Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

Beidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024.

Sna toghcháin sin, roghnóidh saoránaigh an Aontais Eorpaigh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dhéanfaidh ionadaíocht ar a leasanna i bParlaimint na hEorpa.

I dteannta na n-ionadaithe rialtais ó 27 Ballstát an Aontais Eorpaigh (AE), múnlaíonn agus cinneann na Feisirí dlíthe nua a théann i bhfeidhm ar dhaoine ar fud an Aontais.

Toghtar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa de réir na gcóras toghcháin náisiúnta. In Éirinn, úsáidimid ionadaíocht chionmhar le haonvóta inaistrithe, PR-STV (nasc chuig an leathanach Ár gcóras vótála).

Toghfaidh lucht vótála na hÉireann 14 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa in 2024, duine breise le hais thoghcháin 2019.

Toghfar 720 Feisire san iomlán i mí an Mheithimh 2024.

Rinne an Coimisiún Toghcháin athbhreithniú ar na toghlaigh le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2023. Mar thoradh air sin, sannadh Feisire amháin breise do Thoghlach athbhreithnithe an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.

Roinntear Éire ina trí thoghlach le haghaidh thoghcháin na hEorpa:

  • Baile Átha Cliath – toghtar ceathrar (4) Feisirí
  • An Deisceart – toghtar cúigear (5) Feisirí
  • An Lár Tíre – an tIarthuaisceart – toghtar cúigear (5) Feisirí

Leagtar na toghlaigh amach san Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa (Leasú), 2019.

Tugtar Ceann Comhairimh ar an té a bhíonn freagrach as an toghchán a stiúradh ar lá na vótála i ngach toghlach.

Ullmhú chun vóta a chaitheamh i dtoghchán Eorpach

Féadfaidh saoránaigh Éireannacha atá 18 mbliana d’aois agus níos sine, agus atá ar an gclár toghthóirí, vóta a chaitheamh i dtoghchán Eorpach.

Féadfaidh saoránaigh Éireannacha a chónaíonn i mBallstát AE eile vóta a chaitheamh sa tír sin.

An as Ballstát AE eile thú ach go bhfuil cónaí ort in Éirinn?

Féadfaidh tú vóta a chaitheamh sa toghchán Eorpach in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, ní mór do d’ainm a bheith ar chlár na dtoghthóirí.

Más saoránach an AE thú, ach níl tú cláraithe chun vóta a chaitheamh ag toghchán na hEorpa roimhe seo in Éirinn, ní mór duit iarratas a chur isteach ar chlárú agus foirm dhearbhúcháin reachtúil, EP1 (ar fáil ó d’údarás áitiúil) a chur i gcrích.

Seoltar na dearbhúcháin reachtúla chuig do Bhallstát baile chun vótáil dhúblach a sheachaint.

Sna toghcháin Eorpacha, ní fhéadfaidh tú vóta a chaitheamh i níos mó ná toghlach ná tír amháin.

  • Is é an spriocdháta chun clárú nó chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta an 20 Bealtaine 2024.
  • Is é an spriocdháta le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta an 11 Bealtaine 2024.

Léigh tuilleadh faoi na critéir incháilitheachta le haghaidh postvótála agus vótáil speisialta.

Vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha

Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála Dé hAoine, 7 Meitheamh 2024, iarrfar d’ainm agus do sheoladh ort. D’fhéadfaí foirm bhailí de chruthúnas aitheantais a iarraidh ort freisin.

Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le d’aitheantas, agus má tá d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh siad stampa ar pháipéar ballóide agus tabharfaidh siad duit é.

Féadfaidh tú do pháipéar ballóide a thabhairt anonn chuig an mbothán vótála príobháideach ansin.

Beidh liosta ainmneacha, in ord aibítre, ar an bpáipéar ballóide, chomh maith le suaitheantas na bpáirtithe agus íomhá de gach iarrthóir. Beidh bosca in aice le hainm gach iarrthóra, ar thaobh na láimhe deise. Marcálfaidh tú do rogha vóta do gach iarrthóir sa bhosca sin.

Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de.

  • Nuair a scríobhann tú ‘1’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Is mian liom vóta a chaitheamh don iarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘2’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir is rogha liom mar gur toghadh iad nó go ndearnadh iad a eisiamh ón gcomhaireamh, is mian liom mo vóta a thabhairt don dara hiarrthóir seo.’
  • Nuair a scríobhann tú ‘3’ in aice le hiarrthóir, is ionann sin agus a rá ‘Mura dteastaíonn mo vóta ón gcéad iarrthóir ná ón dara hiarrthóir is rogha liom, is mian liom mo vóta a thabhairt don tríú hiarrthóir seo.’

Tugann an córas vótála seo raon leathan roghanna duit. Féadfaidh tú go leor iarrthóirí difriúla a roghnú, agus iad a mharcáil in ord tosaíochta. Féadfaidh tú do rogha a léiriú le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Is fútsa atá sé.

Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.

Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir.

Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, caithfear an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh.

Ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide. Má chuireann, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil do vóta neamhbhailí/millte agus nach gcomhairfí é. Tá tuilleadh eolais faoi vótaí neamhbhailí agus na cúiseanna a bhféadfaí vóta/páipéar ballóide a chaitheamh amach ar ár leathanach faoi Vótaí Neamhbhailí.

Má tá lagú radhairc ort, beidh Teimpléad Páipéir Ballóide ar fáil i ngach stáisiún vótála agus is féidir leat é sin a úsáid chun do vóta a chaitheamh.