Toghcháin Mhéara Luimnigh Socraithe do Mhí an Mheithimh
7 Márta 2024 – Tá fáilte curtha ag coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, an Coimisiún Toghcháin, roimh shíniú an Bhille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023, ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn.
Foráiltear sa dlí do bhunú oifige méara do Chathair agus Contae Luimnigh agus do thoghchán chun Méara Luimnigh a roghnú.
Tá sé beartaithe go reáchtálfar an toghchán don chéad Mhéara tofa riamh in Éirinn go luath i mí an Mheithimh in éineacht leis na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha.
Dúirt an Breitheamh Marie Baker, Cathaoirleach an Choimisiúin Toghcháin:
“Leis an reachtaíocht sínithe ag an Uachtarán anois, beidh an chéad toghchán riamh do Mhéara i Luimneach agus in Éirinn ar siúl go luath i mí an Mheithimh. Déanfaidh an Coimisiún Toghcháin, inár ról mar choimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, ár gcion féin chun a chinntiú go bhfuil daoine ar an eolas agus feasach faoi Thoghchán Méara mhí an Mheithimh.
“Tá sé in am anois do mhuintir Luimnigh clárú ionas gur féidir libh vótáil sa toghchán stairiúil seo don chéad Mhéara tofa riamh in Éirinn.”
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:
Brian Dawson, an Bainisteoir Cumarsáide agus Rannpháirteachas an Phobail,
An Coimisiún Toghcháin, 086 0749344 Brian.dawson@electoralcommission.ie