Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Foilsítear Tuarascáil Bhliantúil do bhliain inar caitheadh os cionn 9 milliún vóta

31 Iúil 2025 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2024, an chéad bhliain iomlán de ghníomhaíocht choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann agus ceann de na blianta toghcháin ba ghnóthaí riamh sa Stát.

Tugtar breac-chuntas sa Tuarascáil Bhliantúil ar obair an Choimisiúin a bhain le dhá reifreann i mí an Mhárta 2024, toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh, an toghchán don chéad mhéara dírthofa riamh in Éirinn i Luimneach i mí an Mheithimh, agus an t-olltoghchán i mí na Samhna.

Bhí siad seo a leanas i measc éachtaí an Choimisiúin in 2024:

  • Eolas inrochtana agus feachtais feasachta don phobal a sholáthar le haghaidh sé imeacht toghcháin.
  • Feachtais éifeachtacha cumarsáide a spreag leibhéal clárúcháin vótálaí gan sárú agus laghdú suntasach ar líon na vótaí millte.
  • Foilsiú Chlár Taighde 2024–2026, an chéad cheann dár gcuid, ina leagtar amach cúig shraith de thaighde nua, agus bunú an Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS).
  • Cuairt a thabhairt ar stáisiúin vótála sa 26 contae ar na laethanta toghcháin: an 8 Márta, an 7 Meitheamh agus arís ar an 29 Samhain; bhí 285 cuairt ar stáisiúin vótála i gceist san iomlán, agus chuir na sonraí a bailíodh lena linn leis na tuarascálacha Athbhreithnithe i nDiaidh Imeacht Toghcháin a foilsíodh i ndiaidh gach toghcháin.
  • Taighde mionsonraithe ar chláir na dtoghthóirí in Éirinn, comhthiomsú sonraí fairsinge cáilíochtúla agus cainníochtúla ón 31 údarás áitiúil ina measc.
  • Sláine Chlár na bPáirtithe Polaitíochta a chothú.
  • Forbairt agus foilsiú ár gcéad Ráitis Straitéise, atá le bheith i bhfeidhm sna trí bliana go 2026.
  • Lonnú inár n-oifigí nua i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus fás gach bliain ar ár bhfoireann ó 20 go 30.

Ag labhairt dó faoin bhfoilseachán, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Ní raibh a leithéid de bhliain againn cheana, nuair a chuaigh muintir na hÉireann chuig na stáisiúin vótála, ní uair amháin, ach trí huaire, tráth ar caitheadh os cionn 9 milliún vóta – léiriú ciúin ar an daonlathas i mbun gnímh. Gabhaimid buíochas le gach vótálaí a bhí rannpháirteach – múnlaíonn do ghuthanna ár dtodhchaí. 

“Meabhraíonn gach toghchán dúinn nach imeacht é an daonlathas – is tiomantas comhroinnte é. Sibhse nár chaith vóta anuraidh, cibé cúis a bhí agaibh, iarraimid oraibh bhur n-áit a ghlacadh inár scéal daonlathach comhroinnte. Tá sé de dhualgas orainn gach guth a chosaint, tacú leo agus iad a spreagadh – le hionracas, le neamhspleáchas, agus le tiomantas gan staonadh.

“Inár gcéad bhliain iomlán ag obair mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ba chúis mhór áthais dúinn tacú le vótálaithe leis an eolas a theastaigh uathu chun clárú ar chlár na dtoghthóirí; tuiscint a fháil ar an gcaoi le vóta a chaitheamh agus ar an gcaoi a n-oibríonn a vóta; agus gach duine ar an gclár a spreagadh le dul agus vóta a chaitheamh ar lá an toghcháin.”

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,

An Coimisiún Toghcháin,

Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá téacs iomlán Thuarascáil Bhliantúil 2024 ón gCoimisiún Toghcháin ar fáil ar na naisc seo a leanas:

English

Gaeilge

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.