Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

20 Meitheamh 2025 – Moltar athrú ar an dlí in Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin ar Thoghcháin Seanad na bliana seo chun a chinntiú nach ndúnfar spriocdhátaí clárúcháin vótálaithe an tSeanaid sna míonna roimh fhógairt toghcháin.

Ní cheadaíonn an dlí cláir fhorlíontacha i dtoghcháin an tSeanaid faoi láthair, rud a chiallaíonn go bhfuil spriocdháta socraithe amháin ann gach bliain nach mór do dhaoine a bheith cláraithe faoi nó go mbeidh baol ann go gcaillfidh siad a vóta Seanaid.

Tá an t-athrú seo i measc 11 mholadh maidir le toghcháin Seanaid na hÉireann, agus tá sé mar aidhm leo ar fad an próiseas toghcháin agus a inrochtaineacht a fheabhsú roimh na chéad toghcháin Seanaid eile.

Is é seo an chéad athbhreithniú ar thoghchán Seanaid i stair an Stáit agus leagtar amach ann míniú mionsonraithe ar éabhlóid stairiúil theach uachtarach na hÉireann, agus ar an gcaoi a dtarlaíonn ainmniúcháin, toghcháin, vótaí agus comhaireamh an tSeanaid.

D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin (PEER) ar Olltoghchán 2025 don Seanad inniu agus chuir sé faoi bhráid an Oireachtais é.

Déantar moltaí do thoghlach Ardoideachais nuabhunaithe an tSeanaid agus do thoghcháin rollaí an tSeanaid atá ann cheana féin, agus áirítear leo:

  • Seiceálacha dearbhaithe cáilíochta ar chlár nua na dtoghthóirí don toghlach Ardoideachais a neartú,
  • Nósanna imeachta reatha a bhaineann le páipéir bhallóide an tSeanaid a sheachadadh sa phost cláraithe i dtoghcháin ollscoile a athbhreithniú,
  • An próiseas comhairimh le haghaidh toghcháin rollaí a chuíchóiriú,
  • Stampa nó comhartha uisce caighdeánaithe a chur ar gach páipéar ballóide ollscoile sula n-eisítear iad,
  • agus a chinntiú go gcuirtear na fógraí ar fad in ionaid chomhairimh ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann.

Bhreathnaigh comhaltaí agus baill foirne an Choimisiúin Toghcháin ar na príomhchéimeanna de i bpróisis agus comhairimh toghcháin an tSeanaid agus bhí plé leanúnach againn leis an triúr ceann comhairimh agus le príomhpháirtithe leasmhara eile i gcaitheamh an toghcháin seo.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Tá a rollaí agus a bpróisis uathúla féin ag toghcháin an tSeanaid agus den chéad uair riamh bhíomar in ann scrúdú a dhéanamh orthu go neamhspleách chun a fheiceáil cá bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh. Gabhaimid buíochas leis na cinn chomhairimh, na hoifigigh toghcháin agus daoine eile a chabhraigh leis an obair neamhspleách seo a éascú.”

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

– CRÍOCH –

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú i ndiaidh Imeacht Toghcháin ar Olltoghchán an tSeanaid in 2025 ar fáil ar na naisc seo a leanas:

English version / Leagan Gaeilge

Foilsítear an Tuarascáil PEER seo faoi alt 68 den Acht um Athchóiriú Toghcháin ina bhforáiltear d’athbhreithnithe dá leithéid agus is tuarascáil í ar riar an imeachta toghcháin lena mbaineann. 

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. 

Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin, idir chinn atá ann cheana féin agus chinn nua, ina measc:

  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.