Skip to main content

Coimisiún Toghcháin Reachtúil, Neamhspleách na hÉireann

Is iad seo a leanas foireann bainistíochta reatha an Choimisiúin Toghcháin:

Rinne an Chomh-Aireacht an cinneadh Art O’Leary a cheapadh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin fad atá iomaíocht oscailte á reachtáil ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Bhí sé ina Ard-Rúnaí don Uachtarán, ina Rúnaí do líon Tionól Saoránach roimhe sin agus d’oibrigh sé i dTithe an Oireachtais ar feadh 20 bliain.

Is cuntasóir cáilithe (ACMA) í an Ceannasaí Rialachais Chorparáidigh Karen Kehily, agus taithí aici ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon ón am atá caite aici i mbun roinnt post i réimsí na seirbhísí corparáideacha, an rialachais agus na bainistíochta airgeadais.

D’oibrigh Mary Clare O’Sullivan, Ceannasaí Shláine na dToghchán, ar anailís agus forbairt bheartais thar raon réimsí i Roinn an Taoisigh agus bhí sí ina Rúnaí don Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne.

D’oibrigh Tim Carey, Ceannasaí Oibríochtaí Toghcháin, in eagraíochtaí údaráis áitiúil, státseirbhíse agus earnála príobháidí i réimsí éagsúla lena n-áirítear cumarsáid, seirbhísí corparáideacha, cultúr agus oidhreacht.