Skip to main content
Decorative image of vote being placed into a ballot box

Is é do vóta do ghuth

Tá Fiúntas ag baint le do Vóta

Tá tábhacht le gach vóta i reifrinn agus toghcháin.

Tugtar deis duit leis an vótáil i reifrinn agus i dtoghcháin a bheith mar chuid den chinnteoireacht a bhaineann le do shaol agus le todhchaí ár dtíre.

Is é do vóta do ghuth sna toghcháin atá ar na bacáin Dé hAoine an 7 Meitheamh 2024.

Mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh daoine eile an cinneadh duit.

Ag caitheamh vóta

Nuair is vótálaí thú, tugtar an cumhacht duit todhchaí ár dtíre a mhúnlú.

Is féidir vóta a chaitheamh trí chlárú agus do chuid sonraí a sheiceáil ar www.checktheregister.ie. . Ansin, gheobhaidh tú cárta vótála go huathoibríoch chuig do sheoladh baile atá cláraithe roimh an gcéad imeacht toghcháin a bhfuil tú incháilithe vóta a chaitheamh ann. Is féidir do thuairim a chur chun tosaigh trí vóta a chaitheamh ar lá na vótála.

Tá an daonlathas ag brath ort!

Feidhmíonn an daonlathas ag barr a mhaitheasa má ghlacann daoine páirt ann. Is féidir leat ról a imirt i ndaonlathas na hÉireann a choinneáil láidir trí chlárú chun vóta a chaitheamh agus trí dul amach ar lá na vótála agus do thuairim a chur chun tosaigh.

Is ionann gan vóta a chaitheamh agus do ghuth a ghéilleadh

Cinntear na toghcháin ag na daoine a théann amach agus a chaitheann vóta. Mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh duine eile an cinneadh duit. Is é do vóta do ghuth, déan cinnte go mbaineann tú úsáid as.