Skip to main content
Pictured a polling station in Dublin.

Is é do vóta do ghuth

Corrthoghchán

Is toghchán é corrthoghchán chun suíochán folamh a líonadh idir olltoghcháin nó idir toghcháin don Seanad.

Tá dhá shuíochán Dála folamh faoi láthair, agus beidh corrthoghcháin ar siúl an t-earrach seo dá bharr sin: corrthoghchán do shuíochán amháin i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir agus corrthoghchán do shuíochán amháin i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar.

Tá gluais téarmaí a bhaineann le toghcháin ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Toghcháin ar: Gluais de théarmaí toghcháin – An Coimisiún Toghcháin

Cén fáth a bhfuil corrthoghcháin ar siúl anois?

Tá dhá chorrthoghchán le reáchtáil – ceann i Baile Átha Cliath Láir agus ceann i nGaillimh Thiar – chun suíocháin Dála atá folamh a líonadh.

Tá suíochán folamh i nGaillimh Thiar de bharr gur toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann ar an 25 Deireadh Fómhair 2025. Ba Theachta Dála í don dáilcheantar sin roimhe sin.

Tá suíochán folamh i mBaile Átha Cliath Láir de bharr gur éirigh Paschal Donohue as ar an 18 Deireadh Fómhair 2025. Ba Theachta Dála é don dáilcheantar sin roimhe sin.

Nuair a fhaigheann Teachta Dála bás nó nuair a éiríonn Teachta Dála as, ritheann an Dáil rún ag ordú do cheann comhairimh dháilcheantar an Teachta Dála toghchán a reáchtáil chun an suíochán folamh a líonadh. Eisíonn an Dáil eascaire (ordú dlíthiúil) don cheann comhairimh chun toghchán a reáchtáil. Faoin dlí toghcháin, caithfear an t-eascaire a eisiúint don cheann comhairimh laistigh de shé mhí de bhás, éirí as nó scor an Teachta Dála.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cén dáilcheantar ina gcónaím?

Is féidir leat do dháilcheantar a sheiceáil le d’Éirchód nó do sheoladh ag an nasc seo a leanas – Cén Dáilcheantar ina gcónaím? – An Coimisiún Toghcháin.

An féidir liom vóta a chaitheamh sna corrthoghcháin?

Is féidir leat vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán má tá tú:

  • I do shaoránach Éireannach nó Briotanach
  • Os cionn 18 mbliana d’aois ar lá na vótála
  • I do ghnáthchónaí i gceann den dá dháilcheantar ina mbeidh corrthoghchán ar siúl – is féidir leat do dháilcheantar a sheiceáil anseo: Cén dáilcheantar ina gcónaím? – An Coimisiún Toghcháin
  • Cláraithe le vóta a chaitheamh – féadfaidh tú seiceáil an bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh anseo: Seiceáil an Clár

Cé hiad na Teachtaí Dála i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar faoi láthair?

Tá cúig shuíochán i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar. Ó toghadh an tUachtarán Catherine Connolly, is iad seo a leanas an ceathrar Teachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dháilcheantar na Gaillimhe Thiar (in ord aibítre de réir sloinne):

John Connolly, Fianna Fáil

Mairéad Farrell, Sinn Féin

Noel Grealish, Neamhspleách

Hildegarde Naughton, Fine Gael

Líonfaidh an corrthoghchán i mí na Bealtaine an cúigiú suíochán folamh.

Cé hiad na Teachtaí Dála i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir faoi láthair?

Tá ceithre shuíochán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Ó d’éirigh Paschal Donohue as, is iad seo a leanas an triúr Teachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir (in ord aibítre de réir sloinne):

Gary Gannon, Daonlathaigh Shóisialta

Mary-Lou McDonald, Sinn Féin

Marie Sherlock, Páirtí an Lucht Oibre

Líonfaidh an corrthoghchán i mí na Bealtaine an ceathrú suíochán folamh.

Céard é an spriocdháta chun clárú le vótáil?

NuairFaoin dlí toghcháin, caithfidh d’údarás áitiúil iarratais chun clárú le vótáil nó leis an gclár a leasú a fháil 15 lá roimh lá na vótála (gan an Domhnach, Aoine an Chéasta ná laethanta saoire poiblí san áireamh). Socrófar an dáta sonrach dó sin nuair a thairgtear an t-eascaire le haghaidh na gcorrthoghchán, ach is féidir leat clárú le vótáil nó do chuid sonraí a sheiceáil am ar bith taobh amuigh de thréimhse toghcháin.

Is é an bealach is éasca agus is tapa le clárú ná ar líne ar www.checktheregister.ie.

Ach is féidir leat clárú leis an bhfoirm pháipéir ERF 1 freisin. Tá an fhoirm sin ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’údarás áitiúil.

Bainistíonn gach údarás áitiúil clárú na vótálaithe go díreach. Ní bhainistíonn an Coimisiún Toghcháin clárú vótálaithe.

Bainistíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe clár na dtoghthóirí le haghaidh dháilcheantar na Gaillimhe Thiar toisc go mbaineann an dáilcheantar sin le ceantair an dá údaráis áitiúil.

Bainistíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath clár na dtoghthóirí le haghaidh Bhaile Átha Cliath Láir.

Tá sonraí teagmhála na n-údarás áitiúil ar fáil anseo [Féach ar an liosta de sheoltaí poist gach údaráis áitiúil].  

Ceisteanna Coitianta (CCanna)

Eolas faoi Corrthoghchán