Skip to main content
Decorative image of votes being counted

Is é do vóta do ghuth

Comhlachtaí ceadaithe i reifreann

I reifrinn, is féidir le heagraíocht ar bith, idir phoiblí agus phríobháideach, agus le páirtí polaitiúil cláraithe ar bith iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, le bheith ina Comhlacht Ceadaithe fad a bhíonn an feachtas reifrinn ar siúl.


Is féidir le comhlachtaí ceadaithe gníomhairí a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Bheith i láthair nuair a dhéantar páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, nuair a osclaítear páipéir bhallóide postvótálaithe, agus nuair a dhéantar vótaí a chomhaireamh.
  • Freastal ar gach stáisiún vótála (duine amháin in aghaidh an stáisiúin vótála) chun cuidiú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.

Tá an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh le bheith mar Chomhlachtaí Ceadaithe sealadach do na reifrinn ar an 8 Márta thart anois.