Molann an Coimisiún Toghcháin Plean Cuimsitheach chun Aghaidh a Thabhairt ar Deiridh ar Chruinneas Chlár na dToghthóirí
Éilíonn an Chéad Tuarascáil ar Chláir na dToghthóirí in Éirinn Iniúchtaí Cruinnis, Tosaíocht Níos Fearr agus Níos Mó Acmhainní don Chuid Bhunúsach seo dár gCóras Daonlathach.
1 Bealtaine 2025 – Deirtear sa chéad Tuarascáil Formhaoirseachta ón gCoimisiún Toghcháin ar Chláir na dToghthóirí in Éirinn go bhfuil ‘imní mhór’ air faoi na fadhbanna cruinnis seanbhunaithe a bhaineann le cláir na dtoghthóirí. Moltar plean sa tuarascáil don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus don 31 údarás áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar an gceist seo faoi dheireadh roimh an gcéad bhabhta eile d’imeachtaí toghcháin in 2029. Ba cheart go dtosódh sé sin le hiniúchtaí ar gach clár toghthóirí sa tír.
Tá líon neamhshainithe, ach a d’fhéadfadh a bheith suntasach, d’iontrálacha dúblacha nó nach bhfuil feidhm leo níos mó ar an 31 clár toghthóirí a dhéanann na húdaráis áitiúla a bhainistiú agus a chothabháil. Téann an fhadhb seo siar na scórtha blianta le daoine atá cláraithe níos mó ná uair amháin i gceantar údaráis áitiúil amháin nó níos mó, daoine a chuaigh ar imirce agus daoine a fuair bás fós ar na cláir.
A bhuí le cláir chruinne, is féidir measúnú níos cinntithí a dhéanamh ar líon na vótálaithe a chaitheann vóta agus tuiscint níos fearr a fháil ar mhéid an neamhchlárúcháin.
Leagtar amach i bpríomh-mholtaí na Tuarascála an gá atá le:
- iniúchtaí cruinnis ar gach clár,
- feachtas feasachta náisiúnta dírithe ar chlárú cruinn vótálaithe,
- caighdeáin chruinnis a shocrú,
- méadú ar acmhainní le haghaidh feidhmeanna clár toghthóirí na n-údarás áitiúil, agus
- tosaíocht mhéadaithe do na cláir agus do phleananna ilbhliantúla in údaráis áitiúla.
Is é atá sa chéad Tuarascáil Formhaoirseachta seo ar Chláir na dToghthóirí ná measúnú an Choimisiún Toghcháin ar stádas reatha chruinneas agus iomláine chláir na dtoghthóirí, agus ar an gcaoi a ndéanann 31 údarás áitiúil na hÉireann iad a bhainistiú agus a chothabháil. Tá an forléargas bunaithe ar shonraí a thug na húdaráis áitiúla, agus léirítear difríochtaí móra eatarthu. Leagtar amach ann an suíomh ar leibhéal náisiúnta agus áirítear ann sonraí tábhachtacha do gach clár toghthóirí, agus déantar measúnú ar gach údarás áitiúil i dtaobh cruinnis, iomláine, acmhainní agus gníomhaíochtaí a rinneadh chun an clár a fheabhsú. Déantar moltaí sa Tuarascáil do gach údarás áitiúil.
Aithníonn an Coimisiún an méid ollmhór oibre atá déanta ag foireann toghchórais na n-údarás áitiúil agus forálacha an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022 á gcur i bhfeidhm acu. Rinne sé sin foráil do chlárú ar líne ar fud na tíre; clár rollach; agus Córas Clárúcháin Toghcháin an Rialtais Áitiúil náisiúnta nua (“LGERS” – le teacht i bhfeidhm in 2026). Mar aon leis sin, bhí na foirne toghchórais ag bainistiú iarratas le linn bliain eisceachtúil le haghaidh imeachtaí toghcháin. Is é tuairim an Choimisiúin, mar a leagtar amach sa tuarascáil í, faoin leibhéal acmhainní “nach leor [é] ar chor ar bith chun dul i ngleic leis na cúraimí a theastaíonn”.
Cruinneas – Is ionann clár toghthóirí cruinn agus ceann nach bhfuil aon iontrálacha bréagacha, dúblacha ná míchearta air, ina bhfuil na sonraí ar fad d’iontráil cruinn agus nach gcláraítear gach duine ach uair amháin
Déantar measúnú aonair sa tuarascáil ar gach ceann den 31 clár toghthóirí bunaithe ar na hacmhainní atá tiomnaithe don fheidhm toghchórais, na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na cláir a fheabhsú agus trí úsáid a bhaint as ‘táscairí cruinnis’ – uimhreacha PSP, dátaí breithe agus Éirchóid. Tá difríochtaí forleathana idir údaráis áitiúla.
Úsáideann údaráis áitiúla na táscairí cruinnis atá sainaitheanta ag an gCoimisiún chun céannacht duine a fhíorú agus chun iontrálacha dúblacha agus nach bhfuil feidhm leo níos mó a aithint, agus feabhsaíonn baint na n-iontrálacha sin cruinneas na gclár. Tá comhchoibhneas soiléir idir leibhéil ísle de tháscairí cruinnis agus rátaí clárúcháin a bhfuil cuma ard orthu, a chinntear trí bhreathnú ar líon na ndaoine atá incháilithe chun vótáil i dtoghcháin áitiúla (a bhfuil an incháilitheacht is leithne acu) i gcomparáid leis an daonra atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn (bunaithe ar mheastacháin na Príomh-Oifige Staidrimh).
- Bunaithe ar na sonraí a tuairiscíodh, tá níos mó daoine ar chlár toghthóirí áitiúil 11 údarás áitiúla ná daonra iomlán na gceantar sin atá incháilithe le bheith ar an gclár.
- Tá táscairí cruinnis faoi bhun an mheáin ag gach ceann den 11 údarás áitiúla sin. Tá na cinn is ísle sa tír ag 8 gcinn acu. Is iad sin Sligeach, Dún na nGall, Contae na Gaillimhe, Contae Chorcaí, Ceatharlach, an Cabhán agus Maigh Eo.
Bainistíocht ar Chláir na dToghthóirí
- Ó fhaisnéis a chuir na húdaráis áitiúla ar fáil, tá leibhéil éagsúla tosaíochta agus acmhainní ar fáil do chláir na dtoghthóirí ar fud an 31 údarás áitiúil, agus fiú idir údaráis áitiúla atá mórán mar an gcéanna ó thaobh méide de. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag roinnt údaráis áitiúla chun cláir na dtoghthóirí dá gcuid a fheabhsú. Ach ní hamhlaidh an cás dá bhformhór.
- Tugadh isteach nuachóiriú suntasach ar an gcóras agus na próisis clárúcháin toghcháin faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, rud a d’athraigh conas agus cathain is féidir le daoine clárú, agus a d’athraigh an cineál oibre a dhéanann foirne toghchórais na n-údarás áitiúil. Mar sin féin, ní cosúil go ndearnadh aon athbhreithniú ar na hacmhainní a bhí riachtanach chun freastal i gceart ar na riachtanais athraitheacha sin.
Iomláine – Is clár iomlán é ceann ina bhfuil siad siúd ar toghthóirí incháilithe iad cláraithe ar gach clár toghthóirí.
- Ní bheidh sé indéanta meastachán a dhéanamh ar iomláine go dtí go ndéanfar an cheist maidir le cruinneas a réiteach.
Ag labhairt dó faoin bhfoilseachán, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Tá cruinneas agus iomláine chláir na dtoghthóirí, chomh maith leis an gcaoi a ndéantar iad a bhainistiú agus a chothabháil, ina gcuid bhunúsach de phróiseas daonlathach na hÉireann.
“Teastaíonn acmhainní agus tosaíocht mhéadaithe ó údaráis áitiúla san fhadtéarma do cheist na cruinneas chun a chinntiú go bhfeabhsófar bainistiú ár gclár toghthóirí.
“Tá na cláir toghthóirí is láidre agus is cruinne is féidir tuillte ag lucht vótála na hÉireann.”
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirtíochta Poiblí,
An Coimisiún Toghcháin,
Brian.dawson@electoralcommission.ie / 086 0749344
Nóta d’Eagarthóirí:
Maoirseacht ar Chlár na dToghthóirí
Tá ról reachtúil maoirseachta ag an gCoimisiún Toghcháin ar stádas, feidhmiú, iomláine agus cruinneas na gclár. Féadfaidh sé taighde a dhéanamh, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos freisin.
Cuireann an Coimisiún Toghcháin an tuarascáil seo i láthair i bhfeidhmiú a chumhachtaí reachtúla faoi alt 64 agus alt 69 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun tacú le hiomláine, cruinneas agus cothabháil chláir na dtoghthóirí a fheabhsú agus moltaí a dhéanamh ina leith.

An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.