Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

23 Feabhra 2024 – Thug an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, fógra inniu gur chláraigh cúig pháirtí polaitíochta leis an gCoimisiún le bheith ina “gComhlachtaí Ceadaithe” le haghaidh Reifrinn an 8 Márta.

Tugadh fógra i dtaobh na gComhlachtaí Ceadaithe sin do Cheann Comhraimh an Reifrinn mar a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin (2022).

Is iad na Páirtithe Polaitíochta cláraithe:

  • Fine Gael
  • Ireland First
  • The Green Party/ Comhaontas Glas
  • Fianna Fáil
  • Sinn Féin

Is féidir le comhlachtaí ceadaithe gníomhairí a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Bheith i láthair nuair a dhéantar páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe, nuair a osclaítear páipéir bhallóide postvótálaithe, agus nuair a dhéantar vótaí a chomhaireamh.
  • Freastal ar gach stáisiún vótála (duine amháin in aghaidh an stáisiúin vótála) chun cuidiú le hoifigigh an toghcháin an cion toghcháin de phearsanaíocht a bhrath.

Foilsíodh an fógra foirmiúil inniu in iris oifigiúil Stát na hÉireann, an Iris Oifigiúil.

– CRÍOCH –

Le tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus

  • • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú, agus Clár na bPáirtithe Polaitíochta a ullmhú agus a chothabháil.
  • • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn.
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a chur le chéile maidir leis na toghcheantair le haghaidh Teachtaí Dála agus Feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghadh; agus
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla san Acht um Athchóiriú Toghcháin, ina measc:

  • • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghthóirí nua-aimseartha, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • • freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh le rith i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn;
  • • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint;
  • • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.