Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

4 Samhain 2024 – Sheol an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, uirlis nua ar líne inniu do vótálaithe chun a ndáilcheantar a aimsiú don olltoghchán atá le teacht.

Tá an léarscáil ar líne ar fáil ag www.electoralcommission.ie/ga/cen-dailcheantar-ina-gconaim/ agus níl le déanamh ag a lucht úsáide ach a nÉirchód nó a seoladh a chur isteach le go gcuirfear ar an eolas iad maidir le cé acu den 43 dáilcheantar ina gcónaíonn siad, agus cé mhéad Teachtaí Dála a thoghfaidh siad chuig an 34ú Dáil in Olltoghchán na bliana seo.

Sa toghchán seo, beidh breis agus 400,000 duine a chónaíonn i ndáilcheantair atá difriúil le hOlltoghchán 2020 mar thoradh ar theorainneacha Athbhreithniú Toghcheantar 2023 a ghlac an tOireachtas.

Chonacthas borradh faoi líon na ndaoine nua a cuireadh le clár na dtoghthóirí i mbliana freisin, agus breis agus 250,000 duine curtha leis an gclár idir mí na Nollag 2023 agus mí an Mheithimh 2024.

Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:

“Cé go mbíonn a fhios láithreach ag daoine a bhfuil spéis mhór acu i bpolaitíocht toghchánaíochta cén dáilcheantar ina gcónaíonn siad, i gcás fhormhór na ndaoine ní rud é atá mar chuid den ghnáthshaol go dtí go dtagann toghchán.

“Is uirlis shimplí í seo a ligeann duit d’Éirchód nó do sheoladh a chlóscríobh agus a fháil amach láithreach cén dáilcheantar ina gcónaíonn tú agus cé mhéad Teachtaí Dála a mbeidh tú ag vótáil dóibh.”

I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.

– CRÍOCH –

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá an uirlis ‘Cén dáilcheantar ina gcónaím’ ar fáil ar:

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.