Treonna Nua – Taighde chun tacú le Toghcháin agus an Daonlathas i nDomhan atá ag Athrú.
Foráiltear don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 taighde a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta toghcháin, ceisteanna a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna ina measc agus, ag eascairt as an taighde sin, moltaí a dhéanamh don Aire agus don Rialtas. I mí Iúil 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin Clár Taighde 2024–2026, an chéad cheann uaidh, i ndiaidh próiseas comhairliúcháin phoiblí. Eagraítear an Clár Taighde bunaithe ar chúig shnáithe théamacha, a bhfuil Snáithe E ar cheann díobh agus trína bhforáiltear do thaighde níos solúbtha agus fiosracht-bhunaithe chun a chinntiú nach gcaillimid an deis taighde a d’fhéadfadh a bheith idir spleodrach agus luachmhar a fhiosrú trí fhócas ró-shaintreorach a bheith againn.
Dá bhrí sin, táimid ag seoladh na chéad Ghairme Taighde ón gCoimisiún Toghcháin anois ar a dtugtar Treonna Nua – Taighde chun tacú le Toghcháin agus an Daonlathas i nDomhan atá ag Athrú faoi Shnáithe E. Tá sé d’aidhm againn leis an ngairm seo taighdeoirí a chumhachtú le ceisteanna nua agus ceannródaíocha a iarraidh, smaointe úrnua a ghineadh agus a thástáil, modhanna nua taighde a chur i bhfeidhm agus tús a chur le cuir chuige nua idirdhisciplíneacha i leith staidéar an daonlathais agus toghchán. Is é an bunchuspóir atá leis sin an daonlathas a chosaint agus a chur chun cinn agus a chinntiú go mbeidh ár gcórais toghcháin agus pholaitiúla sofhreagrúil, síorathraitheach agus go léireoidh siad riachtanais sochaí atá ag athrú go tapa.
Tá sé tábhachtach go mbeadh na tionscadail taighde a mhaoiníonn an Coimisiún Toghcháin ailínithe lena fheidhmeanna agus a shainordú níos leithne. Caithfidh tionscadail a mhaoinítear faoin nGairm Taighde seo ailíniú dá bhrí sin le ceann amháin nó níos mó de na snáitheanna téamacha seo a leanas sa Chlár Taighde:
- Snáithe B: Dlí toghcháin, córais toghcháin agus bonneagar toghcháin,
- Snáithe C: Sláine na n-imeachtaí toghcháin (taighde sa réimse cur isteach ar thoghcháin ar líne, mífhaisnéis agus bréagaisnéis ina measc), agus
- Snáithe D: Oideachas, rannpháirtíocht an phobail agus ionchuimsiú.
Tá sonraíochtaí mionsonraithe don ghairm seo, ina measc ceanglais incháilitheachta, cuspóirí tionscadail agus critéir mheastóireachta ar fáil sa cháipéis faoin nGairm ar Aighneachtaí Tograí. Molaimid go láidir go n-athbhreithneofaí an cháipéis sin ina hiomláine sula gcuirtear tús leis an iarratas. Caithfear aighneachtaí a chur isteach ar an bhfoirm iarratais chaighdeánach. Caithfidh Ceann Taighde na hInstitiúide Ardoideachais/na hEagraíochta Déanta Taighde (nó duine i bpost údaraithe eile) gach iarratas a shíniú.
Cliceáil ar an nasc thíos agus tabhair do sheoladh ríomhphoist chun teacht ar an gcáipéis faoin nGairm ar Aighneachtaí Tograí agus ar an bhfoirm iarratais.
Molaimid do dhaoine nó do ghrúpaí a bhfuil spéis acu anseo a suim a chlárú trí Cháipéisí na Gairme Taighde a íoslódáil. I ndiaidh duit clárú, gheobhaidh tú nuashonruithe agus freagraí ar cheisteanna go huathoibríoch. Mura gcláraíonn tú, beidh ort súil a chaitheamh ar an suíomh gréasáin ó am go chéile chun athruithe a fheiceáil.
Na Príomhdhátaí
- Tús na gairme d’iarratais: Dé hAoine, 27 Márta 2026
- Spriocdháta do cheisteanna: 3 i.n., Dé hAoine, 8 Bealtaine 2026
- Spriocdhátaí d’aighneachtaí gairme: 3 i.n., Dé hAoine, 29 Bealtaine 2026
Aighneachtaí
Caithfear iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig researchcall@electoralcommission.ie
Caithfear aighneachtaí a chur isteach i bhformáid PDF a bhfuil CV(anna) curtha le deireadh an iarratais.
Tacaíocht
Má bhíonn aon cheist agat faoin bpróiseas iarratais, seol ríomhphost chuig Foireann Taighde an Choimisiúin Toghcháin ar researchcall@electoralcommission.ie
Ceisteanna agus Freagraí
Ba cheart d’iarratasóirí an cháipéis seo a léamh chun an liosta is nuaí de cheisteanna agus freagraí faoin nGairm Taighde seo a léamh. Eiseofar freagraí chuig an seoladh ríomhphoist a úsáidtear chun cáipéisí na gairme taighde a íoslódáil freisin.