Corrthoghcháin Bhaile Átha Cliath Láir agus na Gaillimhe Thiar Dé hAoine, 22 Bealtaine
Spriocdhátaí ag Teannadh Linn chun Clárú le Vótáil
Tá coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, an Coimisiún Toghcháin, ag comhairliú do vótálaithe i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir gníomhú anois lena chinntiú go mbeidh deis acu vótáil sna corrthoghcháin atá le teacht, a bheidh ar siúl Dé hAoine, 22 Bealtaine a dheimhnigh an Rialtas inniu.
Tá dhá spriocdháta thábhachtacha ann anois ar gá do vótálaithe ionchasacha sa dá dháilcheantar a bheith ar an eolas fúthu:
Spriocdháta don Phostvótáil/Vótáil Speisialta: Is é an spriocdháta le haghaidh postvótála/vótáil speisialta ná dhá lá tar éis don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ordú maidir leis an Lá Vótaíochta a shíniú.
- Mar sin, má eisítear an t-ordú maidir leis an lá vótaíochta Dé Céadaoin, 22 Aibreán, is é Dé hAoine, 24 Aibreán an spriocdháta do phostvótáil/vótáil speisialta.
- Agus má eisítear an t-ordú maidir leis an lá vótaíochta Déardaoin, 23 Aibreán, is é Dé Sathairn, 25 Aibreán an spriocdháta do phostvótáil/vótáil speisialta.
Spriocdháta Clárúcháin nó Nuashonraithe Vótálaithe: Dé Máirt, 5 Bealtaine 2026
Is é Dé Máirt, 5 Bealtaine an spriocdháta chun clárú le vótáil. Is é an bealach is sciobtha agus is éascú chun clárú le vótáil nó chun do shonraí a nuashonrú ná dul chuig www.voter.ie
I gcás na postvótála, má tá tú incháilithe, ní mór duit gníomhú go sciobtha chun na foirmeacha riachtanacha a chomhlánú. Tá sonraí faoin mbealach leis sin a dhéanamh ar fáil ar ár suíomh gréasáin https://www.electoralcommission.ie/ga/seiceail-an-clar-2/
An bhfuil tú éiginnte faoi do Dháilcheantar? Tá bealach éasca ag an gCoimisiún freisin chun a sheiceáil cén dáilcheantar ina gcónaíonn tú, ionas go mbeidh a fhios agat an bhfuil tú incháilithe chun vótáil sna corrthoghcháin seo. Téigh go https://www.electoralcommission.ie/ga/cen-dailcheantar-ina-gconaim/ agus cuir isteach d’Éirchód nó do sheoladh chun do dháilcheantar a sheiceáil.
Tá Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, ag impí ar dhaoine clárú láithreach nó a gcuid sonraí a nuashonrú ionas gur féidir leo a vóta a úsáid Dé hAoine, 22 Bealtaine.
“Anois agus dáta oifigiúil againn do na corrthoghcháin, is féidir le muintir Bhaile Átha Cliath Láir agus na Gaillimhe Thiar tosú ag smaoineamh dáiríre faoi cé atá uathu mar Theachtaí Dála nua sa Dáil.
“Tá an spriocdháta ag teannadh linn chun thú féin a chlárú le vótáil má tá tú ag vótáil den chéad uair, nó chun do shonraí vótála a nuashonrú má bhog tú teach, má d’fhill tú ar Éirinn ó thar lear nó má rinneadh saoránach Éireannach díot le déanaí. Is é an bealach is éascú chun é sin a dhéanamh ná dul chuig www.voter.ie.
“Tríd an dá chorrthoghchán seo, mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, beimid ag obair chun eolas soiléir agus neamhchlaonta a thabhairt do dhaoine faoi céard is corrthoghcháin ann, clárú vótálaithe agus conas a vóta a chaitheamh.
“Is é do vóta do ghuth, mar sin áitím ar dhaoine ar fud Bhaile Átha Cliath Láir agus na Gaillimhe Thiar a chinntiú go gcloisfear do ghuth Dé hAoine, 22 Bealtaine.”
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,
An Coimisiún Toghcháin, 086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá tuilleadh eolais faoi chlárú le vótáil, lena n-áirítear clárú le haghaidh postvótála agus vótáil speisialta, tabhair cuairt ar https://www.electoralcommission.ie/ga/seiceail-an-clar-2/
Cé atá in ann vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán?
Is féidir leat vóta a chaitheamh i gcorrthoghchán má tá tú:
* Cláraithe le vóta a chaitheamh
* I do shaoránach Éireannach nó Briotanach
* 18 mbliana d’aois nó os a chionn ar lá na vótála
* Má tá gnáthchónaí ort i gceann den dá dháilcheantar ina mbeidh corrthoghchán ar siúl
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 / Brian.Dawson@electoralcommission.ie
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.