Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

27 Aibreán 2026 – Beidh fáil ag daoine agus teaghlaigh ar mian leo vótáil ar fud na Gaillimhe Thiar ar an gcéad Tob-Shiopa Clárúcháin Vótálaithe in Éirinn i gCathair na Gaillimhe i rith dheireadh seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine.

Beidh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag déanamh rud úrnua i nGaillimh le tobshiopa clárúcháin vótálaithe agus faisnéise ag barr na Faiche Móire sa Chathair.

Tá an Coimisiún ag glacadh seilbh ar an mbothán ag barr na Faiche Móire agus á athrú ina thobshiopa clárúcháin vótálaithe ildaite ón 1 Bealtaine go dtí an 5 Bealtaine.

Is é Dé Máirt, 5 Bealtaine an spriocdháta deiridh chun clárú le vótáil agus do dhaoine a gcuid sonraí a cheartú le go mbeidh siad in ann vóta a chaitheamh sa chorrthoghchán Dé hAoine, 22 Bealtaine.

Beidh foireann an Choimisiúin i láthair ar an bhFaiche Mhór chun cabhrú le daoine a bheidh ag caitheamh vóta den chéad uair clárú le vótáil ar tháibléid ar an toirt agus ag cabhrú le duine ar bith a chaithfidh a gclárú vótála a thabhairt cothrom le dáta. Beidh foireann an Choimisiúin Toghcháin ag freagairt aon cheisteanna faoi vótáil nó faoi na corrthoghcháin i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir freisin.

Chomh maith le clárú vótálaithe agus comhairle do vótálaithe, beidh an Coimisiún ag obair i gcomhar le Galway Bay FM le haghaidh craoladh seachtrach Dé hAoine, agus beidh ceoltóirí áitiúla leo chun roinnt ceoil a thabhairt chuig an bhFaiche Mhór le linn an deiridh seachtaine saoire bainc agus beidh comórtais á reáchtáil acu ar an láthair. Cuirfear stáisiún vótála samplach ar bun freisin ina mbeidh fíorbhothán vótála agus fíorbhosca ballóide chun a thaispeáint do theaghlaigh agus do dhaoine aonair conas a vóta a chaitheamh i gceart.

Seo a leanas na huaireanta oscailte don tobshiopa:

  • Dé hAoine, 1 Bealtaine: 12 – 5 i.n.
  • Dé Sathairn, 2 Bealtaine: 12 – 5 i.n.
  • Dé Luain, 4 Bealtaine: 11 – 4 i.n.
  • Dé Máirt, 5 Bealtaine: 11 – 4 i.n. 

 Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Tá an feachtas clárúcháin vótálaithe seo, an chéad cheann dá leithéid, ar cheann de na himeachtaí iomadúla atá á reáchtáil ag an gCoimisiún i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir roimh chorrthoghcháin an 22 Bealtaine.  

“Ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag daoine go bhfuil tábhacht le gach vóta. Is é do vóta do ghuth, mar sin ná déan dearmad é a úsáid chun cinneadh a dhéanamh cé hiad na Teachtaí Dála nua do Ghaillimh Thiar agus do Bhaile Átha Cliath Láir.”

Nóta d’Eagarthóirí:

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlárú le vótáil nó do shonraí a nuashonrú, tabhair cuairt ar www.voter.ie

Cé atá in ann vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán?

Is féidir leat vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán má tá tú:

* Cláraithe le vóta a chaitheamh

* I do shaoránach Éireannach nó Briotanach

* 18 mbliana d’aois nó os a chionn ar lá na vótála

* Má tá gnáthchónaí ort i gceann den dá dháilcheantar ina mbeidh corrthoghchán ar siúl

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 / Brian.Dawson@electoralcommission.ie

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.