Skip to main content
Decorative image showing people voting

Is é do vóta do ghuth

Cad é a n-iarrtar cinneadh a dhéanamh ina leith?

Ar an 8 Márta 2024, iarrfar ar shaoránaigh na hÉireann vótáil in dhá reifreann chun ár mBunreacht a athrú.

Baineann an chéad Reifreann le coincheap an Teaghlaigh sa Bhunreacht.

Tá sé beartaithe leis an dara Reifreann cuid den Bhunreacht atá ann cheana a scriosadh agus téacs nua a chur isteach lena dtabharfar aitheantas don chúram a sholáthraíonn baill teaghlaigh dá chéile

Tá dhá vóta ar leith agat faoi an mian leat na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar théacs reatha Airteagal 41 den Bhunreacht.

Leabhráin eolais an reifrinn MÁRTA 8 DÉ hAOINE  Reifrinn ar an Teaghlach agus Cúram  Do threoir neamhspleách  Is é do vóta do ghuth  Aimsigh ar líne sinn  electoralcommissionie/ga/reifrinn

Leasú ar an Teaghlach

Páipéar ballóide bán a bheidh sa 39ú Leasú ar an mBunreacht. Déileáiltear ann le hAirteagal 41.1.1° agus le hAirteagal 41.3.1° den Bhunreacht, a mbaineann an dá cheann acu leis an Teaghlach.

In Airteagal 41.1.1° “Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna. ”

In Airteagal 41.3.1° “Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.”

Admhaítear sa Bhunreacht faoi láthair lárnacht an aonaid teaghlaigh sa tsochaí agus cosnaítear an Teaghlach atá bunaithe ar phósadh leis.

An Moladh

Sa leasú seo, tá vóta amháin ann le haghaidh dhá athrú mholta. Is éard atá i gceist leis an Moladh téacs breise a chur isteach in Airteagal 41.1.1° agus téacs a scriosadh in Airteagal 41.3.1°. Taispeántar na hathruithe atá beartaithe thíos:

An t-athrú atá beartaithe ar Airteagal 41.1.1° i gcló trom:

In Airteagal 41.1.1° “Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.”

Moltar Airteagal 41.3.1° a athrú tríd an téacs le líne tríd a scriosadh:

Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaitheGabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an Phósta agus é a chosaint ar ionsaí.”

Éifeacht Dhlíthiúil le Vóta TÁ

Má vótálann tromlach TÁ, athrófar an Bunreacht.

Thabharfaí cosaint bhunreachtúil an Teaghlaigh don Teaghlach atá bunaithe ar phósadh agus don Teaghlach atá bunaithe ar “chóngais bhuanfasacha eile”.

Ciallaíonn an Teaghlach atá bunaithe ar phósadh an t-aonad atá bunaithe ar phósadh idir beirt daoine gan idirdhealú maidir lena n-inscne.

Ciallaíonn an Teaghlach atá bunaithe ar chóngais bhuanfasacha eile Teaghlach atá bunaithe ar chineálacha éagsúla caidrimh gheallta agus leanúnaigh seachas pósadh.

Mar sin, bheadh na cearta agus na cosaintí bunreachtúla céanna ag cineálacha éagsúla aonad teaghlaigh.

Admhófar an Pósadh fós mar fhoras nach mór don Stát é a chosaint go cúramach agus é a chosaint ar ionsaí.

Éifeacht Dhlíthiúil le Vóta NÍL

Má vótálann tromlach NÍL, ní dhéanfaí athrú ar Airteagal 41.1.1° agus 41.3.1° den Bhunreacht atá ann cheana.

Le hAirteagal 41.1.1° dá bhrí sin, leanfaí le stádas bunreachtúil speisialta a thabhairt don Teaghlach atá bunaithe ar phósadh idir beirt daoine, gan idirdhealú a dhéanamh maidir lena n-inscne amháin.

Admhófar an Pósadh fós le hAirteagal 41.3.1° mar fhoras nach mór don Stát é a chosaint go cúramach agus é a chosaint ar ionsaí.

Leasú ar Chúram

Páipéar ballóide uaine a bheidh sa 40ú Leasú ar an mBunreacht. Moltar leis Airteagal 41.2.1° agus Airteagal 41.2.2° reatha a scriosadh agus Airteagal 42B nua a chur isteach.

Airteagal 41.2.1° “Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.”

Airteagal 41.2.2° “Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

Tagraíonn an Bunreacht faoi láthair, le hAirteagal 41.2, don tábhacht a bhaineann le saol na mban laistigh den teaghlach don leas coiteann agus go bhféachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina “ndualgais sa teaghlach”.

An Moladh

Sa leasú seo, tá vóta amháin ann le haghaidh dhá athrú mholta. Is éard atá i gceist leis an moladh Airteagal 41.2.1° agus Airteagal 41.2.2° a scriosadh, mar a thaispeántar ar chlé, agus Airteagal 42B nua a chur isteach mar atá leagtha amach thíos:

“Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim le tacú leis an gcúram sin a thabhairt.”

Éifeacht Dhlíthiúil le Vóta TÁ

Má vótálann tromlach TÁ, scriosfar Airteagal 41.2.1° agus Airteagal 41.2.2°, agus cuirfear Airteagal 42B nua isteach sa Bhunreacht.

Tá sé molta go scriosfaí Airteagal 41.2 reatha ina iomláine agus go gcuirfí isteach Airteagal 42B nua.

D’admhódh an 42B nua, ar an gcéad dul síos, a thábhachtaí atá an cúram a sholáthraíonn baill teaghlaigh dá chéile ar mhaithe le leas an phobail.

Ar an dara dul síos, d’fhorálfadh sé go mbeidh an Stát “ag dréim le tacú” le cúram den sórt sin a sholáthar laistigh de theaghlaigh.

Éifeacht Dhlíthiúil le Vóta NÍL

Má vótálann tromlach NÍL, ní dhéanfar athrú ar Airteagal 41.2.1° agus 41.2.2° den Bhunreacht atá ann cheana.

Leanfaí le hAirteagal 41.2, le haitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le saol na mban laistigh den teaghlach don leas coiteann.

Leanfaí leis freisin lena cheangal ar an Stát go bhféachfaidh sé lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina “ndualgais sa teaghlach”.