Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Fúinn

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus

  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagrach as clárú páirtithe polaitíochta.
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghthóirí nua-aimseartha, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.