Ceisteanna Coitianta
Féach trínár gceisteanna agus freagraí is coitianta le haghaidh faisnéise ar ár gcuid oibre agus ar Reifrinn.
• Ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach
• Ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad
• Caithfidh d’ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí
Más saoránach Éireannach thú a bhfuil cónaí ort thar lear ní féidir tú a iontráil ar Chlár na dToghthóirí. Ciallaíonn sé sin nach féidir leat vótáil i dtoghchán nó i reifreann anseo in Éirinn. Is é an t-aon eisceacht air sin taidhleoirí Éireannacha agus a gcéilí atá ar dualgas thar lear agus ar féidir leo a vóta a chaitheamh tríd an bpost.
Is comhlacht reachtúil, neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin, a bunaíodh an 9 Feabhra 2023, atá freagrach as raon leathan feidhmeanna toghcháin mar atá leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghchán 2022. Tá an Coimisiún i gcroílár chóras toghcháin na hÉireann, agus raon feidhmeanna toghcháin á gcur i gcrích aige.
Maidir le Reifreann na hÉireann, ó mhí Feabhra 2023 i leith tá feidhmeanna an Choimisiúin Reifrinn glactha againn.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé de chúram orainn:
a) ráiteas nó ráitis a ullmhú ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra don reifreann lena mbaineann
b) ráiteas nó ráitis a ullmhú ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra don reifreann lena mbaineann
c) ráitis a fhoilsiú (i nGaeilge agus i mBéarla araon) agus a dháileadh de réir mar is cuí ar an teilifís, an raidió agus na meáin leictreonacha eile lena gcur faoi bhráid na dtoghthóirí agus lena chinntiú a mhéid is féidir gur féidir le daoine faoi mhíchumas radhairc nó éisteachta na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil;
d) feasacht an phobail faoin reifreann a chur chun cinn agus an pobal a spreagadh chun vótáil ag an reifreann
Ní dhéanann Coimisiún toradh ar leith ag reifreann a mholadh nó a chur chun cinn agus ní ár ról é na hargóintí ar son agus i gcoinne tograí reifrinn a léiriú.
Féadfaidh an Coimisiún, áfach, dár rogha féin, faisnéis chuí a shoiléiriú agus a sholáthar faoi réimsí a mheasaimid gur réimsí spéise nó tábhachtacha iad don phobal.
Tá an Coimisiún comhdhéanta de 7 gcomhalta. Is í Marie Baker, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an cathaoirleach, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh.
Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
Alex Atwood
John Curran
Professor Caroline Fennell
Maura Quinn
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
Ger Deering, Ombudsman.
Peter Finnegan, Cléireach na Dála.
Faigheann siad tacaíocht ina gcuid oibre ó Fheidhmeannach atá faoi stiúir an Príomhfheidhmeannaigh Art O’Leary.
Comhlacht poiblí neamhspleách is ea an Coimisiún Toghcháin, agus mar sin nílimid faoi choimirce aon Roinn nó Aire Rialtais. Faighimid maoiniú poiblí trínár Vóta neamhspleách féin (Vóta 23) agus táimid freagrach go díreach don Oireachtas agus is é ár Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ár nOifigeach Cuntasaíochta.
Gach uair a bhíonn reifreann ann tagann an cheist aníos – an é ‘referendums’ nó ‘referenda’ an t-iolra do ‘referendum’ (i mBéarla)?
Tá ceachtar foirm den iolra inghlactha de réir The New Oxford Dictionary for Writers and Editors (2014).
Mar an Coimisiún Toghcháin is fearr linn ‘referendums’ a úsáid de réir iontráil Cambridge English Dictionary, a deir:
‘Referendum’ – ainmfhocal iolra ar ‘referendums’ nó ‘formal referanda’ UK/ˌref.əˈren.də/ US/ˌref.əˈren.də/ (pobalbhreith fhoirmiúil) – vóta ina n-iarrtar ar na daoine ar fad i dtír nó i gceantar a dtuairimí a thabhairt faoi cheist thábhachtach pholaitiúil nó shóisialta nó cinneadh a dhéanamh ina leith:
Féadfaidh ionadaithe a bheith i láthair ag comhlacht ceadaithe nuair a bhíonn páipéir bhallóide poist á gcur amach agus á n-oscailt, ag stáisiúin vótaíochta agus ag comhaireamh na vótála. Ní mór iarratais chun bheith mar chomhlacht ceadaithe a sheoladh chuig an gCoimisiún Toghcháin.
Ní mór do na hiarratasóirí:
• 300 comhalta ar a laghad a bheith acu
• suim a bheith acu sa reifreann
• gan ainm a bheith orthu atá an-chosúil le hainm páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta
Déanfaidh an Coimisiún Toghcháin fógraíocht sna meáin náisiúnta agus ar ár suíomh gréasáin féin agus ar na meáin shóisialta nuair a bheidh sé in am acu siúd ar spéis leo a bheith ina gcomhlachtaí ceadaithe don reifreann atá le teacht teacht chun tosaigh agus iarratas a dhéanamh i scríbhinn roimh spriocdháta faoi leith.
Níl ról ar bith ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le póstaeir a chuirtear in airde le linn reifrinn.
Tá rialacha ann lena rialaítear póstaeir agus bileoga, agus cineálacha eile fógraíochta le linn feachtas toghcháin. Tá cumhachtaí ag na húdaráis áitiúla póstaeir a bhaint i gcás gur ar mhaithe leis an bpobal a dhéantar amhlaidh.
Déanann – tá ról againn, go luath i ndiaidh ár bhfeidhmeanna reifrinn a chríochnú, agus tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, ár dtuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais maidir leis an reifreann.