Skip to main content
Image of person in wheelchair being assisted voting.

Is é do vóta do ghuth

Vótáil Inrochtana

Tá roghanna difriúla i bhfeidhm do dhaoine nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ag stáisiún vótála. Tá na roghanna sin ar fáil ar chúiseanna éagsúla, ina measc míchumas, cumas difriúil léitheoireachta agus scríbhneoireachta, tinneas nó gan a bheith i do ghnátháit chónaithe.

Féadfaidh vótálaithe nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh ag stáisiún vótála:

Vóta a chaitheamh sa phost

Réimse suntasach amháin a d’athraigh an tAcht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 ná an clár rollach nó leanúnach a tugadh isteach. Dá bharr sin, is féidir le daoine a sonraí a thabhairt cothrom le dáta am ar bith den bhliain (seachas díreach roimh imeacht toghcháin).

Athrú eile a tháinig isteach leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 ná go bhfuil daoine a bhfuil míchumas nó tinneas meabhrach orthu incháilithe le cur isteach ar phostvótáil.

Chun iarratas a dhéanamh ar phostvótáil/vóta speisialta mar gheall ar thinneas, míchumas nó cúinse ar leith, beidh ort Foirm Iarratais PV2 a chomhlánú.

Má cheapann tú go bhfuil tú incháilithe le haghaidh postvótála nó vóta speisialta, beidh ort iarratas a dhéanamh faoin 11 Bealtaine 2024 le bheith cláraithe in am do na toghcháin a bheidh ar siúl Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024. Déan é sin go luath lena chinntiú go mbeidh tú cláraithe in am.

Braitheann spriocdhátaí na n-iarratas ar an gcineál imeachta toghcháin atá i gceist:

  • Dáil/Olltoghchán – Dhá lá tar éis dháta lánscor na Dála
  • Fothoghchán Dála – Dhá lá tar éis an t-ordú maidir le lá na vótaíochta a dhéanamh
  • Toghcháin an Uachtaráin, toghcháin Eorpacha, toghcháin áitiúla nó reifreann – 22 lá ar a laghad roimh lá na vótála (gan Domhnach, Aoine an Chéasta ná Laethanta Saoire Poiblí san áireamh)

Athrú ar stáisiún vótála a iarraidh

Bhí roinnt stáisiúin vótála fós dorochtana le haghaidh an imeachta toghcháin deiridh (Reifrinn an 8 Márta). Má bhaineann tú úsáid as cathaoir rothaí agus/nó má bhíonn deacrachtaí agat dul isteach i do stáisiún vótála, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur faoi bhráid Cheann Comhairimh do thoghlaigh. Caithfear iarratais chun vóta a chaitheamh i stáisiún vótála eile a fháil seachtain ar a laghad roimh lá na vótála.

Más féidir, ba cheart duit stáisiún vótála eile atá inrochtana agus a d’fheilfeadh duit a mholadh. Mura bhfuil cur amach agat ar na stáisiúin vótála i do cheantar féin, roghnóidh an Ceann Comhairimh stáisiún eile duit. Má thugann tú míniú ar an gcúis nach bhfuil do stáisiún reatha inrochtana duit, cabhróidh sé leis an gCeann Comhairimh ceann eile a roghnú duit.

Seolfaidh an Ceann Comhairimh údarú chun vótáil ag stáisiún vótála eile chugat. Ba cheart duit an t-údarú sin (chomh maith leis an ngnáthfhianaise ar d’aitheantas) a thaispeáint nuair a chaitheann tú vóta. Nuair a athraítear go stáisiún vótála eile thú, ní féidir leat vóta a chaitheamh ag do stáisiún áitiúil.

Cúnamh a fháil chun do vóta a chaitheamh

Féadfaidh daoine atá faoi mhíchumas cúnamh difriúil a fháil chun vóta a chaitheamh sa stáisiún vótála. Is féidir é sin a dhéanamh trí chúnamh a fháil ó:

  • Compánach
  • Oifigeach Ceannais
  • Teimpléad páipéir ballóide

Tá tuilleadh eolais anseo thíos faoi na cineálacha cúnaimh a bhíonn ar fáil nuair a chaitheann tú do vóta.