Skip to main content
Decorative image of people voting

Is é do vóta do ghuth

Incháilitheacht vótálaithe

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán ar bith, caithfidh tú a bheith incháilithe le vótáil.

Caithfidh tú a bheith:

Fiú má tá tú incháilithe le vótáil, ní féidir leat vóta a chaitheamh mura bhfuil tú cláraithe ar Chlár na dToghthóirí

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil?

Tá aon duine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát i dteideal clárú ar Chlár na dToghthóirí. Ní gá duit a bheith i do Shaoránach Éireannach chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil.

Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil, caithfidh tú a bheith:

  • Os cionn 18 mbliana d’aois
  • I do chónaí sa toghlimistéar áitiúil
  • Ar liosta Chlár na dToghthóirí

Cé atá in ann vótáil i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa?

Is féidir le gach saoránach Éireannach atá os cionn 18 mbliana d’aois vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa. Más saoránach Éireannach thú, ach tá tú i do chónaí i dtír eile an AE, is féidir leat do vóta a chaitheamh sa tír sin.

Más as ballstát eile den Aontas Eorpach thú, ach tá tú i do chónaí in Éirinn, is féidir leat do vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa anseo in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, ní mór do d’ainm a bheith ar chlár na dtoghthóirí.

Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích. Seoltar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile chun vótáil dhúblach a sheachaint.

Ní féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán na hEorpa i níos mó ná toghcheantar ná tír amháin.

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh?

Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:

  • A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
  • Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
  • A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh

Bí cinnte go bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh agus seiceáil d’incháilitheacht roimh an spriocdháta, an 20 Bealtaine 2024, trí dhul go www.checktheregister.ie nó trí dhul i dteagmháil le Comhairle Cathrach nó Contae Luimnigh.