Skip to main content
Decorative image of vote being placed into a ballot box

Is é do vóta do ghuth

Míniú ar Reifrinn

In Éirinn, is féidir dhá chineál reifreann a thionól – reifreann bunreachta agus gnáthreifreann.

Is é Bunreacht na hÉireann an bundoiciméad dlíthiúil lena leagtar amach conas is ceart Éire a rialú.

Ní fé idir an Bunreacht a leasú ach amháin má d’fhormheas muintir na hÉireann an t-athrú a bheartaítear i reifreann bunreachta. Tugtar an seans leis sin do na daoine a chinneadh cé acu an athrófar nó nach n-athrófar foclaíocht an Bhunreachta.

Is féidir leat léamh faoi na reifrinn a bhí in Éirinn go dtí seo.

Mar choimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, tá sé de fhreagracht orainne faisnéis neamhchlaonta a ullmhú faoi thograí an reifrinn agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal.

Ullmhaímid ráitis ar na príomhcheisteanna agus scaipimid na ráitis sin trí leabhrán eolais, an teilifís, an raidió, na nuachtáin, na meáin shóisialta agus cineálacha eile meán chun aird an phobail a tharraingt orthu. Áirítear lenár ról a chinntiú go bhfuil na ráitis inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.