Skip to main content
Blue background with An Coimisiún Toghcháin, the Electoral Commission logo

Is é do vóta do ghuth

Tá Acmhainní ag Vótálaithe Nua & Reatha chun Tacú Leo Vótáil Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair

8 Deireadh Fómhair 2025 – D’fháiltigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, roimh an mborradh suntasach de 91,157 iarratas ó dhaoine le dul ar chlár na dtoghthóirí agus a gcuid sonraí a thabhairt cothrom le dáta le go gcaithfidh siad vóta i dToghchán an Uachtaráin ar an 24 Deireadh Fómhair.

Fuarthas 60,733 iarratas ó vótálaithe nua trí na suíomhanna gréasáin CheckTheRegister.ie agus Voter.ie ó cuireadh tús le feachtas clárúcháin vótálaithe an Choimisiúin Toghcháin ag Electric Picnic ar an 28 Lúnasa, agus fuarthas 30,424 iarratas eile chun clárúcháin reatha daoine a thabhairt cothrom le dáta ar na suíomhanna sin sa tréimhse chéanna ón 28 Lúnasa.

Dhún an spriocdháta le clárú le vótáil i dToghchán an Uachtaráin in 2025 ag meán oíche aréir (7 Deireadh Fómhair). Fuarthas 26,335 iarratas sa dá lá roimh an spriocdháta chun clárú nó sonraí a thabhairt cothrom le dáta.

I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chláraíonn agus a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

Ó mhí Lúnasa, bhuail an Coimisiún leis na mílte daoine ag Electric Picnic, ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, ag cruinnithe poiblí, i scoileanna, ar sheimineáir ghréasáin agus ar champais oideachais tríú leibhéal ar fud na tíre mar chuid dá fheachtas clárúcháin vótálaithe. Thug na himeachtaí sin, i dteannta obair fhoirne toghchórais na n-údarás áitiúil, deiseanna chun ceisteanna a fhreagairt go díreach, feasacht a mhúscailt ar spriocdhátaí, agus tacú le vótálaithe céaduaire agus níos óige chun a gcuid sonraí a sheiceáil ar checktheregister.ie.

Chuir an Coimisiún uirlisí ar fáil do vótálaithe nuachláraithe agus reatha roimh an toghchán, ina measc:

Agus tá an Coimisiún ag freagairt Ceisteanna Coitianta faoi na gnéithe ar fad de thoghchán an Uachtaráin agus faoi vóta a chaitheamh ar ár suíomh gréasáin.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Fáiltímid roimh na vótálaithe nua ar fad agus gabhaimid buíochas leo as am a thógáil chun clárú le vótáil nó sonraí clárúcháin a thabhairt cothrom le dáta. Cabhraíonn eolas nuashonraithe, uimhreacha PSP daoine agus Éirchóid ina measc, le cruinneas fhoriomlán chláir na dtoghthóirí in Éirinn a fheabhsú.

“Sibhse atá chun vóta a chaitheamh den chéad uair Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair, cabhróidh bhur nguth le todhchaí na hÉireann a mhúnlú agus tús a bheidh anseo, tá súil agam, le saol fada ag déanamh difríochta.

“Ón Electric Picnic go dtí an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta go campais choláiste, hallaí scoile, seimineáir ghréasáin agus cruinnithe poiblí, táimid ag taisteal ar fud na tíre le sé seachtaine anuas agus ag labhairt leis na mílte daoine faoi chlárú agus a vóta a úsáid.

Ba cheart aitheantas mór a thabhairt do na foirne toghchórais ar fud chomhairlí cathrach agus contae na hÉireann atá ag obair gan stad gan staonadh chun an clár a thabhairt cothrom le dáta leis na daoine nua sin ar fad roimh an toghchán.”

– CRÍOCH –

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Brian Dawson, Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie

Nóta d’Eagarthóirí:

Tagann na figiúirí thuasluaite ó na figiúirí iarratas ar na suíomhanna gréasáin CheckTheRegister.ie agus Voter.ie ón 28 Lúnasa 2025 go dtí an spriocdháta clárúcháin ar an 7 Deireadh Fómhair 2025. Níl iarratais a rinneadh sa phost nó go pearsanta leis na húdaráis áitiúla ina measc.

Thug an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na figiúirí ón 1 Iúil go dtí an 7 Deireadh Fómhair don Choimisiún Toghcháin, agus miondealaítear iad de réir míosa sa tábla anseo thíos:

Mí 2025Clárú Vótálaithe NuaClárú NuashonraitheIomlán le chéile
Iúil 268742726959
Lúnasa359631366732
Meán Fómhair293391642145760
Deireadh Fómhair (go 7 DF)307421360644348

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin agus cinn nua, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • tuiscint an phobail a chur chun cinn ar phróisis thoghcháin agus daonlathacha an Stáit, agus obair a dhéanamh chun a rannpháirteachas iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus faisnéise;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a thabhairt i ndáil leis na dáilcheantair is na toghcheantair, chun Teachtaí Dála a thoghadh chun na Dála agus i ndáil le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa.

Táthar ag súil go gcuirfear leis an tsraith tosaigh feidhmeanna a sannadh don Choimisiún, de réir mar a chuireann sé lena chumas agus lena shaineolas.