Deiseanna Taighde
Cliceáil ar na nascanna thíos le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna taighde reatha leis an gCoimisiún Toghcháin.
Comhaltacht Seirbhíse Poiblí le Taighde Éireann
Tá An Coimisiún Toghcháin ag obair le Taighde Éireann ar a chlár Comhaltachta Seirbhíse Poiblí. Tabharfar ar iasacht don Choimisiún an comhalta ceaptha le hoibriú ar thionscadal taighde dar teideal “Generation Engage: understanding young people, elections and democracy in Ireland.” Beidh sé mar sprioc ag an tionscadal an caidreamh idir rannpháirtíocht dhaonlathach agus an t-aos óg a mhíniú, ag díriú ar idirghabháil pholasaí a dearadh le rannpháirtíocht a fheabhsú.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: Déardaoin 16 Aibreán 2026
Public Service Fellowship Projects | Research Ireland
Gairm ar Thaighde: Treonna Nua – Taighde le tacú le Toghcháin agus an Daonlathas i nDomhan atá ag Athrú
Tá ríméad ar an gCoimisiún Toghcháin ár gcéad ghairm ar thaighde a sheoladh, Treonna Nua – Taighde le tacú le Toghcháin agus an Daonlathas i nDomhan atá ag Athrú.
Spriocdháta le haghaidh Iarratas: 3i.n. Dé hAoine 29 May 2026