Ceisteanna Coitianta (CCanna)
1. Eolas ginearálta
Cad a dhéanann An Coimisiún Toghcháin?
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 – tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa; agus
– na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn;
– tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa;
– freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú; agus
– tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:
– cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
– feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
– maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
– fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill);
– tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Cé hiad comhaltaí an Choimisiúin Toghcháin?
Tá seachtar comhaltaí ar Choimisiún Toghcháin neamhspleách na hÉireann. Is í Marie Baker, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí, an cathaoirleach, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh.
Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
Alex Atwood
John Curran
An tOllamh Caroline Fennell
Maura Quinn
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
Ger Deering, Ombudsman.
Peter Finnegan, Cléireach na Dála.
Faigheann siad tacaíocht ina gcuid oibre ó Fheidhmeannach atá faoi stiúir an Príomhfheidhmeannaigh Art O’Leary.
Cé a mhaoiníonn an Coimisiún Toghcháin?
Comhlacht poiblí neamhspleách is ea an Coimisiún Toghcháin, agus mar sin nílimid faoi choimirce aon Roinn nó Aire Rialtais. Faighimid maoiniú poiblí trínár Vóta neamhspleách féin (Vóta 23) agus táimid freagrach go díreach don Oireachtas agus is é ár Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ár nOifigeach Cuntasaíochta.
2. Eolas faoi Corrthoghchán
Cén fáth a bhfuil corrthoghcháin ar siúl anois?
Tá dhá chorrthoghchán le reáchtáil – ceann i Baile Átha Cliath Láir agus ceann i nGaillimh Thiar – chun suíocháin Dála atá folamh a líonadh.
Tá suíochán folamh i nGaillimh Thiar de bharr gur toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann ar an 25 Deireadh Fómhair 2025. Ba Theachta Dála í don dáilcheantar sin roimhe sin.
Tá suíochán folamh i mBaile Átha Cliath Láir de bharr gur éirigh Paschal Donohue as ar an 18 Deireadh Fómhair 2025. Ba Theachta Dála é don dáilcheantar sin roimhe sin.
Nuair a fhaigheann Teachta Dála bás nó nuair a éiríonn Teachta Dála as, ritheann an Dáil rún ag ordú do cheann comhairimh dháilcheantar an Teachta Dála toghchán a reáchtáil chun an suíochán folamh a líonadh. Eisíonn an Dáil eascaire (ordú dlíthiúil) don cheann comhairimh chun toghchán a reáchtáil. Faoin dlí toghcháin, caithfear an t-eascaire a eisiúint don cheann comhairimh laistigh de shé mhí de bhás, éirí as nó scor an Teachta Dála..
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam cén dáilcheantar ina gcónaím?
Is féidir leat do dháilcheantar a sheiceáil le d’Éirchód nó do sheoladh ag an nasc seo a leanas – Cén Dáilcheantar ina gcónaím? – An Coimisiún Toghcháin.
An féidir liom vóta a chaitheamh sna corrthoghcháin?
Is féidir leat vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán má tá tú:
-I do shaoránach Éireannach nó Briotanach
-Os cionn 18 mbliana d’aois ar lá na vótála-
-I do ghnáthchónaí i gceann den dá dháilcheantar ina mbeidh corrthoghchán ar siúl – is féidir leat do dháilcheantar a sheiceáil anseo: Cén dáilcheantar ina gcónaím? – An Coimisiún Toghcháin
Cláraithe le vóta a chaitheamh – féadfaidh tú seiceáil an bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh anseo: Seiceáil an Clár
Cé hiad na Teachtaí Dála i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar faoi láthair?
Tá cúig shuíochán i ndáilcheantar na Gaillimhe Thiar. Ó toghadh an tUachtarán Catherine Connolly, is iad seo a leanas an ceathrar Teachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dháilcheantar na Gaillimhe Thiar (in ord aibítre de réir sloinne):
John Connolly, Fianna Fáil
Mairéad Farrell, Sinn Féin
Noel Grealish, Neamhspleách
Hildegarde Naughton, Fine Gael
Líonfaidh an corrthoghchán i mí na Bealtaine an cúigiú suíochán folamh.
Cé hiad na Teachtaí Dála i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir faoi láthair?
Tá ceithre shuíochán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir. Ó d’éirigh Paschal Donohue as, is iad seo a leanas an triúr Teachtaí a dhéanann ionadaíocht ar dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir (in ord aibítre de réir sloinne):
Gary Gannon, Daonlathaigh Shóisialta
Mary-Lou McDonald, Sinn Féin
Marie Sherlock, Páirtí an Lucht Oibre
Líonfaidh an corrthoghchán i mí na Bealtaine an ceathrú suíochán folamh.
Céard é an spriocdháta chun clárú le vótáil?
NuairFaoin dlí toghcháin, caithfidh d’údarás áitiúil iarratais chun clárú le vótáil nó leis an gclár a leasú a fháil 15 lá roimh lá na vótála (gan an Domhnach, Aoine an Chéasta ná laethanta saoire poiblí san áireamh). Socrófar an dáta sonrach dó sin nuair a thairgtear an t-eascaire le haghaidh na gcorrthoghchán, ach is féidir leat clárú le vótáil nó do chuid sonraí a sheiceáil am ar bith taobh amuigh de thréimhse toghcháin.
Is é an bealach is éasca agus is tapa le clárú ná ar líne ar www.checktheregister.ie.
Ach is féidir leat clárú leis an bhfoirm pháipéir ERF 1 freisin. Tá an fhoirm sin ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’údarás áitiúil.
Bainistíonn gach údarás áitiúil clárú na vótálaithe go díreach. Ní bhainistíonn an Coimisiún Toghcháin clárú vótálaithe.
Bainistíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe clár na dtoghthóirí le haghaidh dháilcheantar na Gaillimhe Thiar toisc go mbaineann an dáilcheantar sin le ceantair an dá údaráis áitiúil.
Bainistíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath clár na dtoghthóirí le haghaidh Bhaile Átha Cliath Láir.
Tá sonraí teagmhála na n-údarás áitiúil ar fáil anseo [Féach ar an liosta de sheoltaí poist gach údaráis áitiúil].
Céard é an spriocdháta chun iarrthóirí a ainmniú do chorrthoghchán?
I ndiaidh don Dáil eascaire a eisiúint ina n-ordaítear do na Cinn Chomhairimh corrthoghcháin a reáchtáil, foilseoidh na Cinn Chomhairimh ‘fógra toghcháin’ ar líne chun an próiseas agus an dáta ábhartha chun iarrthóir a ainmniú a mhíniú don phobal. Foilseoidh na Cinn Chomhairimh na fógraí sin ar a suíomhanna gréasáin – https://www.dublincityreturningofficer.com/ agus https://galwayreturningofficer.com/ – agus sna meáin áitiúla.
Níl aon ról díreach ag an gCoimisiún Toghcháin i dtoghcháin a eagrú ná in ainmniúcháin d’iarrthóirí toghcháin a fháil ná cinneadh a dhéanamh fúthu. Is faoin gCeann Comhairimh i ngach dáilcheantar na cúrsaí sin.
Is é an dáta deiridh chun duine a chur chun cinn mar iarrthóir ná 12 meán lae ar an seachtú lá i ndiaidh na heascairí (na horduithe dlíthiúla) a eisiúint do na cinn chomhairimh ag ordú dóibh toghchán a reáchtáil.
Cén chaoi ar féidir liom seasamh sa chorrthoghchán mar iarrthóir?
- Chun seasamh mar iarrthóir le haghaidh páirtí polaitíochta, beidh ort dul trí phróiseas roghnúcháin an pháirtí. (Féach ar an nasc go Clár na bPáirtithe Polaitíochta.)
- Chun rith mar iarrthóir neamhspleách, féadfaidh tú thú féin a ainmniú nó féadfaidh toghthóir Dála (duine atá cláraithe le vótáil i dtoghcháin na Dála) don toghcheantar sin thú a ainmniú.
- Caithfidh tú ceann díobh seo a thabhairt don cheann comhairimh freisin:
- Deimhniú Cleamhnachta Páirtí, nó
- Dearbhuithe reachtúla a shínigh 30 toghthóir, nóÉarlais €500
Suíomhanna gréasáin na gCeann Comhairimh
Baile Átha Cliath Láir: https://www.dublincityreturningofficer.com/
Gaillimh Thiar: https://galwayreturningofficer.com/
Sonraí teagmhála na nÚdarás Áitiúil: Féach ar an liosta de sheoltaí poist gach údaráis áitiúil.
An féidir le hiarrthóir éirí as an toghchán?
Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúchán a tharraingt siar go dtí 12 meán lae ar an lá i ndiaidh spriocdháta na n-ainmniúchán. Má éiríonn iarrthóir as i ndiaidh an dáta sin, d’fhéadfadh go mbeadh a n-ainm ar an bpáipéar ballóide go fóill toisc nach bhfuil aon sásra reachtach ann chun ainm duine a bhaint den pháipéar ballóide chomh gar sin do lá na vótála.
Cén chaoi a n-oibríonn an próiseas vótála i gcorrthoghchán?
Bíonn an próiseas vótála i gcorrthoghchán mar an gcéanna leis an bpróiseas in olltoghchán. Beidh iarrthóirí ar an bpáipéar ballóide do gach dáilcheantar. Nuair a mharcálann tú do pháipéar ballóide, tosaigh le ‘1’ don iarrthóir is fearr leat, ansin ‘2’ do do dhara rogha, agus mar sin de. Féadfaidh tú vóta a chaitheamh le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Fút féin atá sé go huile agus go hiomlán.
Ríomhtar an cuóta ag comhaireamh an toghcháin. Is é an cuóta an líon vótaí a theastaíonn ó iarrthóir le go dtoghfar iad. Déanfar comhaireamh na vótaí de réir na rialacha le haghaidh chomhaireamh na vótaí a leagtar amach san Acht Toghcháin, 1992.
Mar a tharlaíonn i gcomhaireamh toghcháin go hiondúil, comhairfear na vótaí príomhrogha le haghaidh gach iarrthóra. I ndiaidh an chéad chomhairimh sin, mura mbaineann aon iarrthóir an cuóta amach, cuirfear an t-iarrthóir ag a bhfuil an líon vótaí príomhrogha is ísle as an áireamh, agus dáilfear na vótaí dara rogha ar na páipéir bhallóide sin i measc na n-iarrthóirí atá fágtha.
Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir. Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, ba cheart an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh.
Chun a chinntiú nach meastar go bhfuil do vóta neamhbhailí, ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide.
An bhfuil aon rialacha nó critéir incháilitheachta ag baint le Teachtaí Dála?
Le bheith incháilithe chun seasamh i dtoghchán le bheith i do Theachta Dála, ní mór duit a bheith:
-I do shaoránach Éireannach.
-21 bliain d’aois ar a laghad.
-Cláraithe le vótáil (nó i dteideal clárú le vótáil).
Féach freisin ar Cé nach bhfuil incháilithe le bheith ina dTeachta Dála?
Cé nach bhfuil incháilithe le bheith ina dTeachta Dála?
Tá cúpla cúis a dhícháilíonn duine ó bheith ina dTeachta Dála. Leagtar amach iad sin in Alt 41 den Acht Toghcháin, 1992 (an tAcht Toghcháin, 1992).
Ní féidir leat a bheith i do Theachta Dála:
-Mura saoránach Éireannach thú
-Mura bhfuil 21 bliain d’aois slánaithe agat faoi lá na vótála
-Má tá post faoi leith agat, ina measc: breitheamh, comhalta d’Óglaigh na hÉireann, comhalta den Gharda Síochána, Státseirbhíseach, comhalta den Choimisiún Eorpach
-Má tá tú faoi phianbhreith phríosúnachta ar feadh téarma is faide ná sé mhí, a d’fhorchuir Cúirt Éireannach
3. Ceisteanna faoi Chlár na dToghthóirí
Cén chaoi a gcláróidh mé le vótáil?
Is é an bealach is sciobtha le clárú le vótáil ná ar líne ar www.checktheregister.ie nó www.voter.ie (Baile Átha Cliath amháin).
Mura bhfuil tú in ann clárú ar líne, nó mura dteastaíonn uait é a dhéanamh ar líne, is féidir clárú ach an Fhoirm ERF1 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig d’údarás áitiúil ábhartha.
Féach ar an liosta de sheoltaí poist gach údaráis áitiúil.
An féidir liom vóta poist a fháil?
Cuirtear postvótáil ar fáil le haghaidh catagóirí áirithe daoine.
Áirítear ina measc siúd:
– Iad siúd nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ag a stáisiún vótála áitiúil mar gheall ar thinneas nó míchumas;
– Toghthóirí gur dócha nach mbeidís in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ar lá na vótála mar gheall ar a ngairm, a seirbhís nó a bhfostaíocht;
– Mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile ach atá ina gcónaí in áit eile fad is atá siad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát;
– Toghthóirí anaithnide nó baill de theaghlach an duine a mbeadh a sábháilteacht i mbaol dá bhfoilseofaí a n-ainm agus a seoladh ar chlár na dtoghthóirí;
– Taidhleoirí Éireannacha atá ag fónamh thar lear agus a gcéilí/bpáirtithe;
– Comhaltaí den Gharda Síochána;
– Comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann;
– Príosúnaigh.
Má chreideann tú go bhfuil tú i dteideal postvótála, is féidir leat foirm PV2 nó PV4 a chomhlánú agus í a sheoladh chuig d’údarás áitiúil ábhartha. Féach ar na foirmeacha PV2 agus PV4 agus íoslódáil iad anseo.
Is féidir d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig d’Údarás Áitiúil am ar bith, ach chun a bheith incháilithe le haghaidh vóta speisialta i dtoghcháin Éireannacha, caithfidh d’Údarás Áitiúil d’fhoirm a fháil faoin spriocdháta a fhógrófar roimh thoghchán.
Féach ar shonraí teagmhála agus seoltaí poist na n-údarás áitiúil ar fad.
Tá tuilleadh eolais faoin bpostvótáil ar ár leathanach faoi vótáil inrochtana.
Cén chaoi a gcaithfidh mé vóta sa phost?
I ndiaidh duit an fhoirm agus na cáipéisí ábhartha a chur isteach, gheobhaidh tú sraith cáipéisí vótála ina mbeidh:
– páipéir bhallóide;
– admháil le haghaidh na bpáipéar ballóide;
– clúdach litreach ina mbeidh na páipéir bhallóide mharcáilte le cur; agus
– clúdach litreach níos mó chun na cáipéisí vótála a sheoladh ar ais chuig an gCeann Comhairimh.
Chun vóta a chaitheamh:
– Scríobhfaidh tú ‘1’ sa bhosca in aice le hainm an chéad iarrthóra is rogha leat, agus, más maith leat, ‘2’ sa bhosca in aice le do dhara rogha, ‘3’ sa bhosca in aice le do tríú rogha, agus mar sin de. Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.
– Cuir do pháipéir bhallóide mharcáilte isteach sa chlúdach a bhfuil “Clúdach Páipéar Ballóide” marcáilte air agus dún é;
– Cuir an clúdach sin mar aon leis an admháil chomhlánaithe le haghaidh an pháipéir ballóide isteach sa chlúdach mór faoi sheoladh an Chinn Comhairimh, dún é agus seol sa phost é láithreach;
– Caithfear an páipéar ballóide a chur sa phost agus ní féidir é a shíneadh chuig an gCeann Comhairimh.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chlárú mar Vótálaí Speisialta?
Aon duine a chónaíonn in ospidéal, teach altranais, saoráid mheabhairshláinte nó institiúid dá leithéid, ar a bhfuil míchumas nó tinneas a chuireann cosc orthu dul chuig an stáisiún vótála, féadfaidh siad vóta a chaitheamh san ospidéal, teach altranais nó saoráid dá leithéid má dhéanann siad iarratas ar liosta na vótálaithe speisialta a ullmhaíonn na húdaráis clárúcháin (comhairlí cathrach agus contae) agus a ndéanann siad cothabháil air mar chuid de chlár na dtoghthóirí.
I gcás an chéad iarratais, agus aon uair a éilíonn na húdaráis clárúcháin é i gcás iarratais ina dhiaidh sin, caithfear teastas ó chleachtóir leighis cláraithe (ar nós dochtúir teaghlaigh) a chur leis.
Má theastaíonn uait clárú mar vótálaí speisialta, is féidir é sin a dhéanamh ach foirm SV1 a chomhlánú, atá ar fáil ar www.checktheregister.ie nó ó d’Údarás Áitiúil. Féach ar liosta teagmhála na nÚdarás Áitiúil.
Is féidir d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig d’Údarás Áitiúil am ar bith, ach chun a bheith incháilithe le haghaidh vóta speisialta i dtoghcháin Éireannacha, caithfidh d’Údarás Áitiúil d’fhoirm a fháil faoin spriocdháta a fhógrófar roimh thoghchán.
Cén chaoi a gcaithfidh mé vóta má bhím cláraithe mar Vótálaí Speisialta?
Tráth toghcháin nó reifrinn, inseofar duit cén lá agus an t-am garbh (maidin/tráthnóna) a dtiocfaidh Oifigeach Ceannais chuig an ospidéal, teach altranais, saoráid mheabhairshláinte nó institiúid dá leithéid.
Beidh fianaise ar aitheantas agus barántas ceapacháin ag an Oifigeach Ceannais speisialta a thabharfaidh siad duit lena scrúdú nuair a thagann siad. Beidh Garda i dteannta an Oifigigh Ceannais speisialta freisin; is é ról an Gharda na páipéir bhallóide a choinneáil slán (mar a dhéantar i stáisiún vótála) agus gníomhú mar fhinné neamhspleách chun a chinntiú go dtugtar faoin ngnás vótála go cuí.
Ní féidir le haon duine ach an tOifigeach Ceannais agus an Garda a bheith i láthair nuair a chaitear an vóta. Tabharfaidh an tOifigeach Ceannais dearbhú céannachta duit a mbeidh siad ina bhfinné air.
Marcálfaidh tú do páipéar ballóide faoi rún ansin, cuirfidh tú sa chlúdach speisialta a thabharfar duit é, dúnfaidh tú an clúdach agus tabharfaidh tú don Oifigeach Ceannais é.
Má theastaíonn cúnamh le vóta a chaitheamh, tabharfaidh an tOifigeach Ceannais speisialta cúnamh duit mar a tharlaíonn i stáisiún vótála.
I gcás eisceachtúil nach bhfuil an t-ospidéal, an teach altranais, an tsaoráid mheabhairshláinte nó an institiúid dá leithéid ina gcónaíonn an vótálaí speisialta inrochtana don Oifigeach Ceannais speisialta, féadfaidh an Ceann Comhairimh gnásanna vótála speisialta a chur i bhfeidhm, ar nós vóta poist a eisiúint do na vótálaithe speisialta lena mbaineann.
How can I contact my local authority?
Fuair duine muinteartha liom bás. Cén chaoi a mbainfidh mé den chlár iad?
Chun duine muinteartha leat a bhaint de chlár na dtoghthóirí caithfidh tú Foirm TPC1 – Iarratas ó thríú páirtí chun an clár a leasú a chomhlánú. Cuir an fhoirm chomhlánaithe chuig d’údarás áitiúil ansin lena próiseáil. Féach ar liosta teagmhála na n-údarás áitiúil dá sonraí teagmhála agus seoltaí poist.
Féach ar an liosta de shonraí teagmhála agus seoltaí poist na n-údarás áitiúil ar fad.
Ní féidir liom clárú ar líne. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil anois?
Mura bhfuil tú in ann clárú ar líne, is féidir clárú trí dhul i dteagmháil le d’údarás áitiúil ábhartha.
Féach ar an liosta de shonraí teagmhála agus seoltaí poist na n-údarás áitiúil ar fad.
4. Ceisteanna faoi Litríocht Toghcháin
Níor tháinig mo Chárta Faisnéise Vótaíochta. An féidir liom vóta a chaitheamh fós?
Níor tháinig mo Chárta Faisnéise Vótaíochta. An féidir liom vóta a chaitheamh fós?
Mura bhfuair tú do chárta faisnéise vótaíochta, ná bíodh aon imní ort faoi. Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat chun vóta a chaitheamh. Tabhair leat foirm bhailí de chruthúnas aitheantais chuig do stáisiún vótála ainmnithe agus má tá tú ar an gclár, beidh tú in ann vóta a chaitheamh.
Ullmhaíonn agus eisíonn gach údarás áitiúil ábhartha do Chárta Faisnéise Vótaíochta. Tosaíonn an obair ar na Cártaí Faisnéise Vótaíochta a eisiúint a luaithe is féidir i ndiaidh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tOrdú maidir leis an Lá Vótaíochta a dhéanamh. Seoltar na cártaí i mbaisceanna trí An Post de réir a chéile, go dtí trí lá roimh lá na vótála.
Má theastaíonn uait suíomh do stáisiúin vótála a sheiceáil, is féidir sin a dhéanamh ar www.checktheregister.ie nó www.voter.ie (Baile Átha Cliath amháin). Beidh láthair do stáisiúin vótála ar lá na vótála ar na suíomhanna sin agus na hamanna oscailte agus dúnta.
Mura bhfuil tú in ann teacht ar do shonraí nuashonraithe ar na suíomhanna thuasluaite, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat.
Féach ar an liosta de shonraí teagmhála agus seoltaí poist na n-údarás áitiúil ar fad.
Céard iad na rialacha faoi phóstaeir Toghcháin? Cén uair is féidir iad a bhaint?
Cé nach bhfuil aon chumhachtaí reachtúla ag an gCoimisiún Toghcháin i dtaobh póstaer ná ábhar toghcháin clóite, tá rialacha i bhfeidhm faoi phóstaeir agus bileoga i rith feachtas toghcháin.
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as na rialacháin ina ndeirtear:
– Ní cheadmhach póstaeir toghcháin a bheith ar taispeáint laistigh de 50 méadar de stáisiúin vótála ar lá na vótála;
– Caithfear ainm agus seoladh an chlódóra a chur ar na póstaeir;
Tagann ceisteanna eile a bhaineann le póstaeir faoi raon feidhme na nAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar, a fhorfheidhmítear trí na hÚdaráis Áitiúla. Tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla póstaeir a bhaint anuas más é leas an phobail déanamh amhlaidh.
– Ní féidir póstaeir toghcháin a chur in airde go dtí go socraítear lá na vótála le hordú Aireachta, agus ar feadh 30 lá ar a mhéad roimh lá na vótála;
– Caithfear na póstaeir a bhaint anuas laistigh de sheacht lá tar éis lá na vótála;
– Ní féidir póstaeir a chrochadh ar chuaillí gan cead a fháil ó úinéir an chuaille;
– Níor cheart do phóstaeir cur isteach ar úsáideoirí an bhóthair ar bhealach ar bith;
– Ní féidir bileoga a fhágáil faoi chuimilteoirí gaothscátha.
Má chreideann tú go bhfuiltear tar éis cion a dhéanamh, is féidir é sin a thuairisciú don Gharda Síochána.
Féach ar shonraí teagmhála na n-údarás áitiúil ar fad.
Fuair mé bileog ó iarrthóir. An gceadaítear a leithéid? Cén chaoi a bhfuair siad m’fhaisnéis?
Faoi alt 57 den Acht Toghcháin, 1992, tá gach iarrthóir i dtoghchán Dála i dteideal aon phost-teachtaireacht amháin a chur saor ó tháille phostais chuig gach duine ar Chlár na dToghthóirí don Dáilcheantar ina bhfuil siad ag seasamh. Tugtar Litir um Thoghcháin ar na bileoga sin. Faoin Acht um Rialáil Cumarsáide (Seirbhísí Poist), 2011, is é An Post an soláthraí seirbhíse poist don Litir um Thoghcháin.
Cuirtear an postas ar fáil saor in aisce ach caithfidh na hiarrthóirí íoc as an dearadh agus priontáil.
Cuirfidh d’údarás áitiúil cóip den chlár toghthóirí cothrom le dáta ar fáil do An Post. Eagraíonn An Post an clár chun d’ainm agus do sheoladh a bhaint, agus ní bhíonn ach do sheoladh le feiceáil. Cuireann An Post na sonraí poist sin ar fáil ansin do chlódóirí roghnaithe a chuireann an Litir um Thoghcháin i gcló agus a chuireann seoltaí orthu thar ceann páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí neamhspleácha.
Léigh tuilleadh faoi ról An Post i dtaobh Litir um Thoghcháin a chur i gcló agus a sheoladh.
Tá gach iarrthóir i dteideal faoin dlí na bileoga sin a chur.
5. Ceisteanna faoin Ionad Vótála/Comhairimh
Cá gcaithfidh mé vóta?
Beidh do stáisiún vótála ainmnithe ar do Chárta Faisnéise Vótaíochta. Ba cheart go seolfaí do Chárta Faisnéise Vótaíochta chugat sa phost roimh lá na vótála. Seolfar é chuig an seoladh a chláraigh tú ar Clár na dToghthóirí.
Mura bhfaighidh tú cárta vótaíochta, is féidir leat do stáisiún vótála ainmnithe a sheiceáil ar checktheregister.ie nó trí shuíomh gréasáin an Chinn Comhairimh ábhartha le haghaidh do thoghlaigh a sheiceáil. Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach i do stáisiún vótála ainmnithe.
Cén chaoi a roghnaítear na stáisiúin vótála?
Roghnaíonn na Cinn Chomhairimh áitiúla na stáisiúin vótála.
Má tá aon cheist agat faoi do stáisiún vótála, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat.
Tá tuilleadh eolais faoin bpostvótáil ar ár leathanach faoi vótáil inrochtana.
Cé a bheith i láthair ag mo stáisiún vótála?
Roghnaíonn na Cinn Chomhairimh áitiúla na stáisiúin vótála.
Má tá aon cheist agat faoi do stáisiún vótála, téigh i dteagmháil le d’údarás áitiúil a bheidh in ann cabhrú leat.
Tá tuilleadh eolais faoin bpostvótáil ar ár leathanach faoi vótáil inrochtana.
Cé a bheith i láthair ag mo stáisiún vótála?
I measc na ndaoine atá ceadaithe a bheith i láthair ag stáisiún vótála ar lá na vótála tá:
– an Ceann Comhairimh áitiúil, a n-ionadaithe nó teachtairí arna gcur chucu nó thar a gceann;
– an tOifigeach Ceannais agus Cléireach Vótaíochta;
– an tOifigeach Ceannais Maoirseachta (má cheaptar ceann);
– aon chomhalta den Dáil don Dáilcheantar agus aon chomhalta den Seanad;
– aon ghníomhaire pearsanaíochta a ceapadh le haghaidh do stáisiúin, toghthóirí atá ansin chun vóta a chaitheamh;
– duine atá ag feidhmiú mar “chompánach” do thoghthóir atá faoi mhíchumas fisiciúil, ar a bhfuil lagú radhairc nó ag a bhfuil deacracht litearthachta;
– Gardaí ar dualgas;
– aon duine ag a bhfuil údarás ón gCeann Comhairimh Áitiúil a bheith i láthair ag do stáisiún vótála.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar oibriú ag stáisiún vótála nó ionad comhairimh?
Bíonn an Ceann Comhairimh neamhspleách le haghaidh gach toghlimistéir freagrach as foireann a fhostú le haghaidh imeachtaí toghcháin. Bíonn Cinn Chomhairimh freagrach as toghcháin Dála, Pharlaimint na hEorpa agus an Uachtaráin a reáchtáil i dtoghlach. Bíonn siad freagrach freisin as reifrinn a reáchtáil.
Is iad na Cinn Chomhairimh an cláraitheoir contae nó, i mBaile Átha Cliath agus Corcaigh, an sirriam cathrach nó contae. Is féidir dul i dteagmháil leis an gCeann Comhairimh sa toghlach is gaire duit chun eolas a fháil faoin gcaoi a bhféadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar oibriú sna toghcháin atá ar na bacáin.
Féach ar an liosta iomlán de Chinn Chomhairimh agus a sonraí teagmhála.
Níl m’ionad vótála inrochtana. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil?
Ní féidir leat vóta a chaitheamh ach i do stáisiún vótála sannta. Roghnaíonn an Ceann Comhairimh áitiúil na stáisiúin vótála agus sanntar iad bunaithe ar do shonraí ar Chlár an dToghthóirí. D’fhéadfá athrú ar stáisiún vótála a iarraidh i gcúinsí áirithe.
Má bhaineann tú úsáid as cathaoir rothaí agus/nó má bhíonn deacrachtaí agat dul isteach i do stáisiún vótála ainmnithe, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur faoi bhráid Cheann Comhairimh do thoghlaigh chun vóta a chaitheamh i stáisiún vótála eile. Caithfear na hiarratais sin a fháil seachtain ar a laghad roimh lá na vótála.
Más féidir, ba cheart duit stáisiún vótála eile atá inrochtana agus a d’fheilfeadh duit a mholadh. Mura bhfuil cur amach agat ar na stáisiúin vótála i do cheantar féin, roghnóidh an Ceann Comhairimh stáisiún eile duit. Má thugann tú míniú ar an gcúis nach bhfuil do stáisiún reatha inrochtana duit, cabhróidh sé leis an gCeann Comhairimh ceann eile a roghnú duit.
Seolfaidh an Ceann Comhairimh údarú chun vótáil ag stáisiún vótála eile chugat. Ba cheart duit an t-údarú sin (chomh maith leis an ngnáthfhianaise ar d’aitheantas) a thaispeáint nuair a chaitheann tú vóta. Nuair a athraítear go stáisiún vótála eile thú, ní féidir leat vóta a chaitheamh ag do stáisiún áitiúil.
Féach ar an liosta iomlán de Chinn Chomhairimh agus a sonraí teagmhála.
Ba mhaith liom freastal ar ionad comhairimh. Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil chun cead isteach a fháil?
Bainistíonn an Ceann Comhairimh do gach toghlach an cead isteach chuig ionaid comhairimh. Má theastaíonn uait freastal ar ionad comhairimh, téigh i dteagmháil le do Cheann Comhairimh ábhartha a bheidh in ann cabhrú leat.
Féach ar an liosta iomlán de Chinn Chomhairimh agus a sonraí teagmhála.
Cén fáth a gcuirtear pinn luaidhe ar fáil sna stáisiúin vótála?
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála, ach is féidir leat do pheann nó do pheann luaidhe féin a thabhairt leat más maith leat.
Cuirtear pinn luaidhe ar fáil ag gach stáisiún vótála mar:
– maireann siad níos faide, agus níl dúch iontu a thriomaíonn idir na himeachtaí toghcháin;
– ní féidir le luaidhe marc a fhágáil ar pháipéir bhallóide eile;
– ní smearfaidh an luaidhe ó pheann luaidhe ná ní sileadh sí má éiríonn an páipéar ballóide fliuch;
– má smearann dúch ó pheann páipéar ballóide eile, nó má shileann sé air, d’fhéadfadh an páipéar eile sin a bheith neamhbhailí.
Is caighdeán idirnáisiúnta é pinn luaidhe a úsáid le vóta a chaitheamh, ní nós in Éirinn amháin. Baineann an Ríocht Aontaithe, an Astráil, Ceanada agus go leor tíortha eile úsáid as pinn luaidhe chun vóta a chaitheamh. Mar sin féin, féadfaidh tú do pheann féin a thabhairt leat agus vóta a chaitheamh leis sin.