Skip to main content
Pictured a polling station in Dublin.

Is é do vóta do ghuth

An Fhoireann Bainistíochta

Is iad seo a leanas foireann bainistíochta reatha an Choimisiúin Toghcháin:

Ceapadh Art O’ Leary mar Phríomhfheidhmeannach trí cinneadh Rialtais ar 30ú Bealtaine 2023. Is iar Ard-Rúnaí é don Uachtarán, Rúnaí ar roinnt Comhthionól Saoránach agus d’oibrigh sé i dTithe an Oireachtais le fiche bliain.

Is cuntasóir cáilithe (ACMA) í an Ceannasaí Rialachais Chorparáidigh Karen Kehily, agus taithí aici ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon ón am atá caite aici i mbun roinnt post i réimsí na seirbhísí corparáideacha, an rialachais agus na bainistíochta airgeadais.

D’oibrigh Mary Clare O’Sullivan, Ceannasaí Shláine na dToghchán, ar anailís agus forbairt bheartais thar raon réimsí i Roinn an Taoisigh agus bhí sí ina Rúnaí don Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne.

D’oibrigh Sean Garvey, an Ceannasaí Maoirsithe agus Forfheidhmithe, i róil éagsúla sa státseirbhís, ina measc mar Rúnaí an Choimisiúin Reifrinn, Rúnaí an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, Ceannasaí Feidhme Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta agus mar Imscrúdaitheoir Sinsearach in Oifig an Ombudsman.

D’oibrigh Diane Duggan, Ceannaire Dlí, mar abhcóide cleachtach sa Dlí Poiblí agus béim ar leith aici ar an Dlí Bunreachtúil, Cearta Daonna, Dlí Leanaí agus rochtain ar shaincheisteanna ceartais, agus rinne sí ionadaíocht ar an Stát agus ar dhaoine aonair araon. D’fhóin sí mar Chathaoirleach ar Bhinsí Meabhair-Shláinte, chomhordaigh sí scéim pro bono Bharra na hÉireann agus mar aon lena cáilíochtaí dlí tá céim aici sa tsíceolaíocht agus Máistreacht sa Nuálaíocht Shóisialta.