é i ndiaidh na toghcháin a reáchtáil. Ní bheidh tú incháilithe le vóta a chaitheamh sna reifrinn má bhíonn d’iarratas mall.
An bhfuil mo chuid sonraí suas chun dáta ar chlár na dtoghthóirí?
Is féidir leat do chuid sonraí (m.sh. seoladh, Éirchód, UPSP, dáta breithe) a sheiceáil ar Chlár na dToghthóirí ag Seiceáil an Clár nó trí teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla thíos.
Cén áit ar féidir liom vótáil?
Beidh do stáisiún vótála ainmnithe liostaithe ar do chárta vótála. Ba cheart go mbeadh do chárta vótála seolta chugat sa phost roimh lá na vótála. Seolfar é chuig an seoladh atá cláraithe agat ar Chlár na dToghthóirí.
Mura bhfaigheann tú cárta vótála, is féidir leat do stáisiún vótála ainmnithe a sheiceáil ag Seiceáil an Clár nó tríd an suíomh gréasáin Ceann Comhairimh ábhartha do do chontae a sheiceáil. Ní féidir vóta a chaitheamh ach amháin i do stáisiún vótála ainmnithe.
An féidir liom vóta poist a fháil?
Ceadaítear vótáil tríd an bpost i dtaobh catagóirí áirithe daoine, mar a leagtar síos i ndlí toghcháin.
San áireamh tá:
– Baill An Garda Síochána
– Baill Óglaigh na hÉireann
– Taidhleoirí Éireannacha atá ag déanamh seirbhíse thar lear, agus a gcéilithe/bpáirtithe.
– Daoine nach féidir leo vóta a chaitheamh ag a stáisiún vótála áitiúil de dheasca tinnis nó míchumais
– Vótálaithe le slí bheatha, seirbhís nó fostaíocht a chiallaíonn gur dócha nach mbeidh said in ann vóta a chaitheamh i bpearsan ar lá na vótála.
– Mic léinn lánaimseartha atá cláraithe ag a mbaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát
– Vótálaithe Anaithnid nó baill teaghlaigh an té a bheadh i gcontúirt dá bhfoilseofaí a n-ainm nó a seoladh ar Chlár na dToghthóirí.
– Príosúnaithe
Is féidir na foirmeacha cuí le clárú le haghaidh vóta poist a fháil ó Check the Register nó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.
Is féidir d’fhoirm líonta a sheoladh chuig d’Údarás Áitiúil ag am ar bith. Ach chun a bheith incháilithe le haghaidh postvótála sna toghcháin ar an 7 Meitheamh 2024, caithfidh d’údarás áitiúil d’fhoirm a fháil tráth nach déanaí ná an 11 Bealtaine 2024. Má fhaigheann d’údarás áitiúil d’fhoirm i ndiaidh an dáta sin, ní bhfaighidh tú cead postvótála sna toghcháin atá ar na bacáin.
Faigh tuilleadh eolais faoi vótáil poist ar ár leathanach Vótáil Inrochtana.
Conas a vótálaim tríd an bpost?
Chomh luath agus atá an fhoirm agus an cháipéisíocht ábhartha curtha isteach agat ,gheobhaidh tú sraith cáipéisíochta vótála a bheidh comhdhéanta de:
páipéir bhallóide;
– admháil ar na páipéir bhallóide;
– cumhdach litreach ina gcuirfear na páipéir bhallóide mharcáilte; agus
– cumhdach litreach níos mó chun na cáipéisí vótála a sheoladh ar ais chuig an gceann comhairimh.
Chun vóta a chaitheamh::
– Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de. Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.
– Cuir do pháipéar ballóide marcáilte sa chlúdach litreach leis an lipéad “Clúdach Litreach don Pháipéar Ballóide” agus cuir séala air;
– Cuir an clúdach litreach seo in éineacht leis an admháil chomhlánaithe don pháipéar ballóide isteach sa chlúdach litreach mór le seoladh an cheann chomhairimh air, cuir séala air agus cuir sa phost é láithreach bonn;
– Ní mór don pháipéar ballóide a bheith curtha sa phost agus ní féidir é a chur díreach i lámha an cheann comhairimh.
An féidir liom iarratas a dhéanamh chun a bheith i mo Vótálaí Speisialta?
Is féidir le duine a bhfuil cónaí air in ospidéal, teach altranais, saoráid meabhair-shláinte nó institiúid dá samhail, agus a bhfuil míchumas nó breoiteacht air a chuireann cosc orthu dul go dtí an stáisiún vótála, vótáil san ospidéal, sa teach altranais nó in áis chomhchosúil má dhéanann siad iarratas ar a bheith san áireamh ar liosta na vótálaithe ar leith arna ullmhú agus arna chothabháil ag údaráis chlárúcháin (comhairle contae, cathrach agus cathrach agus contae) mar chuid de chlár na dtoghthóirí.
I gcás céad iarratais, agus aon uair a éilíonn na húdaráis chlárúcháin i gcás iarratais ina dhiaidh sin, ní mór deimhniú ó lia-chleachtóir cláraithe (amhail dochtúir teaghlaigh) a bheith ag gabháil leis).
Más mian leat clárú mar vótálaí ar leith, ba cheart duit amhlaidh a dhéanamh trí fhoirm SV1 a líonadh amach, atá ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála de na hÚdaráis Áitiúla.
Is féidir d’fhoirm chomhlánaithe a chur ar ais chuig d’Údarás Áitiúil am ar bith, ach le bheith incháilithe do vóta poist sna reifrinn a bheidh ar siúl an 7 Meitheamh, áfach, caithfidh d’údarás áitiúil d’fhoirm a fháil tráth nach déanaí ná an 11 Bealtaine 2024. Má fhaigheann d’Údarás Áitiúil d’fhoirm i ndiaidh an dáta seo, ní fhaighidh tú vóta speisialta.
Conas a chaithim mo vóta má tá mé chláraithe mar Vótálaí Speisialta?
Ag toghchán nó reifreann, cuirfear ar an eolas tú maidir leis an lá agus an neas-am (am/pm) a mbeidh oifigeach ceannais speisialta ag stopadh ag an ospidéal, ag an teach altranais, ag an tsaoráid mheabhairshláinte nó ag institiúid den sórt sin.
Beidh fianaise chéannachta agus barántas coinne ar iompar ag an oifigeach ceannais speisialta a thabharfaidh siad chugat lena iniúchadh nuair a bhainfidh tú an áit amach. Beidh Garda i dteannta an oifigigh cheannais speisialta agus beidh sé mar ról acu na páipéir bhallóide a chosaint (ar an gcaoi chéanna agus a dhéantar i stáisiún vótála) agus gníomhú mar fhinné neamhspleách chun a chinntiú go gcuirfear an nós imeachta vótála i gcrích i gceart.
Ní fhéadfaidh ach an t-oifigeach ceannais agus an Garda a bheith i láthair nuair a chaitear an vóta. Tabharfaidh an t-oifigeach ceannais dearbhú céannachta duit agus beidh siad mar fhinné don dearbhú sin.
Ansin, déanfaidh tú an páipéar ballóide a mharcáil faoi rún, cuirfidh tú sa chlúdach speisialta a chuirtear ar fáil é, dúnfaidh tú an clúdach agus tabharfaidh tú don oifigeach ceannais é.
Más gá cúnamh le vótáil, soláthróidh an t-oifigeach ceannais speisialta é ar an mbealach céanna agus a sholáthrófar ag stáisiún vótála é.
I gcás eisceachtúil nach bhfuil an t-ospidéal, an teach altranais, an tsaoráid meabhair-shláinte nó foras dá samhail de chuid an vótálaí speisialta inrochtana don oifigeach ceannais ar leith, féadfaidh an ceann comhairimh nósanna imeachta vótála speisialta a chur i bhfeidhm, amhail vóta poist a eisiúint chuig na vótálaithe ar leith lena mbaineann.
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh le m’Údarás Áitiúil?
Ní bhfuair mé mo chárta faisnéise vótaíochta. An féidir liom vóta a chaitheamh fós?
Is iad na húdaráis áitiúla a eiseoidh na cártaí faisnéise vótaíochta le haghaidh thoghcháin an 7 Meitheamh. Tosaíonn an obair ar na cártaí faisnéise vótaíochta a eisiúint a luaithe is féidir i ndiaidh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta a dhéanamh. Seolfar na cártaí i mbaisceanna trí An Post de réir a chéile.
Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat nuair a théann tú chuig an stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh.
Má theastaíonn uait suíomh do stáisiúin vótála a sheiceáil, is féidir sin a dhéanamh ar www.checktheregister.ie nó www.voter.ie (Baile Átha Cliath amháin).
Beidh mé imithe as an tír lá na vótála. An féidir liom vótáil?
Ní mór duit do vóta a chaitheamh i do stáisiún vótála ainmnithe ar lá na vótála – Dé hAoine, 7 Meitheamh, mura bhfuil iarratas déanta agat ar vóta poist nó ar vóta speisialta.
How can I remove a family member from the Register of Electors?
In order to remove a family member from the register of electors you must complete a TPC1 Third Party Request to amend the register Form and post it to your local authority.
Use this form if you have reasonable grounds to believe that an entry on the register about another person is inaccurate (including, for example the death of a family member).
Is féidir d’fhoirm líonta a sheoladh chuig d’Údarás Áitiúil ag am ar bith.
A list of postal addresses of all local authorities can be found here: https://www.checktheregister.ie/en-IE/contact