Skip to main content
Image of open book in a library

Is é do vóta do ghuth

Ghrúpa Comhairleach Taighde

    Ar an 23 Feabhra 2024 d’fhógair An Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, ballraíocht a Ghrúpa Comhairleach Taighde inniu.

    Tacaíonn an sainghrúpa de dhaoine éagsúla seo leis an gCoimisiún chun a Chlár Taighde 2024-2026 a chur ar fáil. Áirítear leis seo raon téamaí taighde a shíneann thar chúig shnáithe, lena n-áirítear an chéad staidéar náisiúnta fadaimseartha ar thoghcháin agus daonlathas in Éirinn (NEDS).

    Chomh maith le roinnt ionadaithe na bpáirtithe leasmhara a cheapadh agus ball idirnáisiúnta amháin, d’iarr An Coimisiún léirithe spéise maidir le ceithre phost acadúla/saineolaithe a líonadh ar an nGrúpa Comhairleach Taighde.

    Seo a leanas ballraíocht iomlán an Ghrúpa:

    • An tOllamh Emerita Caroline Fennell, Ollamh Emerita le Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (Cathaoirleach)
    • Teresa Buczkowska, Comhairle um Inimircigh na hÉireann
    • Doireann Crosson, Comhairle Náisiúnta na mBan
    • An tOllamh Pauline Cullen, Ollamh le Socheolaíocht agus Polaitíocht i Roinn na Socheolaíochta ag Ollscoil Mhá Nuad
    • An tOllamh Kate Dommett, Ollamh le Polaitíocht Dhigiteach i Roinn na Polaitíochta agus Caidrimh Idirnáisiúnta ag Ollscoil Sheffield
    • An tOllamh David Farrell, Ollamh le Polaitíocht i Scoil na Polaitíochta agus Caidrimh Idirnáisiúnta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
    • An tOllamh David Kenny, Ollamh le Dlí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
    • Adam Lambe, Ionadaí Óige
    • An Dr. Patricia McCarthy, Socheolaí & Abhcóide Míchumais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
    • Jane-Ann O’Connell, Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas
    • An Dr. Brigid Quilligan, Gníomhaí an Lucht Siúil
    • An Dr Paul Redmond, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
    • Niklas Wilhelmsson, An Roinn Daonlathais & Dlí Poiblí, Aireacht Dlí agus Cirt, An Fhionlainn

    Miontuairiscí Ghrúpa Comhairleach Taighde

    Ar mhaithe le trédhearcacht agus oscailteacht, foilsítear thíos miontuairiscí na cruinnithe ón 5 Márta 2024 i leith.

    Minutes from 5 March 2024 Meeting (Word)Minutes from 5 March 2024 Meeting (PDF)
    Minutes from 25 March 2024 Meeting (Word)Minutes from 25 March 2024 Meeting (PDF)
    Minutes from 30 September 2024 Meeting (Word)Minutes from 30 September 2024 Meeting (PDF)
    Minutes from 9 December 2024 (Word)Minutes from 9 December 2024 (PDF)
    Minutes from 23 March 2025 (Word)Minutes from 23 March 2025 (PDF)
    Minutes from 10 September 2025 (Word)Minutes from 10 September 2025 (PDF)