An tAm ag Imeacht le Clárú le Vótáil
Spriocdháta Clárúcháin an 12 Samhain do Vótálaithe agus Dé Domhnaigh, 10 Samhain, do Phostvótálaithe
7 Samhain 2024 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag éileamh go práinneach ar dhaoine an clár a sheiceáil lena chinntiú go bhfuil siad cláraithe chun vótáil san Olltoghchán atá le teacht, agus go bhfuil a gcuid sonraí ceart.
Tar éis deimhniú ón Taoiseach go mbeidh lá na vótála Dé hAoine, 29 Samhain, beidh spriocdhátaí reachtúla i bhfeidhm, a luaithe a ghlaofar an toghchán, do dhaoine ar mian leo vótáil san Olltoghchán.
Caithfidh gach duine atá incháilithe agus ar mian leo vóta a chaitheamh a bheith ar chlár na dtoghthóirí. Is é Dé Máirt, 12 Samhain an spriocdháta chun clárú le vótáil, mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, nó chun do shonraí a nuashonrú más gá. Moltar do gach duine an clár a sheiceáil anois.
Tá an tréimhse chun clárú le haghaidh postvótála agus vótáil speisialta gearr, agus gan ach 2 lá i gceist tar éis an toghchán a ghairm, mar sin ní mór dóibh siúd atá incháilithe gníomhú go sciobtha roimh an spriocdháta dóchúil Dé Domhnaigh, 10 Samhain.
Is é 2024 an bhliain toghcháin is mó riamh sa stair agus deis ag leath de dhaonra an domhain vóta a chaitheamh i 72 tír. In Éirinn, caitheadh os cionn 6.7m vóta ar leith i reifrinn agus toghcháin náisiúnta go dtí seo.
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Is iad an 174 Teachta Dála a thoghfaimid don 34ú Dáil Dé hAoine, 29 Samhain a chinnfidh ar ár son cé na dlíthe a rithfear, a athrófar nó a bhainfear. Arís agus arís eile i dtoghcháin na hÉireann, chonaiceamar luach gach vóta beo, mar sin ná caill amach air agus déan cinnte go bhfuil tú cláraithe le vótáil.
“Is é an feachtas toghcháin an t-am chun comhráite a bheith agat le do mhuintir agus le do chairde faoin toghchán, bíodh sé ag an mbord bricfeasta leis an teaghlach, agus tú ag ól deoch nó dhó le cairde, nó i do chomhráite grúpa chun do vóta a chinneadh, ach mura bhfuil tú cláraithe faoi Dé Máirt, 12 Samhain caillfidh tú do dheis do thuairim a chur in iúl.
“Tógann sé níos lú ná trí nóiméad chun clárú ar voter.ie le d’Éirchód agus d’Uimhir PSP – is é do vóta do ghuth.”
I measc fheidhmeanna an Choimisiúin Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tá de dhualgas air feasacht a mhéadú ar thoghcháin na hÉireann agus líon na ndaoine a chaitheann vóta a mhéadú trí fheachtais oideachais agus eolais.
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá tuilleadh eolais faoi chlárú le vótáil, lena n-áirítear clárú le haghaidh postvótála agus vótáil speisialta, tabhair cuairt ar https://www.electoralcommission.ie/ga/seiceail-an-clar-2/
Cé atá in ann vóta a chaitheamh in olltoghchán?
Is féidir leat vóta a chaitheamh in olltoghchán má tá tú:
- I do shaoránach Éireannach nó Briotanach
- I do chónaí in Éirinn
- 18 mbliana d’aois nó níos sine ar lá an toghcháin
- Cláraithe le vóta a chaitheamh
Postvótáil:
Cuirtear postvótáil ar fáil le haghaidh catagóirí áirithe daoine mar a shonraítear sa dlí toghcháin.
Áirítear ina measc siúd:
– Comhaltaí den Gharda Síochána
– Comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann
– Taidhleoirí Éireannacha atá ag fónamh thar lear agus a gcéilí/bpáirtithe
– Iad siúd nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ag a stáisiún vótála áitiúil mar gheall ar thinneas nó míchumas
– Toghthóirí gur dócha nach mbeidís in ann vóta a chaitheamh i láthair go pearsanta ar lá na vótála mar gheall ar a ngairm, a seirbhís nó a bhfostaíocht
– Mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile ach atá ina gcónaí in áit eile fad is atá siad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát
– Toghthóirí anaithnide nó baill de theaghlach an duine a mbeadh a sábháilteacht i mbaol dá bhfoilseofaí a n-ainm agus a seoladh ar chlár na dtoghthóirí
– Príosúnaigh
Tá na foirmeacha ábhartha chun iarratas a dhéanamh ar phostvótáil ar fáil ó Voter.ie nó ó d’údarás áitiúil. Féach ar liosta teagmhála na nÚdarás Áitiúil.
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú;
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill); agus
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill).
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil;
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas;
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin;
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.