Skip to main content
collage of voting day images

Is é do vóta do ghuth

Athbhreithnithe Toghlaigh agus Teorann Toghcháin

Tá an Coimisiún Toghcháin freagrach as athbhreithnithe a dhéanamh ar thoghlaigh uile na Dála agus Pharlaimint na hEorpa.
Agus na hathbhreithnithe sin á ndéanamh, foráiltear leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, go dtabharfaidh an Coimisiún aird ar an méid seo a leanas;

  • ní lú ná 171 ná 181 líon iomlán chomhaltaí na Dála, faoi réir Airteagal 16.2.2° den Bhunreacht;
  • toghfaidh gach dáilcheantar 3, 4 nó 5 chomhalta;
  • seachnófar sárú teorainneacha contae a mhéid is féidir.
  • ní fholaíonn an tagairt do theorainneacha contae tagairt do theorainn cathrach ná d’aon teorainn idir aon 2 chontae de chontaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas;
  • beidh gach dáilcheantar comhdhéanta de limistéir thadhlacha;
  • tabharfar aird ar chúinsí geografacha lena n-áirítear gnéithe suntasacha fisiceacha agus méid agus dlús an daonra i ngach toghlach
  • féachfaidh an Coimisiún le leanúnachas a choimeád i ndáil le socrú toghlach.

Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais agus leagfaidh sé faoi bhráid an Oireachtais í tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis thoradh deiridh dhaonáireamh an Stáit.

Beidh an Coimisiún freagrach freisin as athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na dtoghcheantar áitiúil agus tuairisc a thabhairt don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis na teorainneacha sin.

Athbhreithniú 2023 ar na Dáilcheantair

Déantar athbhreithniú ar leagan amach agus ar theorainneacha na nDáilcheantar i ndiaidh gach daonáirimh. Foráiltear inár mBunreacht gur cheart go mbeadh Teachta Dála amháin, ar an meán, ag déanamh ionadaíocht ar 20,000–30,000 duine.

Tá critéir bhreise inár dlíthe toghcháin le haghaidh Athbhreithnithe Toghlach:  

  • beidh 3, 4 nó 5 chomhalta i ngach dáilcheantar; 
  • seachnófar teorainneacha contae a thrasnú más féidir; 
  • caithfidh gur ceantair atá taobh lena chéile a bheidh i ngach Dáilcheantar; 
  • caithfear gnéithe suntasacha tíreolaíocha, dlúis daonra agus fisiciúla a chur san áireamh; 
  • agus, ar deireadh, nuair atá an obair sin ar bun ba cheart don Choimisiún Toghcháin iarracht a dhéanamh leanúnachas a choinneáil sna toghcheantair a mhéad agus is féidir. 

Molann an Coimisiún go mbeadh 174 Teachta Dála sa chéad Dáil eile, agus iad i mbun ionadaíochta ar 43 Dáilcheantar. Méadú é sin ón 160 Teachta Dála i 39 Dáilcheantar atá againn faoi láthair.

Aighneachtaí, léarscáileanna agus tuarascáil Athbhreithniú 2023 ar na Dáilcheantair

Féach ar na haighneachtaí ar fad a rinneadh i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí le haghaidh Athbhreithniú 2023 ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa.
Féach ar na léarscáileanna ardghléine de na Dáilcheantair ar fad.
Íoslódáil Tuarascáil Athbhreithnithe Toghcheantar 2023.
Constituency Review-Report 2023
Constituency Review-Report 2023

Athbhreithniú 2023 ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa

I mí na Samhna 2023, chuireamar ár moltaí neamhspleácha faoi bhráid an Oireachtais maidir le leagan amach thoghlaigh thoghcháin na hÉireann le haghaidh na gcéad toghcháin eile do Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh.

Molann an Coimisiún, ina thuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais inniu, go sannfar an 14ú Feisire de Pharlaimint na hEorpa, ceann breise, d’Éirinn le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, do thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt, agus go n-aistreofaí contaetha Laoise agus Uíbh Fhailí ó thoghlach an Deiscirt go toghlach an Láir Tíre.

Lean na moltaí comhairliúchán poiblí míosa ina bhfuarthas aighneachtaí ó pháirtithe polaitíochta, ionadaithe tofa agus daoine aonair ar spéis leo an cheist.

Aighneachtaí, léarscáileanna agus tuarascáil Athbhreithniú 2023 ar na Dáilcheantair

European Parliament Constituency Review Map - November 2023
Féach ar na haighneachtaí ar fad a rinneadh i rith thréimhse an chomhairliúcháin phoiblí le haghaidh Athbhreithniú 2023 ar Dháilcheantair agus ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa.
Féach ar na léarscáileanna ardghléine de thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa.
Íoslódáil tuarascáil Athbhreithniú 2023 ar Thoghlaigh Pharlaimint na hEorpa.
European Parliament Constituency Review 2023
European Parliament Constituency Review 2023