Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

An Cód Iompair

An Cód Iompair Gnó agus Eitice Gnó

Réamhrá

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin (an Coimisiún) atá freagrach as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin in Éirinn. Is é cuspóir an Choimisiúin a chinntiú go gcothaítear na caighdeáin ionracais, macántachta agus eitice gnó is airde ar fad ar fud na heagraíochta.

Leagtar amach sa Chód seo na treoirlínte agus na prionsabail a gcloífear leo chuige sin, agus ceaptar é chun na hoibleagáidí a bhíonn ar chomhaltaí agus ar fhoireann an Choimisiúin a léiriú agus iad ag tabhairt faoina ndualgais phoiblí faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 agus ag comhlíonadh ceanglais agus oibleagáidí reachtúla eile.

Tá na ceanglais faoin gCód seo i bhfeidhm anuas ar na hoibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 ina n-éilítear go gcomhlíonfadh comhaltaí an Choimisiúin Ráiteas Leasanna bliantúil i mí Eanáir gach bliain.

Prionsabail

Tá an Coimisiún tiomanta do na caighdeáin eiticiúla is airde a chinntiú ina chuid oibre agus déanfaidh sé a dhícheall i gcónaí cloí leis an tiomantas sin trí phrionsabail na freagrachta, an ionracais, na macántachta, na dílseachta, an tiomantais a chomhlíonadh, agus comhlíonfaidh sé gach oibleagáid reachtach agus rialála ábhartha.

Freagracht

  • Comhlíonfaidh comhaltaí an Choimisiúin agus na baill foirne ag a bhfuil poist fostaíochta ainmnithe a n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic.
  • Fónann agus gníomhaíonn comhaltaí an Choimisiúin i gcomhchumas corparáideach chun tacú le hobair an Choimisiúin Toghcháin.
  • Ní dhéanann comhaltaí an Choimisiúin ionadaíocht ar a leasanna féin ná ar aon leas eile.
  • Comhlíonann comhaltaí an Choimisiúin a n-oibleagáidí faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 de mheon macánta agus le cúram agus dícheall cuí.

Ionracas

  • Cinnteoidh an Coimisiún cultúr agus cleachtas ina n-éilítear speansais dheimhnithe de réir mar is cuí do na riachtanais ghnó agus de réir dea-chleachtais san earnáil phoiblí trí chéile. Cloífidh an fhoireann ar fad agus comhaltaí uile an Choimisiúin leis na beartais a bhaineann le taisteal agus speansais.
  • Ní thabharfaidh ná ní bhfaighidh comhaltaí an Choimisiúin bronntanais chorparáideacha ná phearsanta, cóir ná sochair fhabhracha, ná fáilteachas seachas má bhaineann sé le gnó an Choimisiúin, a tugadh nó a fuarthas mar gheall ar a nasc leis an gCoimisiún nó mar gheall gur comhaltaí de chuid an Choimisiúin iad, nó a bhféadfaí le réasún a cheapadh gur tugadh nó go bhfuarthas iad mar gheall air sin.
  • Ní ghlacfaidh comhaltaí an Choimisiúin le haighneachtaí de chineál ar bith a dhéanann aon pháirtí nó duine, nó a dhéantar thar ceann aon pháirtí nó duine, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar neamhspleáchas/ionracas an Choimisiúin nó a bhféadfaí a mheas go bhféadfaidís tionchar a imirt ar neamhspleáchas/ionracas an Choimisiúin.
  • Éilítear ar na baill foirne cloí leis na treoirlínte a bhaineann le cur i bhfeidhm Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse, atá ar fáil ar https://www.sipo.ie/acts-and-codes/codes-of-conduct/civil-servants/COD-CAIGHDEAN.pdf.

Tiomantas

  • Aithnítear freagracht a bheith dílis do phrionsabail an Choimisiúin, i dteannta tiomantas do na caighdeáin eitice gnó is airde.
  • Freastalóidh comhaltaí an Choimisiúin ar gach cruinniú Coimisiúin, agus iad i láthair go pearsanta más indéanta, ach glacfar le freastal fíorúil.
  • Tá comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann tiomanta don Chód Iompair agus Eitice Gnó seo, agus do na hoibleagáidí reachtúla ar fad.
  • I gcás fostaíocht eile a ghlacfadh Comhalta Coimisiúin a bhféadfadh coimhlint leasa, bíodh sí fíor nó braite, eascairt aisti, ba cheart í a sheachaint ar feadh bliain amháin i ndiaidh dheireadh a róil mar chomhalta Boird.

Comhlíonadh

  • Comhlíonfaidh comhaltaí an Choimisiúin agus na baill foirne ag a bhfuil poist fostaíochta ainmnithe a n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic.
  • Feidhmíonn comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann de réir an Chóid seo agus de réir na rialacha, na rialachán agus na treorach a ghlacann an Coimisiún ina chuid oibre.
  • Comhlíonann comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann gach oibleagáid reachtach, reachtúil eile atá i réim agus gach beart rialála eile a théann i bhfeidhm orthu.
  • Comhlíonfaidh comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann na nósanna imeachta tairisceana agus ceannaigh ar fad, chomh maith leis na leibhéil shonraithe údaráis chun caiteachas a cheadú.
  • Éilítear go gcomhoibrítear leis an iniúchadh inmheánach sa phróiseas iniúchóireachta inmheánaí.

Faisnéis

  • Agus aird ar nádúr a bpoist, bíonn faisnéis agus ábhar atá faoi rún ag an gCoimisiún ag comhaltaí uile an Choimisiúin agus an fhoireann ar fad. Coinneofar rúndacht i leith faisnéis a bhaineann le leasanna pearsanta, rúnda agus tráchtála.
  • Éascóidh comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann rochtain ar fhaisnéis ghinearálta a bhaineann leis an gCoimisiún ar bhealach a chuireann leis an gcuntasacht don phobal i gcoitinne.
  • Ní eiseoidh comhaltaí an Choimisiúin ná an fhoireann faisnéis íogair ná phearsanta a bhaineann le haon duine gan cead an duine sin a fháil roimh ré.
  • Cinnteoidh comhaltaí an Choimisiúin agus an fhoireann go gcomhlíonfar forálacha reachtúla a bhaineann le cosaint sonraí agus faisnéise.
  • Éilítear ar iarchomhaltaí an Choimisiúin agus ar iarbhaill foirne rúndacht a choinneáil i leith ghnó an Choimisiúin. Ní choinneoidh comhaltaí an Choimisiúin cáipéisí a fuair siad i rith a dtéarmaí agus tabharfaidh siad aon cháipéis mar sin ar ais don Rúnaí nó cuirfidh siad in iúl don Rúnaí gur diúscraíodh na cáipéisí sin ar fad a bhí ina seilbh ar bhealach oiriúnach. Sa chás go dteastódh rochtain ó iarchomhaltaí ar pháipéir óna dtéarma féin, féadfaidh Rúnaí an Choimisiúin é sin a éascú.

Riarachán, an tIonad Oibre ina measc

Déanfaidh an Coimisiún:

  • Dea-chleachtas a chur i bhfeidhm sa riarachán seirbhíse poiblí trí bheartais agus cleachtais agus trí struchtúir oiriúnacha bainistíochta agus tuairiscithe chun úsáid chuí acmhainní agus rialuithe a chinntiú, rialuithe airgeadais ina measc.
  • A chinntiú go léirítear gníomhaíochtaí an ghnó go cruinn i bpleananna, tuarascálacha agus cuntais.
  • Comhlíonadh a chinntiú le reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta, stádas comhionann agus míchumas, agus sláinte agus sábháilteacht na foirne ar fad a chur chun cinn agus a chothú.
  • Forbairt cultúir ionaid oibre atá dearfach, oscailte agus ionchuimsitheach a chur chun cinn, áit ar féidir leis an bhfoireann ábhar imní a tharraingt anuas gan a bheith buartha go mbainfí díoltas amach orthu dá bharr.
  • Cleachtais agus beartais oibre a chur i bhfeidhm atá inbhuanaithe go sóisialta, go geilleagrach agus ó thaobh an chomhshaoil de.
  • Oiliúint agus faisnéis a chur ar fáil a chuireann ar a gcumas do gach duine a ndualgais a chomhlíonadh.

Ginearálta

  • Éilítear ar chomhaltaí uile an Choimisiúin agus ar an bhfoireann ar fad feidhmiú laistigh de na treoirlínte seo sa Chód seo, a ceapadh chun a chinntiú go gcothaítear caighdeáin inghlactha ionracais sa Choimisiún.
  • Scaipfear an Cód seo agus an beartas maidir le nochtadh leasanna ar chomhaltaí uile an Choimisiúin agus ar an bhfoireann ar fad, agus admhóidh siadsan go bhfuair siad iad.
  • Déantar athbhreithniú ar an gCód seo de réir mar is gá, ach tráth nach déanaí ná gach dhá bhliain.

Seirbhísí & Rialachas Corparáideach

25 Aibreán 2023