Caith le gach lá mar Lá na nAmadán agus tú ag aimsiú faisnéise faoi thoghcháin mhí an Mheithimh
1 Aibreán 2024 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ag moladh do dhaoine an smaointeoireacht chriticiúil chéanna a úsáideann siad chun cleasa Lá na nAmadán a sheachaint inniu a úsáid chun dul i ngleic le faisnéis bhréagach faoi na toghcháin a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh.
Chruthaigh an Coimisiún Toghcháin, mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, trí fhíseán atá 30 soicind ar fad do na meáin shóisialta, ag cur fainic ar dhaoine caithfidh le gach lá mar Lá na nAmadán. Taispeántar ceannlínte sna físeáin do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith fíor nó bréagach.
- Sea Swimming Levy to be Charged
- Plans to Cap Price of Temple Bar Pints at €13
- All Ireland Football Final to be Played in New York
Dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin:
“Bíonn lá ann gach bliain nuair a bhíonn gach duine againn amhrasach faoi na ceannlínte agus nuair nach gcreidimid gach rud a chloisimid agus a léimid – agus is é sin inniu, Lá na nAmadán.
“Chun dul i ngleic le faisnéis bhréagach le linn feachtais toghcháin ní mór dúinn caithfidh le gach lá amhail is dá mba é an 1 Aibreán é agus ceist a chur faoina bhfeicimid, a gcloisimid agus a léimid, go háirithe ar líne.
“Táimid ag iarraidh ar dhaoine, bíodh sé inniu ar Lá na nAmadán nó aon lá thart ar na toghcháin, nuair a bhíonn rud éigin á rá leat, fiafraigh díot féin, cé atá á insint seo dom; cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil sé fíor, agus an bhfuil aon fhoinsí iontaofa eile ann?”
Tá an Coimisiún ag ullmhú do thoghcháin Áitiúla, Eorpacha agus Mhéara Luimnigh i mí an Mheithimh agus dá fheachtas faisnéise neamhspleách don Reifreann atá beartaithe ar Chúirt Aontaithe na bPaitinní a thionólfar ar an dáta céanna.
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin,
086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie
– CRÍOCH –
Nóta d’Eagarthóirí:
An Coimisiún Toghcháin
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Tá an Coimisiún lárnach do chóras toghcháin na hÉireann, agus tugann sé faoi raon feidhmeanna toghcháin atá ann cheana féin, ina measc:
- na seirbhísí cinnteoireachta, maoirseachta, rúnaíochta agus tacaíochta a bhaineann le hábhar na dtograí reifrinn a mhíniú, cur chun cinn fheasacht an phobail ar reifrinn agus spreagadh na dtoghthóirí chun vóta a chaitheamh ar reifrinn; agus
- tabhairt faoi athbhreithnithe agus tuarascálacha a chur i dtoll a chéile faoi thoghcheantair le haghaidh comhaltaí a thoghadh don Dáil agus comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa.
- freagracht as páirtithe polaitíochta a chlárú.
- tuarascálacha a chur i dtoll a chéile don Aire maidir le teorainneacha toghcháin áitiúil.
Leagtar cúraimí ar an gCoimisiún freisin i dtaobh róil nua toghcháin éagsúla, ina measc:
- cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
- feasacht an phobail ar phróisis toghcháin agus dhaonlathacha an Stáit a chur chun cinn, agus oibriú chun rannpháirtíocht an phobail iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus eolais;
- maoirseacht a dhéanamh ar Chlár nuachóirithe na dToghthóirí, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan maidir le cothabháil agus nuashonrú;
- fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar aisti a rialú, ag cinntiú trédhearcachta maidir le fógraí polaitiúla ar líne i rith tréimhse feachtais toghcháin nó reifrinn; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- freagracht as imscrúdú agus monatóireacht ar bhréagaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne i rith tréimhsí feachtais toghcháin, chomh maith le feidhmeanna chun iompraíocht ionramhálach nó bhréagach ar líne a sheachaint; (Níor cuireadh tús leis an reachtaíocht go fóill)
- tuarascálacha ex post a ullmhú ar riar imeachtaí toghcháin.
Meastar go leathnófar an tsraith feidhmeanna a leagadh ar an gCoimisiún ar dtús de réir mar a fhorbraíonn sé a chuid acmhainní agus saineolais.