Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) ó thoghcháin an Mheithimh ag tabhairt léargas luachmhar ar lucht vótála agus daonlathas na hÉireann
31 Iúil 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) na sonraí is deireanaí inniu a bailíodh mar chuid de Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais nua na hÉireann.
Torthaí iad sin ó dhá shuirbhé a rinneadh tráth thoghcháin an 7 Meitheamh: suirbhé ar líne tar éis an toghcháin ar bheagán le cois 3,000 vótálaí sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha agus suirbhé duine le duine ar bheagnach 900 vótálaí i dtoghchán Mhéara Luimnigh.
Tá dhá ghné ar leith ag baint le NEDS. Díríonn an chéad ghné ar cheisteanna leathana a bhaineann le caighdeán agus feidhmiú dhaonlathas na hÉireann agus béim faoi leith ar réimsí atá ábhartha do shainchúram an Choimisiúin Toghcháin. Ina measc sin tá ceisteanna faoi thaithí vótálaithe ar vótáil agus clárú, leibhéil na spéise sa pholaitíocht agus an eolais faoin bpolaitíocht, agus na foinsí faisnéise a úsáideann an lucht vótála. Bainfear úsáid as na sonraí sin chun feidhmíocht an Choimisiúin a thagarmharcáil agus chun a thionscnaimh amach anseo a threorú.
Bhí béim ar leith ar vótálaithe faoi mhíchumas sa suirbhé ar líne de réir ról reachtúil an Choimisiúin imeachtaí toghcháin a athbhreithniú agus tuairisciú orthu i dtaobh cúrsaí míchumais.
I measc cuid de na príomhthorthaí a bhaineann le taithí na bhfreagróirí ar an vótáil, bhí:
- Dúirt 98% de na vótálaithe sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha go raibh an t-eispéireas vótála an-éasca nó sách éasca. Bhí 94% muiníneach gur thuig siad na páipéir bhallóide agus an chaoi le vóta a chaitheamh. Chreid mórán an mhéid chéanna (95%) díobh siúd a d’fhreagair suirbhé Luimnigh go raibh na páipéir bhallóide éasca le tuiscint.
- I gcás 23% díobh siúd a d’fhreagair an suirbhé ar líne a chónaíonn faoi mhíchumas, agus nár chaith vóta, luaigh siad a míchumas nó a dtinneas mar an chúis nár chaith siad vóta.
- D’aontaigh 32% de na freagróirí ar líne go raibh tionchar ag fad an pháipéir ballóide ar an gcaoi ar vótáil siad, agus mhéadaigh sé sin go 38% ina gcás daoine a thuairiscigh míchumas. Bhí seans níos mó go raibh mearbhall faoi na páipéir bhallóide dhifriúla orthu siúd a thuairiscigh riocht nó míchumas meabhrach nó fisiciúil (20%) le hais daoine nár thuairiscigh aon mhíchumas (12%). Ina measc siúd a d’fhreagair an suirbhé i Luimneach a thuairiscigh go raibh deacracht acu na páipéir bhallóide a thuiscint, ba iad fad (61%) agus líon (60%) na bpáipéar ballóide a chruthaigh na dúshláin ba mhó.
- Chreid 92% de na vótálaithe a d’fhreagair an suirbhé i Luimneach go ndéantar dea-bhainistiú ar thoghcháin na hÉireann, agus níor chreid ach 5% nach ndéantar. Bhí sé sin níos airde ná na freagróirí ar líne, mar ar aontaigh 78% go ndéantar dea-bhainistiú ar thoghcháin na hÉireann agus gur easaontaigh 12% leis an méid sin.
- I measc na vótálaithe sa suirbhé ar líne a chláraigh le deireanaí, spreag na fógraí ar na meáin shóisialta, ar an teilifís nó ar an raidió 29% díobh le clárú le vótáil, rud a bhí mar fhócas ag an gCoimisiún Toghcháin roimh na toghcháin. Cheap 98% go raibh an próiseas clárúcháin an-éasca nó sách éasca, agus bhí figiúr sách gar dó sin, 95%, i gceist leo siúd a bhí sásta leis an bpróiseas clárúcháin i Luimneach.
- Dúirt 12% de na vótálaithe a d’fhreagair an suirbhé ar líne nach bhfuair siad an cúnamh a theastaigh uathu ó fhoireann an ionaid vótála. Bhí leibhéal sásaimh níos airde i measc lucht vótála Luimnigh, áit a raibh 94% de na vótálaithe ar theastaigh cúnamh uathu i Luimneach sásta leis an gcúnamh a fuair siad i gcomparáid le 6% a bhí míshásta leis.
- I dtaobh eolas ar an bpróiseas vótála, bhí sé sin ard i réimsí éagsúla, le 81% de na vótálaithe ar an eolas nach gcomhairtear páipéir bhallóide a scríobhtar teachtaireachtaí nó téacs orthu, mar shampla. Ach chreid 38% de na freagróirí ar líne go dteastaíonn cártaí vótaíochta chun vóta a chaitheamh, rud nach bhfuil fíor, agus cheap an ceathrú cuid beagnach go gcaithfear na pinn luaidhe sna stáisiúin vótála a úsáid chun vótáil, rud a léiríonn go dteastaíonn níos mó cumarsáide agus oideachais do vótálaithe sna réimsí sin.
- Ní raibh a fhios ag an tríú cuid den lucht vótála (33%) gur féidir le daoine atá 16 agus 17 mbliana d’aois réamhchlárú ionas go mbeidh siad cláraithe le vóta a chaitheamh go huathoibríoch nuair a shlánaíonn siad 18 mbliana d’aois.
Ag fáiltiú dó roimh na sonraí sin, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Léiríonn na sonraí a foilsíodh inniu arís luach Staidéar Náisiúnta Toghcháin agus Daonlathais an Choimisiúin Toghcháin, suirbhé fadaimseartha a thabharfaidh pictiúr saibhir agus cruinn den lucht vótála agus de thaithí na vótálaithe sna blianta amach romhainn. Gabhfaidh torthaí na suirbhéanna sin forbairtí ar smaointeoireacht an phobail faoin daonlathas le himeacht aimsire agus cuirfidh sé go mór leis an díospóireacht faoi athchóirithe eile ar thoghcháin sa tír seo.
“Cé go bhfuil sé dearfach a fheiceáil go bhfuil leibhéil na hiontaoibhe as toghcháin na hÉireann fós láidir, agus go gcuireann ár bhfeachtais cumarsáide féin le daoine a chláraíonn le vótáil, tugtar roinnt bearnaí suntasacha le fios sa taighde seo ar oideachas agus feasacht ar an vótáil agus toghcháin, rud a chabhróidh le bonn eolais a chur faoinár gcuid oibre mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann chun rannpháirteachas inár ndaonlathas a fheabhsú agus cur leis.”
Bhí ceisteanna sa dara cuid de NEDS a mbíonn an lucht acadúil i Staidéar Toghcháin idirnáisiúnta ar fud na cruinne ag díriú go mór orthu; is é sin ar úsáid daoine a vóta agus cén chaoi ar úsáid siad é, céard a spreag a roghanna vótála, sásamh as an rialtas, meonta polaitiúla agus na cúinsí a théann i bhfeidhm orthu sin.
Roghnaigh comhaltaí acadúla Bhord Bainistíochta NEDS na ceisteanna sa chuid sin den staidéar, agus tá siad á gcur ar fáil don phobal ionas go mbeidh lucht acadúil in ann taighde agus anailís a dhéanamh orthu, chomh maith le páirtithe leasmhara eile ar nós na meán, páirtithe polaitíochta, polaiteoirí agus an phobail níos leithne. Trí shonraí a chur i dtoll a chéile sna réimsí sin, tá Éire in ann a bheith ina cuid de thaighde comparáideach ar chórais pholaitiúla agus toghcháin agus ar an daonlathas.
Tá na sonraí mionsonracha le fáil ar shuíomh gréasáin ar leith, www.neds.ie
– CRÍOCH –
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
Nóta d’Eagarthóirí:
- Foilsíodh na sonraí agus tá teacht orthu ar www.neds.ie.
Bailíodh iad trí dhá shuirbhé ar leith:
- Pobalbhreith ar líne a rinne Red C ar 3,045 freagróir, tráth a raibh an obair allamuigh ar siúl ón 8–15 Meitheamh 2024.
- Suirbhé ar vótálaithe ar 894 vótálaí a rinne Ipsos B&A taobh amuigh de 52 stáisiún vótála i Luimneach ar an 7 Meitheamh.
- Tá tuilleadh sonraí faoin modheolaíocht sa phaca sleamhnán ar www.neds.ie. Tá na sonraí loma agus na códleabhair á réiteach lena bhfoilsiú faoi láthair, agus foilseofar iad ar www.neds.ie nuair atá an próiseas sin curtha i gcrích.
- Is príomhthionscnamh é NEDS faoi Shnáithe A de Chlár Taighde 2024–2026 de chuid an Choimisiúin Toghcháin a foilsíodh le deireanaí.
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.