Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Ráiteas Rochtana Nuashonraithe

Ráiteas Rochtana

Tá an Coimisiún Toghcháin tiomanta dá shuíomh gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir I.R. 358/2020 agus an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht.

Táimid tiomanta do chaighdeán AA faoi threoirlínte WCAG 2.1 a bhaint amach.

Stádas Comhlíontachta

Comhlíonann an t-ábhar dúchasach HTML ar electoralcommission.ie treoirlínte WCAG 2.1 AA. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt den ábhar seachtrach atá á óstáil nó leabaithe ar an suíomh gréasáin seo, ar nós gnéithe iframe agus cáipéisí PDF, i gcomhréir go hiomlán leis na treoirlínte inrochtaineachta.

Ábhar neamh-inrochtana

Codarsnacht: Lógó an tsuímh. D’fhéadfadh nach mbaineann lógó an Choimisiúin Toghcháin cóimheas codarsnachta 4.5:1 nó níos airde amach i roinnt cúinsí. (treoirlíne WCAG 1.4.1)

Íomhánna: Níl tuairisc ghrianghraif (nó meitea-thuairisc) ar gach íomhá ar an suíomh gréasáin seo. Mura bhfuil na tuairiscí cearta sna híomhánna, ní fhoghlaimeoidh úsáideoir a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta an fhaisnéis a chuirtear in iúl san íomhá (treoirlínte WCAG 1.1.1)

PDFanna: Foilsítear go leor cáipéisí mar chomhaid PDF – comhaid nach bhfuil chomh hinrochtana i gcomparáid le leathanaigh HTML do dhaoine a úsáideann teicneolaíochtaí cúnta. Seo a leanas cuid de na fadhbanna a bhaineann le PDFanna:

Tá ár bhfoireann ag athbhreithniú agus ag feabhsú inrochtaineacht na gcomhad PDF agus bíonn siad ag obair i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a shainaithnítear

Gnéithe iframe:  Tá gnéithe iframe leabaithe i suíomh gréasáin an Choimisiúin Toghcháin [MN1] 111 chun ábhar físe Vimeo agus ár n-uirlis Cén Dáilcheantar ina gcónaím a óstáil. Tá na fadhbanna inrochtaineachta seo a leanas ag baint le cuid de chomhpháirteanna na ngnéithe iframe seo

  • níl dóthain codarsnachta datha sna comhpháirteanna,
  • tá roinnt ábhair ag imeacht ó amharc nuair a bhíonn an luchóg os a chionn
  • is féidir ábhar folaithe a léamh le léitheoir scáileáin agus nuair a bhíonn an luchóg ar an lógó, ní féidir an t-ábhar a dhíbhe

Tá réiteach á lorg againn ar na fadhbanna le gnéithe iframe atá á óstáil ar ár suíomh gréasáin.

Ní liosta uileghabhálach d’ábhar neamh-inrochtana é an t-ábhar seo.

Ábhar díolmhaithe

Tá cáipéisí PDF a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe ó na treoirlínte seo seachas sa chás ina mbaineann siad le seirbhís a chaithfidh ball den phobal a úsáid.

Tá físeáin nó closábhair a foilsíodh roimh an 23 Meán Fómhair 2020 díolmhaithe ó na treoirlínte seo.

Ullmhú an ráitis rochtana seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 16 Eanáir 2023 agus rinneadh athbhreithniú air go deireanach an 10 Iúil 2026. Úsáidimid treoirlínte leibhéal AA WCAG chun tástáil a dhéanamh ar cé chomh hinrochtana is atá electoralcommission.ie. D’úsáideamar cur chuige na Modheolaíochta Meastóireachta Comhréireachta Inrochtaineachta Suímh Gréasáin (WCAG-EM) chun an suíomh a mheasúnú. Úsáidimid na modhanna seo a leanas freisin:

Scanadh Uathoibrithe: Tugann scanadh uathoibrithe léargas tapa (ach ní iomlán) ar fhadhbanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn do dhaoine.

Treoir: Tugtar treoir d’eagarthóirí inneachair ar nós Téacs Malartach a úsáid, a chinntiú go bhfuil Leibhéil Ceannteideal i gceart agus cleachtais eile.

Athbhreithniú de Láimh: Déantar athbhreithniú de láimh go rialta ar gach suíomh agus athraítear an suíomh chun cabhrú le hinrochtaineacht a fheabhsú.

Tá iniúchtaí inrochtaineachta curtha i gcrích againn agus tá tástáil úsáideoirí déanta againn ar an suíomh gréasáin. Leanfaimid orainn á dhéanamh sin.

Bímid i dteagmháil go rialta leis an Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA), arb é an comhlacht monatóireachta é maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin na hearnála poiblí in Éirinn. Tá an suíomh gréasáin faoi réir athbhreithnithe bliantúla ag NDA.

Aiseolas agus eolas teagmhála

Tá an Coimisiún Toghcháin tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Fáiltímid roimh aiseolas faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Chun aiseolas a chur faoinár mbráid, seol ríomhphost chugainn ar info@electoralcommission.ie.


 [MN1]EN: Iframes are embedded in the Electoral to host Vimeo video content and our What Constituency Am I In tool.

I’ve translated this as ‘in the An Coimisiún Toghcháin’s website’