Rialáil na fógraíochta polaitiúla
Is é an Coimisiún Toghcháin an tÚdarás Inniúil agus an Pointe Teagmhála Náisiúnta chun gnéithe áirithe den Rialachán maidir le Trédhearcacht agus Spriocdhíriú na Fógraíochta Polaitiúla (TTPA) a chur i bhfeidhm in Éirinn. Dá bhrí sin, tá an Coimisiún freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann na daoine a bhíonn ag gabháil d’fhógraíocht pholaitiúil ar na bealaí a luaitear thíos a n-oibleagáidí faoi Rialachán TTPA, agus is é an Coimisiún an pointe teagmhála in Éirinn le haghaidh saincheisteanna trasdlínse agus iarratais faisnéise lasmuigh d’Éirinn.
Céard is fógraíocht pholaitiúil ann?
Áirítear le fógraíocht pholaitiúil mar a shainmhínítear sa Rialachán í fógraíocht do na meáin chlóite, fuaime, chlosamhairc agus dhigiteacha. Baineann sé le fógraíocht le haghaidh aon ghníomhaí polaitiúil ag aon am, nó i rith feachtas toghcháin nó reifrinn, fógraíocht a cheaptar chun tionchar a imirt ar thoradh imeachta toghcháin.
Ní chumhdaítear sa Rialachán gné shonrach inneachar na fógraíochta polaitiúla (seachas na gnéithe Trédhearcachta agus Spriocdhírithe thuasluaite), agus dá bhrí sin níl aon ról ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le haon ghearáin faoi inneachar mar sin ina cháil mar Údarás Inniúil faoin Rialachán sin.
Áiteanna a gcuirtear fógraíocht pholaitiúil agus atá faoi réir rialáil an Choimisiúin:
- Nuachtáin (ar líne agus as líne)
- Póstaeir, fógráin agus bileoga
- Spásanna poiblí ar nós cláir fógraí, scáthláin bus agus meirgí
- Gach suíomh gréasáin seachas: aon ardáin, meáin chraolta, meáin shóisialta nó innill chuardaigh (téigh i dteagmháil le Coimisiún na Meán ina gcás siúd)
Oibleagáidí páirtithe atá ag gabháil d’fhógraíocht pholaitiúil
Leagtar oibleagáidí sonracha sa Rialachán ar aon duine a bhíonn ag gabháil d’fhógraíocht pholaitiúil nó a fhoilsíonn fógraíocht pholaitiúil. Tá na hoibleagáidí sin in Airteagail 5go 17 den Rialachán ach tugtar achoimre orthu thíos.
Tá sé d’oibleagáid ar fhógróirí a shonrú:
- Gur fógraíocht pholaitiúil í an fhógraíocht ábhartha; agus
- cé a d’íoc as an bhfógra, agus cé mhéid a íocadh.
Caithfear a thaispeáint ar an lipéad:
- Gur fógra polaitiúil é seo.
- Céannacht an urraitheora a d’iarr go dtaispeánfaí an fógrán.
- I gcás inarb infheidhme, an t-imeacht toghcháin (nó an reifreann, an próiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógrán) (ní bhainfidh fógrán polaitiúil le himeacht ar leith i gcónaí).
- Más ar líne é, ráiteas ag dearbhú an raibh an fógrán faoi réir spriocdhíriú nó teicnící seachadta fógráin (ar nós má úsáideadh sonraí úsáideora ar líne chun an fógra a sheachadadh go díreach).
- Fógra trédhearcachta nó léiriú soiléir ar cá bhfaighfear an fógra trédhearcachta.
Fógra trédhearcachta nó léiriú soiléir ar cá bhfaighfear an fógra trédhearcachta.
- Céannacht an urraitheora, agus i gcás inarb infheidhme, céannacht an eintitis a rialaíonn an t-urraitheoir a d’iarr go ndéanfaí an fhógraíocht, chomh maith lena n-ainm, a seoladh ríomhphoist, a seoladh poist (má tá an seoladh poist ar fáil go poiblí cheana féin).
- An tréimhse ar lena linn atá sé beartaithe an fógrán a fhoilsiú.
- Na méideanna comhiomlánaithe a íocadh leis na soláthraithe seirbhísí ar fad a thug an fógrán chun críche (nó na sochair dóibh) (m.sh. gníomhaireachtaí cruthaitheacha, ceannaitheoirí fógrán, grúpaí díolacháin, foilsitheoirí).
- Eolas faoi bhunús na méideanna a úsáideadh chun íoc as an tseirbhís (an cistí poiblí nó príobháideacha iad, agus an bhfuil siad lonnaithe san Aontas Eorpach nó lasmuigh de).
- An chaoi a ndearnadh na méideanna a íocadh (nó na sochair) a ríomh, a shainaithint agus a chomhiomlánú.
- I gcás inarb infheidhme, an t-imeacht toghcháin (nó an reifreann, an próiseas reachtach nó rialála lena mbaineann an fógrán).
- Má tá nasc aige le himeacht toghcháin, naisc le heolas oifigiúil faoin ullmhúchán san imeacht toghcháin nó reifreann agus faoin rannpháirtíocht ann.
- Seolfar fógráin ar líne chuig stór Eorpach agus coinneofar ann iad; ba cheart naisc chuige sin a thabhairt más ábhartha.
- Cuirfidh foilsitheoirí ar chumas daoine na foilsitheoirí a chur ar an eolas mura gcomhlíonann fógrán a d’fhoilsigh siad an rialachán seo agus tagrófar don phróiseas chun iad a chur ar an eolas san fhógra trédhearcachta.
- Más infheidhme, má foilsíodh aon leagan roimhe sin den fhógrán seo ach gur baineadh é nó gur cuireadh ar fionraí é de bharr sárú, ba cheart é sin a lua.
- Ráiteas ag dearbhú an raibh an fógrán faoi réir spriocdhíriú nó teicnící seachadta fógráin.
- Más infheidhme agus nuair is féidir go teicniúil, aimsiú lucht féachana an fhógráin pholaitiúil i dtéarmaí an líon amharc agus rannpháirtíochta leis an bhfógrán polaitiúil.
Fógraíocht pholaitiúil ar ardáin ar líne nó trí innill chuardaigh
Níl aon fhreagracht ar an gCoimisiún Toghcháin i leith inneachar ná micrea-spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla. Níl aon fhreagracht ar an gCoimisiún Toghcháin ach an oiread as fógraíocht pholaitiúil a fhoilsítear ar na meáin chraolta, ardáin, meáin shóisialta ná innill chuardaigh. Más údar imní duit an t-inneachar, d’fhéadfá dul i dteagmháil leis an iarrthóir/na hiarrthóirí nó an páirtí/na páirtithe nó an soláthraí seirbhíse a d’eagraigh an fhógraíocht. Más údar imní duit an micrea-spriocdhíriú, d’fhéadfá dul i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar [seoladh ríomhphoist], agus má bhaineann sé le meáin chraolta, ardáin, meán shóisialta nó innill chuardaigh, d’fhéadfá dul i dteagmháil le Coimisiún na Meán ar [seoladh ríomhphoist].