Toghcháin an Uachtaráin
Is é Uachtarán na hÉireann Ceann Stáit na hÉireann. Toghann an pobal Uachtarán nua gach seacht mbliana. Is féidir leis an Uachtarán dhá théarma a fhónamh san iomlán.
Tarlóidh an chéad toghchán eile don Uachtarán Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair 2025. Osclaíonn vótaíochtaí ag 7r.n. agus dúnann siad ag 10i.n. Bíodh cruthúnas aitheantais leat, agus bheadh do chárta faisnéise vótaíochta áisiúil, ach níl sé riachtanach.
Cén uair a reáchtálfar an chéad toghchán uachtaránachta eile?
Tarlóidh an chéad toghchán eile don Uachtarán Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair 2025.
Faoi Airteagal 12(3) den Bhunreacht, caithfear toghchán an Uachtaráin a rith faoin dáta ar a dtagann deireadh le téarma oifige an Uachtaráin reatha. Ní féidir an toghchán sin a rith níos mó ná 60 lá roimh dheireadh an téarma reatha. Má tharlaíonn sé go n-éiríonn an tUachtarán reatha as, má fhaigheann an tUachtarán reatha bás nó má chuirtear an tUachtarán reatha as oifig, caithfear an toghchán a rith taobh istigh de 60 lá tar éis an ní sin a tharlú.
Insealbhaíodh Micheál D. Ó hUigínn, an tUachtarán reatha, dá dhara téarma ar an 11 Samhain 2018. Dá bhrí sin, tá an chéad toghchán eile d’Uachtarán na hÉireann, le tarlú ar an 11 Samhain 2025 nó taobh istigh de 60 lá den dáta sin. Rachaidh an tUachtarán nuathofa i mbun oifige an lá i ndiaidh dhul in éag théarma oifige an Uachtaráin atá ag dul as oifig, is é sin an 12 Samhain 2025.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh?
Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán an Uachtaráin, caithfidh tú a bheith:
- I do shaoránach Éireannach
- 18 mbliana d’aois nó os a chionn
- Cláraithe le vóta a chaitheamh
- Gnáthchónaí ort in Éirinn
Nuair a chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, is féidir leat clárú le haghaidh vótála nó do shonraí a thabhairt cothrom le dáta ar www.checktheregister.ie. Seolfar cárta faisnéise vótaíochta chuig do sheoladh ar a mbeidh sonraí do stáisiúin áitiúil vótála. Ní gá duit do chárta faisnéise vótaíochta a thabhairt leat nuair a théann tú chuig an stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh. Ach ba cheart duit cruthúnas aitheantais phearsanta atá bailí a thabhairt leat, ar nós pas, ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí, nó cárta aitheantais fostaí nó mic léinn ar a bhfuil grianghraf. Glactar le cineálacha eile cruthúnais aitheantais. Féach ar an liosta iomlán de cháipéisí is féidir leat a úsáid chun d’aitheantas a chruthú don vótáil.
Cé atá in ann a bheith ina nUachtarán?
Le bheith i dteideal do thofa mar Uachtarán, ní mór go mbeifeá:
- I do shaoránach Éireannach
- 35 bliain d’aois nó os a chionn
Cén chaoi a n-ainmnítear iarrthóirí?
Tá trí bhealach dhifriúla ann chun ainmniú a fháil mar iarrthóir:
Ainmniúchán a fháil ó 20 comhalta ar a laghad den Oireachtas (Teachtaí Dála nó Seanadóirí).
Ainmniúchán a fháil ó cheithre údarás áitiúla ar a laghad (comhairlí contae nó cathrach).
Former or retiring Presidents can nominate themselves if they have only served one term.
Cuireadh tús leis an tréimhse ainmniúcháin ag 10 a.m. an 5 Meán Fómhair 2025 agus dúnadh í ag 12 p.m. 24 Meán Fómhair 2025. D’fhéadfadh iarrthóir ainmnithe a ainmniúchán nó a hainmniúchán a tharraingt siar tráth ar bith sula gcríochnófar an rialú ar ainmniúcháin ach ní ina dhiaidh sin.
Ní mór gurb é an t-iarrthóir nó duine amháin nó níos mó de na daoine a bhfuil an t-ainmniúchán á dhéanamh acu nó, i gcás Comhairle Cathrach nó Contae, nó Comhairle Cathrach agus Contae, oifigeach de chuid na comhairle, a sheachadann an páipéar ainmniúcháin.
Ullmhú chun vóta a chaitheamh i dtoghchán an Uachtaráin
To find out if your name is on the Electoral Register you can:
- Seiceáil ar líne ar checktheregister.ie; nó
- É a fhiosrú ag oifig an údaráis áitiúil.
Tá an spriocdháta thart chun clárú agus chun do shonraí a thabhairt cothrom le dáta chun vóta a chaitheamh agus tú i láthair go pearsanta.
Tá an spriocdháta thart le haghaidh socruithe postvótála agus vótála speisialta le haghaidh thoghchán an uachtaráin.
Vóta a chaitheamh i dtoghchán an Uachtaráin
Nuair a shroichfidh tú do stáisiún vótála, iarrfar d’ainm agus do sheoladh ort. D’fhéadfaí foirm bhailí de chruthúnas aitheantais a iarraidh ort freisin. Má tá foireann an stáisiúin vótála sásta le do shonraí, agus má tá tú ar Chlár na dToghthóirí, cuirfidh siad stampa ar pháipéar ballóide agus tabharfaidh siad duit é. Féadfaidh tú do pháipéar ballóide a thabhairt anonn chuig an mbothán vótála príobháideach ansin.
Beidh liosta ainmneacha, in ord aibítre, ar an bpáipéar ballóide, chomh maith le suaitheantas na bpáirtithe agus grianghraf de gach iarrthóir. Beidh bosca in aice le hainm gach iarrthóra, ar thaobh na láimhe deise. Marcálfaidh tú do rogha vóta do gach iarrthóir sa bhosca sin.
Tá vótáil i dtoghchán an Uachtaráin cosúil le haon toghchán eile, seachas nach dtoghfar ach duine amháin.
Nuair a mharcálann tú do pháipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’ don iarrthóir is fearr leat, ansin ‘2’ do do dhara rogha, ‘3’ do do thríú rogha agus mar sin de. Féadfaidh tú vóta a chaitheamh le haghaidh a mhéad nó a laghad iarrthóirí agus is mian leat. Fút féin atá sé go huile agus go hiomlán.
Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir. Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, ba cheart an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh. Ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide. Ná téigh sa seans le do vóta, ná bíodh aon chúis ann lena cheistiú. Bíodh do vóta san áireamh.
Má tá lagú radhairc ort, beidh Teimpléad Páipéir Ballóide ar fáil i ngach stáisiún vótála agus is féidir leat é sin a úsáid chun do vóta a chaitheamh.

Freephone number
Is í an uimhir shaorghlao, a liostálann na hiarrthóirí don toghchán san ord a mbeidh siad le feiceáil ar an bpáipéar ballóide, 1800 848 850.
Ceisteanna Coitianta (CCanna)
Eolas faoi Thoghchán an Uachtaráin
Tuilleadh eolais
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Cheann Comhairimh Uachtaránachta na hÉireann.

