Seanad Éireann
Tá deireadh tagtha leis an vótaíocht sna toghcháin don Seanad.
Is é an Seanad seomra uachtarach an Oireachtais, agus is í an Dáil an seomra íochtarach. Tugtar Seanadóirí ar chomhaltaí an tSeanaid.
Feidhmeanna Sheanad Éireann
Is é príomhfheidhm an tSeanaid díospóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a mholann an Rialtas. Féadfaidh an Seanad leasú a dhéanamh ar Bhille a rith an Dáil agus moill a chur lena rith mar dhlí, ach ní féidir leis stop a chur leis. Féadfaidh Seanadóirí a mBillí féin a thabhairt isteach freisin, a ndéantar díospóireacht orthu sa Seanad agus, má ritear iad, a ndéantar díospóireacht orthu sa Dáil ansin. Is é ról an tSeanaid, i ndeireadh na dála, an próiseas reachtóireachta a fheabhsú. Cé nach bhfuil aon fhreagracht bhunreachtúil ar an Rialtas i dtaobh Sheanad Éireann, freastalaíonn Aire nó Aire Stáit ar an Seanad nuair atá sé ag plé le Billí nó i mbun díospóireacht ar bheartas Rialtais.
Comhdhéanamh Sheanad Éireann
Bíonn 60 comhalta sa Seanad. Murab ionann is an Dáil, ní thoghtar comhaltaí an tSeanaid go díreach. I gcás an 60 Seanadóir: • Ainmníonn an Taoiseach 11 Seanadóir; • Toghtar 43 Seanadóir ó rollaí gairme; • Toghtar seisear Seanadóirí ó rollaí ollscoile. Caithfear toghcháin an tSeanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a lánscor. Dá bhrí sin, beidh an Dáil nua tagtha le chéile sula ritear toghcháin an tSeanaid.
Caithfear toghcháin an tSeanaid a reáchtáil laistigh de 90 lá den Dáil a lánscor. Dá bhrí sin, beidh an Dáil nua tagtha le chéile sula ritear toghcháin an tSeanaid.
Cé atá in ann a bheith ina Seanadóir?
Le bheith i do Sheanadóir, caithfidh tú a bheith:
Ní fhéadfaidh tú a bheith:
Rollaí gairme
Bíonn na rollaí gairme freagrach as 43 den 60 Seanadóir a thoghadh. Pléitear é sin in Airteagal 18 den Bhunreacht. Is iad na cúig rolla dhifriúla:
Tá téama difriúil ag baint le gach rolla. Éilítear ar na hiarrthóirí leibhéal áirithe saineolais agus taithí a bheith acu a bhaineann lena rolla. Toghfaidh gach rolla idir 5 agus 11 chomhalta, agus ní cheadaítear d’iarrthóirí ach seasamh i dtoghchán rolla amháin.
Is iad seo a leanas an toghlacht do gach rolla gairme: • Comhaltaí na Dála nuathofa; • Comhaltaí an tSeanaid atá ag dul as oifig; • Comhaltaí na gcomhairlí contae agus cathrach.
Comhlachtaí ainmniúcháin
Coinníonn ceann comhairimh an tSeanaid liosta de na comhlachtaí ainmniúcháin le haghaidh na gcúig rolla. Is eagraíocht é an comhlacht ainmniúcháin a bhfuil a chuid oibre nó a chomhaltaí ábhartha do rolla. Ní fhéadfaidh eagraíochtaí clárú ach ar rolla amháin.
Cén chaoi a n-ainmnítear iarrthóirí ar rolla gairme?
Féadfaidh ceathrar comhaltaí den Oireachtas nó comhlacht ainmniúcháin iarrthóirí a ainmniú. Toghann gach rolla líon íosta iarrthóirí ó iarrthóirí a d’ainmnigh comhaltaí Oireachtais agus comhlachtaí ainmniúcháin.
Mar shampla, toghann an rolla saíochta agus oideachais cúigear ionadaithe. Caithfear beirt ionadaithe ar a laghad a thoghadh ó iarrthóirí a ainmníonn comhaltaí Oireachtais agus beirt ó chomhlachtaí ainmniúcháin.
An Toghlach Ardoideachais
Bhunaigh Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile) (Leasú), 2024 toghlach Ardoideachais amháin a tháinig in ionad an dá thoghlach ollscoile ina raibh trí shuíochán go dtí sin – Ollscoil Bhaile Átha Cliath (TCD) agus Ollscoil na hÉireann (OÉ).
Faoin Acht, cuimsíonn an toghlach Ardoideachais na hinstitiúidí ainmnithe ar fad, lena n-áirítear:
a) Ollscoil na hÉireann (OÉ)
b) Ollscoil Bhaile Átha Cliath (TCD)
c) institiúid Ardoideachais ainmnithe faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022
Tá tuilleadh eolais faoin Toghlach Ardoideachais agus liosta iomlán de na hinstitiúidí ainmnithe ar fáil ar VótálaíSeanad.ie
An córas toghcháin
Reáchtáiltear toghcháin an tSeanaid trí phostvótáil agus baintear leas as Ionadaíocht Chionmhar – Aonvóta Inaistrithe (PR-STV). Tá sé sin cosúil leis an toghcháin uile eile in Éirinn.
Incháilitheacht chun vóta a chaitheamh sa toghlach Ardoideachais
Chun a bheith incháilithe chun clárú le vótáil sa toghlach Ardoideachais i dtoghcháin an tSeanaid ní mór duit a bheith:
- i do shaoránach Éireannach;
- 18 mbliana d’aois ar a laghad; agus
- céim bhaitsiléara, céim mháistreachta, nó céim dhochtúireachta a bheith faighte agat ó institiúid ainmnithe.
Níl sealbhóirí céime oinigh incháilithe chun clárú.
Níl aon riachtanas ann go mbeadh cónaí ort in Éirinn le bheith cláraithe le vótáil sa toghlach Ardoideachais.
Bainistíonn Ollscoil na hÉireann (OÉ), arb í an Príomh-Údarás Clárúcháin í, clár na dtoghthóirí don toghlach Ardoideachais.
Is féidir clárú ar líne ar VótálaíSeanad.ie
Tá liosta iomlán de na hinstitiúidí ainmnithe ar fáil freisin ar VótálaíSeanad.ie
Incháilitheacht chun seasamh mar iarrthóir
Má theastaíonn ó dhuine seasamh i dtoghchán, féadfaidh siad iad féin a ainmniú mar iarrthóir sa toghlach Ardoideachais nó féadfaidh duine eile (a chaithfidh a bheith ina dtoghthóir cláraithe sa toghlach Ardoideachais) iad a ainmniú. Ní mór d’ainmniúchán iarrthóra toiliú a fháil ó 60 toghthóir cláraithe sa toghlach Ardoideachais.
Sin nó is féidir le hiarrthóir éarlais €1,800 a íoc chun a n-ainmniúchán a dhaingniú. Tabharfar an táille sin ar ais dóibh má thoghtar iad.
Ní gá duit a bheith i do chéimí de chuid institiúid ainmnithe Ardoideachais le bheith incháilithe chun seasamh mar iarrthóir, ach ní mór duit na gnáthchritéir incháilitheachta thuasluaite a chomhlíonadh le bheith i do sheanadóir.