Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Is éard atá i rialachas corparáideach ná na córais, na prionsabail agus na próisis ina rialaítear eagraíochtaí.

Roinnimid eolas ar an leathanach seo faoin gcaoi a n-eagraítear muid, agus faoin gcaoi a ritear an Coimisiún Toghcháin mar chomhlacht poiblí neamhspleách.

Miontuairiscí agus Cláir Oibre an Choimisiúin

Tagann ár gCoimisiún le chéile go rialta chun obair an Choimisiúin Toghcháin a stiúradh. Tá miontuairiscí agus cláir oibre ár gcruinnithe Coimisiúin ar fáil anseo. Foilsítear gach clár oibre agus na miontuairiscí a ghabhann leis i ndiaidh iad a fhaomhadh ag an gcéad chruinniú eile den Choimisiún Toghcháin.

An Chairt Sheirbhísí do Chustaiméirí

Déanann an Chairt Chustaiméirí cur síos ar an leibhéal seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leis ón gCoimisiún Toghcháin.

Ráiteas Straitéise

Gach trí bliana, faoi alt 28 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, ullmhaímid ráiteas straitéise a bhíonn dírithe ar na chéad trí bliana eile agus cuirtear faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais é.

Cáipéis an Chreata Rialachais

Tá rialachas láidir riachtanach chun na struchtúir, na beartais agus na próisis chuí a bheith i bhfeidhm chun an Coimisiún Toghcháin a stiúradh agus a bhainistiú inár ról mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann.

Nochtadh Cosanta

Éilítear faoi alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 go bhfoilseofaí Tuarascáil Bhliantúil gach bliain maidir leis an líon nochtaí cosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin, agus aon ghníomh a rinneadh mar fhreagra ar na nochtaí cosanta sin.

Scéim Teanga

Éilítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 orainn Scéim Teanga a ullmhú le haghaidh an Choimisiúin Toghcháin. Nuair a chuirfear an Scéim i gcrích, tabharfar breac-chuntas inti ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil: trí mheán na Gaeilge; trí mheán an Bhéarla; trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.

An Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise

Le hAlt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ceanglaítear ar an gCoimisiún Toghcháin a oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana mar ghnáthnós taobh amuigh de shaoráil faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta.

Cosaint Sonraí

Leagtar amach inár mBeartas Cosanta Sonraí na céimeanna a leanaimid nuair atá sonraí pearsanta á bpróiseáil, ionas go gcomhlíonfaidh ár bpróiseáil ar shonraí pearsanta na caighdeáin is airde den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

An Cód Iompair

Leagtar amach i gCód Iompair an Choimisiúin Toghcháin na prionsabail agus na caighdeáin ghinearálta trína rialaítear gníomhaíochtaí gairmiúla agus iompar na ndaoine a oibríonn sa Choimisiún, trína gcothaítear dá réir ardleibhéal muiníne i measc an phobail as ár n-obair mar fhostóir agus mar chomhlacht poiblí neamhspleách.