Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

29 Meitheamh 2026 – Tá Tuarascáil Bhliantúil 2025 curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisiún Toghcháin, agus léiriú ann ar bhliain eile ina raibh borradh faoi institiúidí daonlathacha na hÉireann a neartú. Tarraingítear aird sa tuarascáil seo an dul chun cinn atá déanta againn, ach meabhraítear dúinn freisin nach mbíonn ár gcuid oibre críochnaithe choíche. Mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, leanfaimid orainn ag cothú mhuinín an phobail, ag spreagadh rannpháirtíochta, agus ag cinntiú go bhfanfaidh ár gcóras toghcháin oscailte agus athléimneach agus go bhfuil muinín gach duine a bhraitheann air tuillte aige.

Cuimsítear i dTuarascáil Bhliantúil 2025:

  • an feachtas eolais agus clárúcháin vótálaithe do Thoghchán an Uachtaráin ag imeachtaí poiblí – lena n-áirítear feachtais clárúcháin vótálaithe ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus Electric Picnic, fógraíocht sna meáin, na meáin dhigiteacha, canbhasáil sráide, agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara; 
  • foilsiú na chéad Tuarascála Formhaoirseachta ar Chláir na dToghthóirí in Éirinn;
  • torthaí Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais Olltoghchán 2024;
  • foilsiú dhá Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) – Tuarascáil PEER Olltoghchán 2024 agus Tuarascáil PEER Thoghchán 2025 an tSeanaid;
  • forbairt Straitéis Oideachais agus Rannpháirtíocht an Phobail;
  • seoladh rialachán nua an Aontais Eorpaigh maidir le Trédhearcacht agus Spriocdhíriú na Fógraíochta Polaitiúla (TTPA);
  • seoladh uirlise mapála nua, ‘Cén Dáilcheantar ina gcónaím?’, ar electoralcommission.ie;
  • forbhreathnú ar obair an Choimisiúin, laistigh den aonad Oibríochtaí Toghcháin agus Oideachais, den aonad Sláine Toghcháin agus Taighde, agus den aonad Cumarsáide go sonrach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary:

“Is láidre an daonlathas nuair a bhraitheann gach duine go bhfuil tábhacht lena nguth agus nuair a bhíonn an mhuinín agus an deis ag gach saoránach páirt a ghlacadh ann. I gcaitheamh 2025, d’oibrigh an Coimisiún Toghcháin chun an daonlathas a thabhairt níos gaire do dhaoine trí thaighde, imeachtaí poiblí, cuairteanna scoile agus coláistí, tionscnaimh clárúcháin vótálaithe, agus rannpháirtíocht le pobail ar fud na hÉireann.

Tá teachtaireacht shimplí ach chumhachtach amháin mar threoir ag gach rud a dhéanaimid: Is é do vóta do ghuth. Trí bhonn eolais a chur faoin rannpháirtíocht, í a chumhachtú agus í a spreagadh, táimid ag cabhrú le daonlathas níos láidre agus níos cuimsithí a thógáil do ghlúnta na linne seo agus do na glúnta atá le teacht.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Alice Kiernan, an Fhoireann Cumarsáide

An Coimisiún Toghcháin,

Alice.Kiernan@electoralcommission.ie / 087 204 6205

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá téacs iomlán Thuarascáil Bhliantúil 2025 ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar na naisc seo a leanas:

An Coimisiún Toghcháin Annual Report 2025

An Coimisiún Toghcháin Tuarascáil Bhliantúil 2025

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;