Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Toghchán Mhéara Luimnigh

Caithfidh muintir Luimnigh vóta don chéad Mhéara dírthofa riamh in Éirinn ar an 7 Meitheamh 2024.

Tarlóidh sé sin mar gheall ar thoradh pobalbhreithe in 2019 inar vótáil muintir chathair agus chontae Luimnigh ar son togra le haghaidh Méara dírthofa.

Beidh Méara dírthofa Luimnigh ina ról faoi leith in Éirinn, mar gurb é seo an chéad uair a bheidh cumhachtaí feidhmiúcháin a leagtar amach i reachtaíocht ag Méara in Éirinn.

Beidh an Méara in oifig ar feadh cúig bliana, an timthriall toghchánach céanna leis na comhairleoirí áitiúla.

Féadfaidh an Méara dhá théarma oifige ar a mhéad a dhéanamh. Féadfaidh an dá théarma sin a bheith i ndiaidh a chéile nó gan a bheith.

Tá tuilleadh eolais faoin Méara dírthofa, agus faoi chumhachtaí agus feidhmeanna an Mhéara ar fáil ar Limerick.ie.

Ullmhú chun vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh

Beidh ort seiceáil ar dtús an bhfuil tú i dteideal vóta a chaitheamh sa toghchán do Mhéara Luimnigh.

Nuair a chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, is féidir leat clárú le haghaidh vótála nó do shonraí a thabhairt cothrom le dáta ar www.checktheregister.ie.

Is é an spriocdháta chun clárú do phostvótáil Déardaoin, 11 Bealtaine.

Is é an spriocdháta chun clárú nó chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta don ghnáthvótáil Dé Luain, 20 Bealtaine 2024.

Déan cinnte go gcláraíonn tú chun vóta a chaitheamh in am trátha.

Seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh ar a mbeidh sonraí do stáisiúin áitiúil vótála.

Vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh

Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála ar lá na vótála (Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024), iarrfar d’ainm agus do sheoladh ort. Ba cheart duit do chruthúnas aitheantais a bhreith leat chun é a thaispeáint más gá.

Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le d’aitheantas, agus má tá d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh an cléireach vótála stampa ar pháipéar ballóide agus tabharfaidh siad duit é.

Tabhair do pháipéar ballóide anonn chuig an mbothán vótála príobháideach.

Féadfaidh tú na hiarrthóirí ar mhaith leat vótáil ar a son a mharcáil in ord tosaíochta (1, 2, 3 agus mar sin de) ar do pháipéar ballóide. Toisc go mbeidh vóta le caitheamh i dtoghcháin éagsúla ar an lá céanna, ná déan dearmad caitheamh le gach páipéar ballóide as féin. Dá bhrí sin, beidh ort tosú ag ‘1’ ar gach páipéar ballóide le haghaidh an iarrthóra is fearr leat, agus leanúint ort in ord do roghanna.

Vóta a chaitheamh i dtoghchán áitiúil

Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála ar lá na vótála (Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024), iarrfar d’ainm agus do sheoladh ort. Ba cheart duit do chruthúnas aitheantais a bhreith leat chun é a thaispeáint más gá.

Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le d’aitheantas, agus má tá d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh an cléireach vótála stampa ar pháipéar ballóide agus tabharfaidh siad duit é.

Tabhair do pháipéar ballóide anonn chuig an mbothán vótála príobháideach.

Beidh liosta ainmneacha, in ord aibítre, ar an bpáipéar ballóide, chomh maith le suaitheantas na bpáirtithe agus íomhá de gach iarrthóir. Beidh bosca in aice le hainm gach iarrthóra, ar thaobh na láimhe deise. Marcálfaidh tú do rogha vóta do gach iarrthóir sa bhosca sin.

Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de.

  • Nuair a scríobhann tú ‘1’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Is mian liom vóta a chaitheamh don iarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘2’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir is rogha liom mar gur toghadh iad nó go ndearnadh iad a eisiamh ón gcomhaireamh, is mian liom mo vóta a thabhairt don dara hiarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘3’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir ná ón dara hiarrthóir is rogha liom, is mian liom mo vóta a thabhairt don tríú hiarrthóir seo.’

Tugann an córas vótála seo raon leathan roghanna duit. Féadfaidh tú go leor iarrthóirí difriúla a roghnú, agus iad a mharcáil in ord tosaíochta. Féadfaidh tú do rogha a léiriú le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Is fútsa atá sé.

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i dtoghchán Mhéara Luimnigh?

Chun vóta a chaitheamh sa toghchán le haghaidh Mhéara Luimnigh, caithfidh tú:

  • A bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá na vótála
  • Gnáth-chónaí a bheith ort sa Stát; agus
  • A bheith cláraithe le vóta a chaitheamh i dToghlimistéir Chathair agus Chontae Luimnigh

Bí cinnte go bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh agus seiceáil d’incháilitheacht roimh an spriocdháta, an 20 Bealtaine 2024, trí dhul go www.checktheregister.ie nó trí dhul i dteagmháil le Comhairle Cathrach nó Contae Luimnigh.