Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Cá háit le Vótáil

Nuair atá tú cláraithe le vóta a chaitheamh, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta chun vótáil i gceann amháin ar a laghad de na toghcháin a bheidh ar bun ar an 7 Meitheamh, seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh baile cláraithe roimh lá na vótála.

Beidh an méid seo a leanas ar an gcárta faisnéise vótaíochta: d’uimhir thoghthóra, ainm an stáisiúin vótála ina gcaithfidh tú vóta, ráiteas foirmiúil ina míneofar cén toghchán nó reifreann ina gcaithfidh tú vóta; agus am oscailte agus am dúnta do stáisiúin vótála. Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach i do stáisiún vótála ainmnithe.

Is minic a úsáidtear scoileanna áitiúla nó foirgnimh pobail atá gar do do sheoladh cláraithe mar stáisiúin vótála.

Mura bhfaighidh tú cárta faisnéise vótaíochta, ní fhágann sin nach féidir leat vóta a chaitheamh. Féadfaidh tú www.checktheregister.ie a úsáid nó is féidir leat glaoch a chur ar d’údarás áitiúil chun seiceáil an bhfuil tú ar an gclár, agus cá bhfuil do stáisiún vótála.

Céard a theastaíonn chun vóta a chaitheamh?

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh a fhios agat nach féidir leat vóta a chaitheamh ach ag an stáisiún vótála a ainmnítear ar do chárta faisnéise vótaíochta. Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh, ach caithfidh tú cruthúnas bailí aitheantais a thabhairt leat.

Is féidir leat d’aitheantas a chruthú le ceann ar bith de na cáipéisí aitheantais seo:

  • pas;
  • ceadúnas tiomána;
  • cárta aitheantais oibre ar a bhfuil grianghraf;
  • cárta aitheantais scoláire a d’eisigh institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf;
  • cáipéis taistil ar a bhfuil ainm agus grianghraf;
  • leabhar Bainc, Coigiltis Nó Comhair Creidmheasa ar a bhfuil do sheoladh sa toghcheantar;
  • Cárta Seirbhísí Poiblí;
  • Deimhniú Cónaithe Sealadach;
  • Cárta Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce;
  • Cead Cónaithe Éireannach;

nó ceann díobh seo a leanas i dteannta cáipéis eile ina léirítear seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar:

  • leabhar seiceanna;
  • cárta seiceanna;
  • cárta dochair;
  • cárta creidmheasa;
  • deimhniú breithe;
  • deimhniú pósta

Nuair atá vóta á chaitheamh agat sna toghcháin seo, caithfidh tú a bheith aireach agus a chinntiú go líontar do bhallóid i gceart ionas go gcomhairfear do vóta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vóta a chaitheamh.

Vótálaithe faoi mhíchumas

Tá socruithe speisialta i bhfeidhm chun cabhrú le toghthóirí a bhfuil tinneas nó míchumas orthu ionas go mbeidh siad in ann leas a baint as a gcearta vótála.

Is féidir leat:

• Vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála eile mura bhfuil an stáisiún áitiúil inrochtana

• Cúnamh a fháil vóta a chaitheamh ag an stáisiún vótála ó chompánach nó ón Oifigeach Ceannais le haghaidh daoine ar a bhfuil lagú radhairc, míchumas fisiciúil nó ag a bhfuil deacracht litearthachta

• Vóta a chaitheamh ar theimpléad páipéir ballóide má tá lagú radhairc ort

• Vóta a chaitheamh sa phost (ná déan dearmad clárú nó seiceáil an bhfuil do shonraí cruinn faoin 11 Bealtaine 2024 má tá tú incháilithe dó seo)

• Vóta a chaitheamh in ospidéal, i dteach altranais nó i suíomh dá leithéid más ann a chónaíonn tú

Tá tuilleadh eolais faoi seo ar fáil ar ár leathanach faoi vótáil inrochtana.