Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

24 Aibreán 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, Creat inniu maidir le Faisnéis faoi Phróisis Thoghchánacha, Fógraíocht Pholaitiúil agus Inneachar Meabhlach IS Ar Líne (‘an Creat’) roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, na n-údarás áitiúil agus mhéara Luimnigh ar an 7 Meitheamh.

Chuir an Coimisiún Toghcháin chuige é sin a dhéanamh agus aitheantas á thabhairt aige go bhfuil an tírdhreach ar líne sa lá atá inniu ann go hiomlán difriúil leis an saol mar a bhí i rith thoghcháin na hEorpa agus na dToghchán Áitiúil in 2019. Tagann an Creat mar fhreagra ar imní agus fianaise ó raon comhlachtaí agus gníomhaithe idirnáisiúnta lena n-áirítear an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, International IDEA agus Faireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha maidir leis an bhféidearthacht go gcuirfeadh faisnéis bhréagach, úsáid mheabhlach na hintleachta saorga agus gníomhaíocht eile ar líne isteach ar shláine próiseas toghcháin agus go mbainfidís an bonn de luachanna agus prionsabail dhaonlathacha.

Tá an Creat ábhartha d’ardáin ar líne agus d’innill chuardaigh chomh maith le páirtithe polaitíochta cláraithe agus iarrthóirí toghcháin na hÉireann.  Agus an Creat á ullmhú, tugadh aird ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht réasúnta a chinntiú idir cearta bunúsacha amhail cosaint na saoirse cainte agus tuairimí, agus an ceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí agus an gá atá ann an daonlathas agus sláine toghcháin a chosaint.

Fáiltíonn an Coimisiún roimh thacaíocht Theicneolaíocht Éireann don chreat deonach seo agus scríobh sé chuig na páirtithe polaitíochta cláraithe ar fad inniu chomh maith leis na grúpaí parlaiminte neamhspleácha ag iarraidh orthu tacú go poiblí leis an gCreat agus ag iarraidh ar iarrthóirí i dtoghcháin mhí an Mheithimh cloí lena phrionsabail go saorálach.

CRÍOCH

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail, 

An Coimisiún Toghcháin,

086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie 

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá téacs iomlán an Chreata ar fáil ar an nasc seo a leanas:

Framework on Online Electoral Process Information, Political Advertising and Deceptive AI Content

1. Is creat saorálach é seo agus tá sé ceaptha cur le tionscnaimh AE agus idirnáisiúnta atá in úsáid faoi láthair, ina measc Cód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis, Comhaontú Toghchán IS agus Treoirlínte Choimisiún an Aontais Eorpaigh maidir le Rioscaí Córasacha le haghaidh Próisis Thoghchánacha a Mhaolú.

2.  Foráiltear san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 go bhfuil cumhachtaí ag an gCoimisiún Toghcháin i dtaobh fógraíocht pholaitiúil ar líne agus monatóireacht agus imscrúdú ar bhréagfhaisnéis ar líne i rith thréimhsí feachtasaíochta na dtoghchán. Ach níl na codanna sin den reachtaíocht tagtha i bhfeidhm go fóill.

An Coimisiún Toghcháin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:

  • na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
  • tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
  • freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
  • tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil. 

Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
  • maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
  • fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
  • tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.

Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.