Athbhreithniú ar Dháilcheantair agus Toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa
Tá an Coimisiún um Thoghlaigh, de réir alt 56 den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022 agus tar éis fhoilsiú Réamhthorthaí an Daonáirimh 2022, chun tuarascáil agus moltaí a dhéanamh maidir leis na toghlaigh le haghaidh (a) comhaltaí a thoghadh chun na Dála agus (b) comhaltaí a thoghadh chun Parlaiminte na hEorpa.
- Maidir le Dáilcheantair, ceanglaítear ar an gCoimisiún, le linn dó forálacha ábhartha an Bhunreachta a urramú, aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
- ní bheidh níos lú ná 171 nó níos mó ná 181 i líon iomlán chomhaltaí Dháil Éireann, faoi réir Airteagal 16.2.2 den Bhunreacht*;
- toghfaidh gach dáilcheantar 3, 4 nó 5 chomhalta;
- seachnófar sárú teorainneacha contae a mhéid is féidir.
- (d) measfar nach bhfolaíonn an tagairt do theorainneacha contae tagairt do theorainn cathrach nó d’aon teorainn idir aon dá cheann de chontaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas.
- beidh gach dáilcheantar comhdhéanta de limistéir thadhlacha;
- tabharfar aird ar ghnéithe geografacha ag cur gnéithe fisiceacha suntasacha agus méid agus dlús an daonra i ngach dáilcheantar san áireamh; agus
- faoi réir na n-ábhar thuas, féachfaidh an Coimisiún le leanúnachas a choinneáil maidir le socrú na dtoghlach.
*Is ionainn 160 an uimhir faoi láthair. Faoi Airteagal 16.2.2° den Bhunreacht ní féidir líon iomlán chomhaltaí Dháil Éireann a shocrú ag níos lú ná comhalta amháin in aghaidh 30,000 den daonra nó ag níos mó ná comhalta amháin in aghaidh 20,000 den daonra.
- Maidir le toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa, tabharfaidh an Coimisiún aird ar an méid seo a leanas:
- beidh líon iomlán na gcomhaltaí a bheidh le toghadh sa Stát do Pharlaimint na hEorpa de réir mar a shonrófar de bhun na gConarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha. (Is ionann 13 an uimhir faoi láthair).
- beidh comhionannas réasúnach ionadaíochta ann amhail idir na toghlaigh; agus
- na nithe a shonraítear ag (b) go (f) de alt 1 thuas.
Molann an Coimisiún Um Thoghlaigh aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn maidir le hábhair ar cheart a bhreithniú agus tuairisc á tabhairt ar thoghlaigh. Ba cheart aighneachtaí a sheoladh chuig An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2, nó trí ríomhphost chuig constituencyreview@electoralcommission.ie
Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí 10 Bealtaine, 2023
Foilseofar aighneachtaí a gheobhaidh an Coimisiún ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin ag ancoimisiúntoghcháin.ie, agus féadfar iad a iniúchadh trí shocrú a dhéanamh roimh ré leis an gCoimisiún. Éilítear ar an gCoimisiún Um Thoghlaigh tuairisc a thabhairt faoi trí mhí tar éis don Phríomh-Oifig Staidrimh toradh deiridh an Daonáirimh i leith dhaonra iomlán an Stáit a fhoilsiú. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag súil leis an tuarascáil ábhartha a fhoilsiú i mí na Bealtaine 2023.
De réir alt 59 den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022 tá ráiteas ullmhaithe ag an gCoimisiún Um Thoghlaigh ar na forálacha bunreachtúla a bhaineann le Dáilcheantair agus táblaí a thaispeánann staidreamh ábhartha bunaithe ar Réamhthorthaí Dhaonáireamh 2022 do na Dáilcheantair agus toghlaigh Pharlaimint na hEorpa reatha. Tá an ráiteas agus na táblaí seo ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Thoghlaigh nó ar iarratas ón gCoimisiún um Thoghlaigh.