Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

18 Meitheamh 2026 – Tá fáilte curtha ag an gCoimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, roimh cheapadh beirte chomhaltaí nua chuig a Choimisiún.  

Leanann ceapacháin an Dr Lee Komito agus Ross Frenett (beathaisnéisí i nóta an eagarthóra) críochnú próisis de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS). D’fhaomh Dáil Éireann na hainmniúcháin an 26 Bealtaine agus d’fhaomh Seanad Éireann iad an 27 Bealtaine i gcomhréir leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 agus rinne an tUachtarán Catherine Connolly iad a cheapadh. Mairfidh na ceapacháin seo chuig an gCoimisiún tréimhse thosaigh ceithre bliana.

Dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin, an Breitheamh Marie Baker:

“Léiríonn na ceapacháin seo neartú tábhachtach ar shaineolas agus ar chumas an Choimisiúin chun ár bhfeidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh, agus cuirimid fáilte roimh shaineolas comhcheangailte na heolaíochta polaitiúla agus na teicneolaíochta atá ag an Dr Komito agus ag an Uasal Frenett chuig an mBord.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

Beathaisnéisí Chomhaltaí Nua an Choimisiúin

Is é Ross Frenett Bunaitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Moonshoot, a fhorbraíonn uirlisí faoi thiomáint na hintleachta saorga chun troid in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na bréagaisnéise agus bagairtí ar líne eile ar phróisis dhaonlathacha. Chuir sé tús lena ghairm bheatha sa fhrith-antoisceachas, ag treorú clár ar earcaíocht sceimhlitheoirí agus radacú sular chuir sé na scileanna sin i bhfeidhm ar bhréagaisnéis, ar shláine toghcháin, agus ar rialachas na hintleachta saorga. Bhain a chuid oibre le níos mó ná 55 tír, ina measc clár athléimneachta bréagaisnéise in aimsir chogaidh san Úcráin agus, i gcomhar le Google, feachtas réamhbhréagnaithe a d’aimsigh breis agus 120 milliún saoránach roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024.

Ó 2020 go 2024, bhí sé ina chomhchathaoirleach ar ghrúpa oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhí ag troid in aghaidh insintí antoisceacha agus earcaíocht ar líne. Tá BA sa Stair agus sa Pholaitíocht aige ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) agus MA sa tSlándáil agus sa tSochaí ó King’s College, Londain.

Tá an Dr Lee Komito ina Ollamh Comhlach Emeritus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Fuair an Dr Komito a PhD ó Ollscoil Pennsylvania agus is air a bronnadh an chéad Chomhaltacht L & B Quinn Newman ó UCD, sa Pholaitíocht agus sa tSocheolaíocht. Tugann sé le chéile an antraipeolaíocht pholaitiúil, an léann eolais, agus socheolaíocht na teicneolaíochta, agus tá go leor foilsithe aige ar an gcliantachas agus ar pholaitíocht na hÉireann, chomh maith le tionchar na dteicneolaíochtaí digiteacha ar an saol polaitiúil, pobail agus sóisialta, lena n-áirítear topaicí ar nós pobail fhíorúla, rannpháirtíocht shibhialta, ríomhrialachais, agus na meán sóisialta agus imirce.

Bhí sé ina Cheann ar Scoil an Léinn Eolais agus Cumarsáide UCD agus fónann sé mar mheasúnóir saineolach don Choimisiún Eorpach um TFCanna, nuálaíocht dhigiteach agus ríomh-ionchuimsiú agus do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (EISMEA). Tugtar tuilleadh sonraí faoina chuid taighde ar thionchar sóisialta na dteicneolaíochtaí cumarsáide nua agus ar tháirgeadh, scaipeadh agus bailíochtú faisnéise digití go háirithe i gceann dá fhoilseacháin, “The Information Revolution and Ireland: prospects and challenges”.