Skip to main content
Image of ID being handed to polling staff.

Is é do vóta do ghuth

Céard a theastaíonn chun vóta a chaitheamh?

Tabhair leat foirm bhailí de chruthúnas aitheantais chuig do stáisiún vótála ainmnithe agus má tá tú ar an gclár, beidh tú in ann vóta a chaitheamh.

Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh, ach caithfidh tú cruthúnas bailí aitheantais a thabhairt leat. Is féidir leat d’aitheantas a chruthú le ceann ar bith de na cáipéisí aitheantais seo:

  • pas;
  • ceadúnas tiomána;
  • cárta aitheantais oibre ar a bhfuil grianghraf;
  • cárta aitheantais scoláire a d’eisigh institiúid oideachais agus ar a bhfuil grianghraf;
  • cáipéis taistil ar a bhfuil ainm agus grianghraf;
  • leabhar Bainc, Coigiltis Nó Comhair Creidmheasa ar a bhfuil do sheoladh sa toghcheantar;
  • Cárta Seirbhísí Poiblí.

nó ceann díobh seo a leanas i dteannta cáipéis eile ina léirítear seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar:

  • leabhar seiceanna;
  • cárta dochair;
  • cárta creidmheasa;
  • deimhniú breithe;
  • deimhniú pósta

Nuair atá vóta á chaitheamh agat sna toghcháin seo, caithfidh tú a bheith aireach agus a chinntiú go líontar do bhallóid i gceart ionas go gcomhairfear do vóta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vóta a chaitheamh.

Cá bhfaighidh mé sonraí mo stáisiúin vótála?

Nuair atá tú cláraithe le vóta a chaitheamh, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta chun vótáil i dtoghcháin na hÉireann, seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh baile cláraithe roimh lá na vótála.

Is minic a úsáidtear scoileanna áitiúla nó foirgnimh pobail atá gar do do sheoladh cláraithe mar stáisiúin vótála.
Mura bhfaighidh tú cárta faisnéise vótaíochta, ní fhágann sin nach féidir leat vóta a chaitheamh. Féadfaidh tú www.checktheregister.ie a úsáid nó is féidir leat glaoch a chur ar d’údarás áitiúil chun seiceáil an bhfuil tú ar an gclár, agus cá bhfuil do stáisiún vótála.

Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach i do stáisiún vótála ainmnithe.

arta Faisneise V6taiochta / Polling Information Card 
Mura seachadtar an carta, cuirtear ar ais e chuig: 
If undelivered, please return to: Local Authority Office, Co. Dublin, Eircode
Evidence of your identity 
You may be asked to prove your identity at the polling station. If you don't, you may not be permitted to vote. You must be able to show one of the following documents at the polling station so bring one of the following with you:

Beidh an méid seo a leanas ar an gcárta faisnéise vótaíochta: d’uimhir thoghthóra, ainm an stáisiúin vótála ina gcaithfidh tú vóta, ráiteas foirmiúil ina míneofar cén toghchán nó reifreann ina gcaithfidh tú vóta; agus am oscailte agus am dúnta do stáisiúin vótála. 

Nuair atá vóta á chaitheamh agat sna toghcháin seo, caithfidh tú a bheith aireach agus a chinntiú go líontar do bhallóid i gceart ionas go gcomhairfear do vóta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach faoi vóta a chaitheamh.