Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Seiceáil an clár

Tugann vótáil deis duit páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht a théann i bhfeidhm ar do shaol agus ar thodhchaí na hÉireann Is é do vóta do ghuth, mura gcaitheann tú vóta, déanfaidh daoine eile na cinntí sin duit.

Chun cead cainte a fháil agus do chuid a rá faoi cheisteanna tábhachtacha trí vóta a chaitheamh, caithfidh tú a bheith ar Chlár na dToghthóirí.

Tá sé éasca clárú le haghaidh vótála nó chun a sheiceáil an bhfuil do chuid sonraí cruinn agus cothrom le dáta. Is féidir é sin a dhéanamh trí dhul go www.checktheregister.ie

Conas clárú le vótáil i bpearsan

Conas clárú le haghaidh vóta poist

Do shonraí a thabhairt cothrom le dáta

Más gá duit aon chuid de do shonraí pearsanta a thabhairt cothrom le dáta – ainm, náisiúntacht, srl. – nó do sheoladh a athrú ar an gclár, is é an bealach is tapa lena dhéanamh ná ar www.checktheregister.ie

Mura bhfuil tú in ann do shonraí a thabhairt cothrom le dáta nó do sheoladh a athrú ar checktheregister.ie, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil. Beidh siadsan in ann do shonraí a thabhairt cothrom le dáta le Foirm ERF1.

Tabhair faoi deara, sa chás go bhfuil tú:

  • Ag aistriú ó Bhaile Átha Cliath go contae ar bith lasmuigh de Bhaile Átha Cliath; nó
  • Ag aistriú go Baile Átha Cliath ó chontae ar bith lasmuigh de Bhaile Átha Cliath,

caithfidh tú Foirm ERF1 a úsáid chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta nó do sheoladh a athrú. Ní féidir leat leas a bhaint as www.checktheregister.ie. Is féidir leat an fhoirm sin a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’údarás áitiúil ábhartha a phróiseálfaidh d’iarratas chun do chuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

Spriocdhátaí maidir le clárú vótálaithe

Cláraigh chomh luath agus is féidir!

Is é an spriocdháta chun clárú agus chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta do na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha an 20 Bealtaine 2024.

Is é an spriocdháta le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta le haghaidh na dtoghchán an 11 Bealtaine 2024.

Nuair atá tú cláraithe le vóta a chaitheamh, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta chun vótáil i gceann amháin de na toghcháin seo ar a laghad, seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh roimh lá na vótála.

Ullmhú chun vóta a chaitheamh

  • Bí cinnte go bhfuil tú cláraithe ag do sheoladh reatha faoin 20 Bealtaine 2024. Seiceáil go bhfuil do chuid eolais suas chun dáta ag checktheregister.ie.
  • Is é an spriocdháta le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta le haghaidh na dtoghchán a bheidh ar siúl Dé hAoine 7 Meitheamh an 11 Bealtaine 2024.
  • Bí ag faire amach do do chárta vótála chun do theach a shroicheadh sa phost..
  • Foghlaim níos mó faoi na toghcháin Eorpacha, áitiúla agus faoi thoghchán mhéara Luimnigh.
  • Déan plean don chaoi a gcaithfidh tú vóta ar an 7 Meitheamh 2024. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach Do láthair vótála.
  • Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat nuair a théann tú chuig an stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh. Ba chóir duit, áfach, cineál bailí aitheantais phearsanta a thabhairt leat, amhail pas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí, nó cárta aitheantais fostaí nó mic léinn ar a bhfuil grianghraf. Glactar le cineálacha eile aitheantais freisin, amhail cárta creidmheasa nó teastas breithe, fad is atá doiciméad eile agat ar a dhearbhaítear do sheoladh sa dáilcheantar. B’fhéidir nach n-iarrfar cruthúnas aitheantais ort, ach má iarrfar ort é, ní mór duit é a thaispeáint.